Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamh-chomhoiriúnacht incompatibility
" Tharla an fhadhb seo de bharr neamh-chomhoiriúnacht na ngléasanna éagsúla.
na hoibrithe neamh- nó leathoilte the non- or semi-skilled workers
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
neamh-pharlaiminteach un-parliamentary
" B'éigean don Cheann Comhairle, Michael Martin, foláireamh a thabhairt do na feisirí roimh an díospóireacht faoi "theanga neamh-pharlaiminteach" ach dá ainneoin sin bhí sé racánach agus callánach agus bhí sé deacair don Uasal Martin smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí.
chéimeanna Neimhe the steps of Heaven
" Seasann sé ag doras an charráiste - ar chéimeanna Neimhe nó ag geataí Ifrinn, ba dhóigh leat.
neamh-infheidhme not fit for service
" 'Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.
neamh-amhrasach unsuspecting
" 'Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.
neamh-araíonach unrestrained
" Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.
neamh-aireach careless, heedless
" Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.
neamh-mhealltach untempting
" Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.
neamh-mhíleata non-military
" Ar an gcéad dul síos, tá an rúidbhealach in Aerfort na Sionainne ar an rúidbhealach neamh-mhíleata is faide san Eoraip, é dhá mhíle ar fhad.
neamh-airdiúil careless
" Cheapfadh duine neamh-airdiúil go raibh sí ar nós cuma liom agus nach raibh sí i ndíth ceana nádúrtha agus comhbhróin, a bhí a fhios agamsa níb fhearr.
tuistí neamh-Éireannacha non-Irish parents
" Deir Uachtarán an Choimisiúin go dtacóidh an Coimisiún freisin i gcás cúirte le leithéidí Mr Jamie Sinnott a bhí ag éileamh cearta oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, nó le tuistí neamh-Éireannacha ar rugadh a bpáistí sa stát seo.
neamh beag small niggly person
" "Scrios lom," ar sí agus thóg sí an guthán le hiarracht a dhéanamh an coinne a athrú, ach bhí neamh beag d'fháilteoir ag an fhiaclóir agus dúirt sí nach bhfaigheadh sí coinne go deireadh mhí Eanáir, mura nglacfadh sí an ceann seo.
ngluaisteán neamh-mharcáilte unmarked car
" De réir an chomhaid seo, ar oíche an dúnmharaithe chonaic fear a raibh cónaí air sna Sé Chontae, gar don teorainn, triúr fear ag léim isteach i ngluaisteán neamh-mharcáilte de chuid an RUC.
teanga na n-aingeal ar neamh the language of the angels in heaven
" Bhíodh siad ag rá, ‘Is í an Ghaeilge teanga na n-aingeal ar neamh.
íospartaigh “neamh-chiontachta” 'innocent' victims
" Is dream iad FAIR (*sic*) a chreideann go bhfuil íospartaigh “neamh-chiontachta” ann, i.
neamh-inghlactha unacceptable
" Réasúnta go leor ======= Ní fhéadfaí a rá dar liom go bhfuil formhór na n-éileamh thuasluaite míréasúnta nó neamh-inghlactha.
neamh-mhaoinithe non-funded
" Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá? Tá oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile.
do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe for non-funded primary schools
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
neamh-ranníocach non-contributory
" Deirtear go n-ardófar an pinsean neamh-ranníocach fosta, ó €182 go thart ar €195.
tréimhse neamh-chonspóideach an uncontroversial period
" Go raibh tréimhse neamh-chonspóideach anseo in Éirinn ag Trapattoni! Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
mar nathair neimhe ollmhór like a massive snake
" Cé mhéad duine, mar shampla, a chonaic sráid lán le daoine, ag breith ar lúidíní a chéile, ag damhsa mar nathair neimhe ollmhór ó bhun go barr na sráide? Nó cé mhéad dínn a bhfuil cur amach aige ar an mbanna Ar Re Youank nó Gwerz nó an t-amhránaí Yann Fanch Kemener? *** In Adam’s sa Daingean.
