Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhbhuan impermanent
" Ach céard tá i ndán do chumann ar nós Cumann Báire Caoimhín? Cen chaoi ar féidir le cumann feidhmiú i gceantar ina bhfuil bochtaineacht shoiléir agus fadhb mhór drugaí i measc daoine óga ar thaobh amháin agus pobal neamhbhuan, sealadach ar an taobh eile? Is cumann beag é, cumann gan chumhacht, a mheall isteach buachaillí a d'fhreastail ar scoileanna áirithe sa cheantar, chomh maith le corrfhear óg ó Chorcaigh nó Uíbh Fháilí a tháinig ag obair sa cheantar agus dúil san iománaíocht aige.
neamhbhuana temporary
" D'éirigh leo radharcanna neamhbhuana a chur i láthair go spreagúil - an tslí a mbuaileann solas na gréine an t-uisce, cuir i gcás, agus gorm na spéire agus glas na nduilleog le feiceáil ar an dromchla chomh maith.
neamhbhuaine an tsaoil the impermanence of life
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
mhóimint neamhbhuan transient moment
" Cuir i gcás go bhfuil tú ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar mhóimint neamhbhuan a fhágann rian ort.
neamhbhuan transient
" Cuireann sé seo i gcuimhne dúinn chomh neamhbhuan is atá an saol.
neamhbhuaine an tsaoil life’s mortality
" Nach deas an smaoineamh é, cuairt a thabhairt ar uaigh an fhile, leabhar léi atá i bhfolach in aice lena corp a ardú is a léamh go hurramach agus ansin, tar éis smaoineamh ar neamhbhuaine an tsaoil, an leabhar a chur ar ais arís go cúramach.
imirce neamhbhuan impermanent emigration
" Léacht Eolais ===== Dúirt sé linn go raibh neamhaird tugtha do thaithí na n-imirceach, go mór mór nuair atá ‘imirce neamhbhuan’ i gceist.
ach tocht neamhbhuan just an ephemeral sadness
" Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan.