Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní an Bord Pleanála over-ruled Moore's judgement
" Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní (seachas i gcás na móna) agus tugadh cead pleanála sa deireadh thiar thall don chríochfort i mBéal Átha na Buaidhe, faoi choinníollacha áirithe.
ó neamhní go ceathair from zero to four
" Tá mé róshean agus tá brachán déanta agam de m’intinn le fiche bliain! Ansin tá an GPA rud seo acu! Sin marc a thig leat a fháil ó neamhní go ceathair, áit a seasann ‘neamhní’ do ‘bómánta’, agus ‘a ceathair’ do ‘Stephen Hawking’.
ar neamhní (have come) to nothing
" Agus daoine ag cailleadh postanna ar fud na tíre, a gcuid pinsin ar neamhní, agus tithe á gcoigistiú i ngach cearn, is beag fonn atá ar dhaoine éisteacht anois le daoine a déarfas leo nach bhfuil sa chúlú seo ach eatramh, agus gur cheart dóibh brath ar an saormhargadh.
ar neamhní thrown out, dropped
" Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.
gur neamhní means nothing
" com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp) Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea.
ar neamhní removed
" Tá roinnt mhaith díobh i bhfiacha is bíonn orthu na fiacha a íoc trí obair mar lucht saothair faoi bhanna, in ainneoin gur cleachtas é seo a cuireadh ar neamhní i 1976.
Neamhnítear is nullified
" Neamhnítear an chluais, ar bhealach, le linn ceoil, le hais a mothaítear trí na céadfaí eile trí chéile.