Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhfhorbartha undeveloped
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí to overcome the poverty of the undeveloped countries
" Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.
neamhfhorbartha undeveloped
" Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.
tíortha neamhfhorbartha underdeveloped countries
" Gnás é seo a úsáidtear go minic sna tíortha neamhfhorbartha agus in áiteanna eile ina mbíonn amhras ar dhaoine faoin gcóras daonlathach ann.
tíortha neamhfhorbartha undeveloped countries
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
neamhfhorbartha undeveloped
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
neamhfhorbartha undeveloped
" I gcás na hola, tá táirgí ionadaíocha ann – foinsí in-athnuaite fuinnimh – ach go minic bíonn said uireasach nó baineann said le teicneolaíocht neamhfhorbartha.
neamhfhorbartha, caolintinneach undeveloped, narrow-minded
" Bhí an córas polaitíochta fós neamhfhorbartha, caolintinneach (Sea, níos measa ná anois!).
tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh to free the underdeveloped countries of the world
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
tíortha neamhfhorbartha developing countries
" Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.