Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamart neglect
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
neamart neglect
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Aonad na Gaeilge mar gur aithin BBC Thuaisceart Éireann go raibh neamart déanta acu i bpobal na Gaeilge agus go raibh sé thar am acu toiseacht ag freastal orthu.
neamart neglect
" "Rinneadh leithcheal agus neamart i dTír Chonaill agus rinneadh leithcheal agus neamart i dToraigh.
neamart neglect
" Tuigeadh dó an neamart a bhí déanta aige san fhidil nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois agus é ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i gContae an Chláir.
toradh an neamairt sin the results of that neglect
" Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.
ag déanamh neamairt iontu neglecting them
" D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.
neamart neglect
" Níl go leor déanta aige ina phost úr le tionsclóirí nua fiontraíochta a mhealladh agus le hardchaighdeán fostaíochta a thabhairt go ceantair áirithe a bhfuil neamart déanta ag an Tíogar Ceilteach iontu.
neamart neglect
" Is é a bheas ar liosta mianta na bpáirtithe nuair a bhuailfidh siad le chéile ná airgead a chuirfidh feabhas ar an infrastruchtúr, a ndearnadh neamart ann le linn bhlianta na dTrioblóidí.
neamart neglect
" Is iomaí duine nach n-éiríonn leo dhá thrá a fhreastal achdealraíonn sé gur bean í Justine McCarthy ar féidir léi slí bheatharathúil a bhaint amach gan neamart a dhéanamh ina saol pearsanta násna daoine ar luachmhar léi iad.
neamart neglect
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
neamart iomlán total neglect
" Creideann an dream seo gurb éard atá freagrach as míchumaí breithe agus as na tinnis éagsúla eile atá i gceist sna réigiúin seo ná oidhreacht lofa APSS, córas polaitiúil a rinne neamart iomlán i réimse na sláinte.
Neamart negligence
" An Neamart Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair.
neamairt mistake
" Ní leor an féinmhilleadh dá haithrí, tá ar a fear fulaingt léi de bharr a ról siúd ina neamairt.
neamart mistake, forgot
" Aisteach le rá, cé go raibh ceiliúradh mór san Astráil thall sa bhliain 1942, rinneadh neamart ar an gcath agus ar shárobair na n-aingeal tar éis an chogaidh.
neamart mistake
" ” Lean an Dochartach air agus dúirt go neamhbhalbh go raibh neamart á dhéanamh ar an nGaeltacht sa mholadh go ndéanfaí Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údarás na Gaeilge.
déanadh neamart were forgotten
" Cáineann Fianna Fáil an NRB, ag rá go bhfuil dualgas ar an stát teacht i gcuidiú ar thógálaithe a rinne a gcion ar son an Tíogair Cheiltigh agus a chuaigh san fhiontar le postanna a chruthú i gceantair ar déanadh neamart daofa.
lucht a neamairt the gang who forgot about it
" Tharla sé san am sin fadó sular thosaigh Aontachtóirí na Sé Chontae ag foghlaim na Gaeilge agus ag náiriú lucht a neamairt ó dheas agus lucht a beagaithe ó thuaidh.
neamart mistake
" An Chith a d’Fhliuch gach Roinn Stáit ================ Tharla neamart na nGardaí i gceantair ar nós Ghaoth Dobhair ag am nuair atá an teanga faoi bhrú leanúnach sa Ghaeltacht.
neamart a dhéanamh overlook
" Is féidir, le barr míchéadfa, neamart a dhéanamh agus ba cheart láiche an lucht tacaíochta a mholadh go hard nuair is tábhachtaí an tréith áirithe sin ná a lán eile a dhéanaimid sa saol.
neamart a dhéanamh make a mistake
" Ní thig, áfach, neamart a dhéanamh den mhír is conspóidí atá sa Bhunreacht.
don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu to the mistake(s) which arise easily and a plenty as a result
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
ndéanfaí neamart de chearta rights would be forgotten
" Ach d'fhéadfadh comhrialtas den chineál seo a bheith thar a bheith contúirteach, dar liom, sa mhéid is go mbeadh móramh ollmhór (150 suíochán, b’fhéidir) acu agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí neamart de chearta éinne a bheadh ar malairt tuairime leo mar thoradh.
ndéantar neamart iomlán d'aon ní a scríobhadh i nGaeilge anything written in Irish is overlooked entirely
" Is iondúil mar thoradh ar sin go ndéantar neamart iomlán d'aon ní a scríobhadh i nGaeilge, cuma cé chomh tábhachtach is atá sé.
ba mháthair don neamairt seo were the cause of this neglect
" Dar fia, is ait an dream sinn, gan aon agó! Cúinsí staire ba mháthair don neamairt seo ar feadh i bhfad is dócha.
mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith as a reference to the serious mistake levelled at
" D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
tá neamart á dhéanamh ar not attention is being paid to
" Is mairg é ar ndóigh, mar tá neamart á dhéanamh ar na ceisteanna atá ag mná, 51% den daonra.
déantar neamart no attention is paid to
" Bíonn muid díograiseach go maith ag éileamh go mbainfeadh polaiteoirí a gcuid postaeir bholscaireachta anuas seachtain i ndiaidh na dtoghchán, ach déantar neamart den iliomad fógra eile atá ag truailliú na timpeallachta le fada an lá.
neamart disregard
" Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.
Neamart an pholaiteora political inaction
" Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.