Neamh ar thalamh, heaven on earth
" Ach an bhfuil bunús ar bith le líomhaintí na Síneach? Neamh ar thalamh, nó *Shangri-La,* a bhí sa Tibéid roimh theacht na Síneach, dar le go leor daoine san Iarthar.
neamh heaven
" Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “*Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain*.
neamh-chomhionannas inscne gender inequality
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
neamh-athstruchtúrtha unchanged
" Is sóisialaí neamh-athstruchtúrtha é an Sasanach, saevo indignatio fós á thiomáint.
neamh heaven
" Paisean chomh maith, i dtaca le fuinneamh, crógacht agus pearsanacht mhór nár cheil sé ar a chairde ná ar a phobal.
neamh-mhuiníneach unreliable
" ” Ceacht amháin nár fhoghlaim sé, áfach, ná go raibh an ghnólacht shlándála a lig an Moslamach óg ón Nigéir gan chlóchead ar bhord an eitleáin neamh-mhuiníneach.
neamh-idirdhealaithe non-discrimination
" Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
neamh-chomhionannas inequality
" Díomá na hEite Clé === Níor éirigh go rómhaith leis an Lucht Oibre dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas, afách, atá níos measa sa Bhreatain ná mar atá in aon tír Eorpach eile.
Neamh ar Thalamh Heaven on Earth
" Tá ceacht an-simplí a mhúineadh don rialtas sa chás seo: ní féidir leat Neamh ar Thalamh a fheabhsú, ach is féidir leat dochar a dhéanamh dó.
neamh-infhiosaitheacht feminine mystery
" An Cur le Chéile, Úinéir Dánlainne agus Údar Meánaosta ============================ Níl éinne a dheineann neamh-infhiosaitheacht mná níos fearr ná Juliette Binoche.
na neamh-infhiosaitheachta ban of feminine mystique
" Bheul, nuair is neamhfhéidearthacht sa chaidrimh idir fir is mná is ábhar duit, cé eile a roghnófása chuige, ach bandia na neamh-infhiosaitheachta ban féinig! ’Sí an fhadhb atá le réiteach ag Kiarostami i gcónaí ná conas aestéiteacht a chruthú nuair is bealach an fhíorama, trí seatanna fada cainteacha, a rogha inste.
Níl a fhios agam ó Neamh go hÁrainn I don’t know for the world of me
" Níl a fhios agam ó Neamh go hÁrainn caide mar a thig leis a bheith chomh dearfach deimhneach faoi gach rud.
an neamh-mhothú seo this lack of feeling
" Cuireadh tús láithreach lena daoradh sna meáin, le tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh an neamh-mhothú seo mínádúrtha i máthair a bhí tar éis a leanbh a chailleadh - mura raibh baint aici leis.
do cheannaghaidh neamh-Áiseach your non-Asian aspect
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
leac neimhe sky rock
" Taispeánann Ghirlandaio saibhreas a phatrúin Tornabuoni tríd na meáin mórchostais, lapis lazuli nó leac neimhe, ór agus ruaim an chachtais a úsáideann sé i bhfreascó ’s aige Díbirt Joachim ón Teampall.
go neamh-choinfheasach unconsciously
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
beidh stór agat ar neamh you’ll have everything in heaven
" ” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.
ar thuras neamh-fhormálta on an informal visit
" Bhí Máire Mhic Róibín ar an chéad Uachtarán ar Éirinn a thug cuairt ar Shasana nuair a chuaigh sí anonn ar thuras neamh-fhormálta an bhliain sin.
neamh-Chriostaithe non-Christians
" Bhailigh Críostaithe, neamh-Chriostaithe chomh maith le turasóirí fiosracha faoi spéir scamallach i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar na mallaibh, le fianacht a thabhairt ar ócáid fíorshuntasach i stair na Eaglaise Caitlicí.
socruithe neamh-iniompartha unsustainable arrangements
" Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.
léiríonn an neamh-éifeacht the ineffectiveness .... demonstrates
" Ach léiríonn an neamh-éifeacht a bhaineann le freagra na dtíortha iartharach ar an ghéarchéim úd a laige is atá siad.
An Neamh Seo Chugainn the coming Heaven
" An Neamh Seo Chugainn =========== Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin.