Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhspleách independent
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
foilsitheoirí neamhspleácha independent publishers
" De réir a chéile ansin nuair a tháinig na foilsitheoirí neamhspleácha ar an saol, laghdaíodh ar líon na n-aistriúchán liteartha agus díríodh níos mó ar ábhar scoile a fhoilsiú.
comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha independent production companies
" Cáineann sé TG4 de bharr nach dtugann siad, dar leis, go leor saoirse do na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a mbíonn siad ag plé leo.
foilsithe go neamhspleách released independently
" Cé go bhfuil cúpla ceoltóir eile i dteannta Bhreanndáin ar an albam (Neil Martin ar an dordveidhil agus ar an méarchlár, agus Noel O'Grady ar an mbasoucaí) albam aonair atá ann i ndáiríre, léirithe go héifeachtach ag Gavin Ralston agus foilsithe go neamhspleách ag Breanndán féin.
neamhspleách ar independent of
" Is ceart go mbeadh an córas naíonra seo neamhspleách ar na bunscoileanna agus ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin.
neamhspleách independent
" Tá daoine ann a cheapann gur tír neamhspleách í an Astráil.
breathnadóirí neamhspleácha independent observers
" Beidh na hÉireannaigh i Learpholl ag iarraidh go mbeadh breathnadóirí neamhspleácha ag cuimhneachán Jim Larkin sa chathair i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn, mar gheall ar an chos ar bolg a rinneadh orthu ag an ócáid i mbliana, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách that an independent inquiry was needed
" Gá le fiosrúchán ======= Thart faoin am céanna d'fhoilsigh an iris *Hibernia* alt ina ndúirt siad go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
poblacht neamhspleách independent republic
" Thóg sé fada go leor ar an stát seo poblacht neamhspleách a bhaint amach.
intinn neamhspleách independent mind
" Is bean an-deas agus suimiúil í Ruth Hume, agus duine a bhfuil intinn neamhspleách aici.
neamhspleách independent
" " Is fearr leis an ghrúpa a bheith neamhspleách agus smacht iomlán a bheith acu ar an cheol.
neamhspleách independent
" "Agus má ghabhann na póilíní na gadaithe, beidh a n-aturnae ábalta scrúdú iarbháis neamhspleách a fháil agus cuirfidh sin moill eile ar an tsochraid," arsa Jimmy liom.
ceoltóirí neamhspleácha independent musicians
" Agus ní raibh sé ach fiche bliain d'aois ag an am sin! Tá dhá albam eisithe aige go dtí seo agus tá sé ar dhuine de na ceoltóirí neamhspleácha is fearr a bhfuil ag éirí leis in Éirinn na laethanta seo.
chomhlachtaí neamhspleácha independent companies
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
bhall neamhspleách independent member
" Bhain Pauline Hanson clú amach di féin i 1996 nuair a toghadh í mar bhall neamhspleách den pharlaimint i gCanberra.
go neamhspleách independently
" Scaip sé ó ríomhaire go ríomhaire thar an idirlíon go neamhspleách.
chomórtas neamhspleách independent competition
" Bíodh Craobhchomórtas na Mumhan agus Craobhchomórtas Laighean ann má theastaíonn siad sin ó na cúigí sin, ach bíodh Craobhchomórtas na hÉireann ina chomórtas neamhspleách ann féin ina mbeadh gach contae páirteach ón tús ar bhonn cothrom, agus é a imirt gach dara deireadh seachtaine (Déardaoin go Domhnach) ó Mheitheamh go Meán Fómhair.
léiritheoirí neamhspleácha independent producers
" An rud a dhéanfas an ciste seo ná go gcuirfidh sé brú ar an BBC agus ar TG4, ar na léiritheoirí neamhspleácha agus ar dhuine ar bith eile a bhfuil suim aige sa cheist, suí síos agus na straitéisí a oibriú amach a rachaidh chun leasa an lucht féachana agus éisteachta.
earnáil neamhspleách independent sector
" " "Faoi láthair, níl an earnáil neamhspleách chomh forbartha is ba cheart di a bheith.
neamhspleách independent
" Ach is annamh a bhíonn struchtúr ar bith neamhspleách ar an dream a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é agus, dá réir, ní chreidim go mbeidh seo inghlactha ach oiread.
neamhspleách independent
" B'fhearr linn fás níos moille agus a bheith neamhspleách.
neamhspleách independent
" Ceantar neamhspleách a bhí ag na Lochlannaigh ar Wirral.
go neamhspleách independently
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
neamhspleách independent
" Cé acu ar aontaigh tú nó nár aontaigh tú leis an seasamh a ghlac an Teachta Dála neamhspleách Joe Higgins maidir le ceist na rátaí bruscair - agus, i mo chás féin, níor aontaigh - ar a laghad léirigh sé tréithe ceannaireachta, sin le rá sheas sé lena phrionsabail.
Cóilíneachtaí neamhspleácha independent colonies
" Cóilíneachtaí neamhspleácha a bhí sa tír nuair a tosaíodh ar na bóithre iarainn agus deis iompair réigiúnach a bhí iontu ar feadh i bhfad seachas cuid de chóras náisiúnta.
neamhspleách independent
" Ní raibh Dúchas riamh neamhspleách ach ar laghad bhí glór amháin Stáit ag seasamh an fhóid ar son na hoidhreachta.
tír neamhspleách an independent country
" Siombail na saoirse atá ann anois, agus sin an dearcadh atá ag cuid de na Breatnaigh atá ag iarraidh tír neamhspleách dóibh féin.
fíor-neamhspleách truly independent
" Cé go bhfuil tionól acu anois i gCaerdydd, bhí parlaimint fíor-neamhspleách ag na Breatnaigh i Machynlleth i 1404 i rith éirí amach Owain Glyndwr (1400-1415).
breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta international independent observers
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
náisiúnaithe neamhspleácha independent nationalists
" An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
iarrthóir neamhspleách independent candidate
" Tá triúr eile sa rás - Eamonn McCann ar son an Socialist Environmental Alliance a bhfuil an cogadh san Iaráic go mór chun tosaigh ina fheachtas; Lindsay Whitcroft ón Pháirtí Glas; agus iarrthóir neamhspleách, John Gilliland, a bhfuil an mana "*No politics, just action*" aige.
fiosrúchán neamhspleách independent inquiry
" Ag an am, d'fhoilsigh an iris *Hibernia *alt inar dúradh go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha independent production companies
" D'fhág Anna RTÉ dhá bhliain ó shin i ndiaidh seacht mbliana déag a chaitheamh san eagraíocht agus d'éirigh léi an t-úrscéal seo, ar thosaigh sí air i mí na Samhna 2002, a scríobh idir tionscadail eile - obair theilifíse do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, aistriúchán agus iriseoireacht, i measc rudaí eile.
san earnáil neamhspleách in the independent sector
" Tá rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách.
hiarrthóirí neamhspleácha independent candidates
" Agus cinneadh glactha ag na mórpháirtithe an babhta seo gan toghchán uachtaránachta a úsáid le díospóireacht náisiúnta a spreagadh, ní nach ionadh gur bheartaíodar a chinntiú nach bhfaigheadh ceachtar de na hiarrthóirí neamhspleácha, Dana Rosemary Scallon nó Vincent Selafia, deis ach oiread lena ndíospóireacht féin a chothú.
neamhspleách ar independent of
" Is iad an Banc Ceannais, atá neamhspleách ar an rialtas, a shocraíonn na rátaí oifigiúla (5.
neamhspleách independent
" Coiste nach bhfuil beann acu ar éinne, baill choiste nach bhfuil, is nach raibh, baint acu le haon chlub nó fiú mórán bainte acu le contae ar aon slí a d'fhéadfadh cur as dá neamhspleáchas; daoine a bheadh in ann idirdhealú a dhéanamh idir an gníomh agus tábhacht an imreora dá chlub, dá pharóiste, dá chontae.
iarrthóir neamhspleách independent candidate
" Níor chreid muintir Thuama é, áfach, agus ar lá an olltoghcháin vótáil siad ina sluaite ar son Paddy McHugh, a bhíodh tráth le Fianna Fáil ach a sheas mar iarrthóir neamhspleách ar "thicéad" an ospidéil.
coimisiúnú ón earnáil neamhspleách commissioning from the independent sector
" Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
neamhspleácha independent
" Ráflaí faoi chainteanna ======= Le linn an tsamhraidh scaip ráflaí go raibh Fianna Fáil i mbun cainteanna leis na Teachtaí Dála neamhspleácha agus fiú chualathas Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil ag tagairt do Shinn Féin amach anseo mar chomhpháirtí rialtais.
roinnt neamhspleách some independents
" Ach le go n-éireodh le comhrialtas bogha ceatha idir Fine Gael, an Lucht Oibre agus na Glasaigh, agus b'fhéidir roinnt neamhspleách, bheadh orthu i dtosach ar a laghad 26 suíochán breise a bhuachaint eatarthu i dtoghchán 2006.
neamhspleách go hiomlán totally independent
" Tháinig an tacaíocht seo ó thriúr ball den pháirtí Batasuna (a bhfuil seisear ball ar fad acu sa Pharlaimint Bhascach) aniar aduaidh ar gach tráchtaire polaitiúl, ós rud é go raibh sé ráite ag Batasuna go soiléir gur tréas don phobal Bascach é Plean Ibarretxe, mar nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Tír na mBascach neamhspleách go hiomlán ón Spáinn.
tuarascálacha neamhspleácha independent reports
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
neamhspleách ar independent of
" Tá Ollscoil na hÉireann, Má Nuad neamhspleách ar an seancholáiste anois le roinnt blianta agus tá fás agus forbairt ag tarlú go leanúnach ar an gcampas.
neamhspleách independent
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
neamhspleách independent
" Ag freagairt ceisteanna ó Theachtaí Dála Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Finian McGrath, dúirt an tAire Dlí agus Cirt sa Dáil an mhí seo caite go raibh an Garda Síochána ag fanacht ar an PSNI teacht ar ais chucu agus, dá bhrí sin, nach raibh a dtuarascáil maidir le cás an Uasail Fullerton críochnaithe acu go fóill.
poblacht dhaonlathach, neamhspleách a democratic, independent republic
" Ar lá breá is féidir leat Contae Mhaigh Eo a fheiceáil trasna Bhá Dhún na nGall, áit ar tháinig fórsaí de chuid na Fraince i dtír i mí Lúnasa 1798 le cuidiú leis na hÉireannaigh Aontaithe poblacht dhaonlathach, neamhspleách a chur ar bun.
neamhspleách independent
" Tá col seisir leis sa Dáil, Séamus Healy, Teachta Dála neamhspleách i dTiobraid Árann Theas.
tionól neamhspleách an independent assembly
" Ní hamháin sin ach deir sé go dtí seo gurb é an rud is mó a thugann sásamh dó ná an ról a d’imir sé i mbunú tionól neamhspleách sa Bhreatain Bheag.
ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách benefiting the independent sector
" “Sílimse gur féidir linn chuile chinneadh maoinithe a thóg muid a chosaint sa mhéid is go bhfuil sé ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách.
fianaise neamhspleách independent evidence
" Tá neart fianaise neamhspleách ar fáil le hamhras a chur i sábháilteacht na píblíne.
Comhairle Preasa neamhspleách an independent Press Council
" Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais.
neamhspleácha independent
" Tá daoine cáilithe neamhspleácha ar an gCóras Eadrána, daoine nach bhfuil, go teoiriciúil ar aon nós, aon bhaint ná páirt acu le haon chontae nó foireann ar leith ná aon suim acu sna cásanna a thagann os a gcomhair ach amháin ó thaobh ceart nó mícheart, de réir rialacha agus dlí an Chumainn agus na tíre.
neamhspleách ar do ríomhaire independently of your computer
" Anois is féidir glaonna a dhéanamh ar an ngnáthslí – neamhspleách ar do ríomhaire.
neamhspleácha independent
" “Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach.
céad fhinnéithe neamhspleácha na staire the first independent witnesses of history
" “Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach.
cothrom agus neamhspleách fair and independent
" Cáil na hÉireann mar náisiún cothrom agus neamhspleách atá i mbaol.
Teachta neamhspleách independent TD
" Anuas air sin, ba iad na meáin réigiúnda, mar aon leis an Teachta neamhspleách Jerry Cowley, ba mhó a chur cás Cúigear Ros Dumhach chun tosaigh.
líne ghutháin éigeandála neamhspleách an independent emergency phone line
" uk)), mhol Tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha.
foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin the publishing of the report of the Independent Monitoring Commission
" ” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam *Beo!* agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach *away liom*.
scoileanna neamhspleácha independent schools
" Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla.
tír dhaonlathach neamhspleách a democratic independent country
" Saol crua a bhí ag Polannaigh mar fhostát sóisialach de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus cé gur tír dhaonlathach neamhspleách anois í an Pholainn, atá ina ball de NATO agus den Aontas Eorpach, tá rian millteach ré an chumannachais fós le haithint ar an tír agus ar na daoine.
ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu most of them were independent socialists
" Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.
duine neamhspleách neamheaglach an independent and fearless person
" Is mar gheall ar a oidhreacht gur duine neamhspleách neamheaglach é: Irish blood, English heart: this I’m made of; There is no-one on earth I’m afraid of And no regime can buy or sell me.
guth an-láidir agus an-neamhspleách a very strong and independent voice
" “Bhí guth an-láidir agus an-neamhspleách aige, cé go ndéarfadh go leor daoine go raibh sé coimeádach agus b’fhéidir roinnt conspóideach.
don taistealaí neamhspleách for the independent traveller
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
neamhspleách independent
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
sna comhlachtaí neamhspleácha in the independend companies
" Fostaíocht Deir Ó Ciardha go bhfuil suas le ceithre scór duine fostaithe ag an stáisiún i mBaile na hAbhann, áit a bhfuil an ceannáras, agus i mBaile Átha Cliath, timpeall tríocha duine sa seomra nuachta agus na céadta eile sna comhlachtaí neamhspleácha a chuireann cláracha ar fáil don stáisiún.
neamhspleách independent
" Is *rifugio* (sórt brú) neamhspleách é seo, ach is leis an Club Alpino Italiano an chuid is mó acu.
neamhspleách ar independent of
" Tá deich bpíosa mhalla taifeadta againn cheana féin agus albam ann féin againn ach nílimid cinnte ar cheart dó sin a bheith neamhspleách ar an obair úr a thosaíomar i mí na Samhna – ceol rince.
an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin the Independent Monitoring Commission
"an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin féin ag rá go bhfuil go bhfuil deireadh leis an IRA, ach mar sin féin, tá Ian Paisley sásta fanacht i ról King Canute.
chuireadar deireadh lena n-eagraíocht neamhspleách, they put an end to their independent organization,
" I 1970, chuaigh foirne uilig an AFL isteach sa NFL agus chuireadar deireadh lena n-eagraíocht neamhspleách, ach bhí éirithe chomh maith sin leis an Superbowl gur leanadh ar aghaidh leis.
a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha its branches and independent societies
" Idir 1872 agus 1893, spreagtha ag an iris *An Gaodhal*, d’fhás Cumann Carad na Gaeilge, a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha ar fud Mheiriceá.
go neamhspleách. independently.
" AÓF: Tú féin a d'eisigh an t-albam freisin nach ea, go neamhspleách.
neamhspleách ar fad ar totally independent of
" Dáiríre, níor mhór an córas a athrú arís sa chaoi is go mbeadh craobhchomórtas ann féin i gceist le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh, comórtas a bheadh neamhspleách ar fad ar chomórtais na Mumhan agus Laighean.
neamhspleách independent
" (An gciallaíonn sé seo, má thugtar go leor airgid thar tréimhse dó, go mbeidh sé sásta bheith ina Éireannach?) Is léir go bhfuil UDA Aontroma Theas ag iarraidh bheith neamhspleách ar an mháthaireagraíocht agus gur airgead atá taobh thiar de.
faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin before the Independent Monitoring Commission
" Chuir Kirkham agus a chomhghleacaithe an plean faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (CNF) ach ní luaithe a bhí cruinniú eatarthu ná fuair Kirkham bagairt bháis ón UDA “maith”, an dream a bhfuil an rialtas ag déileáil leo.
neamhspleách ar pháirtithe, independent of parties,
" B’fhearr liom bheith neamhspleách ar pháirtithe, cé go bhfuil dearcadh náisiúnach agam.
ar bhonn neamhspleách on an independent basis
" Cé go mbreathnaítear ar Peter i gcónaí mar fhiontraí, deir sé nach ndeachaigh sé leis an bhfiontraíocht ar bhonn neamhspleách go dtí na nóchaidí nuair a bhunaigh sé a chéad chomhlacht comhairliúcháin.
earnáil neamhspleách léiriúcháin the independent production sector
" “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas.
an meon neamhspleách, the independent mentality,
" Feicimid fosta an meon neamhspleách, dáigh, dochloíte a bhí mar bhunús lena chuid ábhar eile próis – a chuid litreacha agus aistí.
an-neamhspleách very independent
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú the Independent International Commission on Decommissioning
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
o n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, that it would completely change the independent production sector
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
neamhspleách independent
" Míníonn Tommy Walsh ina leabhar go raibh dhá choiste contae de chuid CLG i Sasana faoin am sin, coiste Londan agus coiste Learphoill, ach go raibh siad neamhspleách ar a chéile roimh 1926.
chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú. to found an independent federated nation
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
go neamhspleách independently
" Nó b’fhéidir go bhfuil scríbhneoirí níos cliste! Óir samhlaigh dá mbeadh scríbhneoirí móra sa tír seo ag foilsiú a saothar go neamhspleách agus á thabhairt díreach don phobal mar atá ceoltóirí agus cumadóirí a dhéanamh.
dlúthdhioscaí neamhspleácha independent CDs
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
neamhspleách independent
" Sa lá atá inniu ann d'fhéadfá a rá go bhfuil cultúr na nGormach Meiriceánach iomlán neamhspleách ó chultúir eile.
mar fheisire neamhspleách as an independent MP
" Toghadh bean darb ainm Pauline Hanson, iarbhall den Pháirtí Liobrálach, mar fheisire neamhspleách san olltoghchán céanna.
earnáil neamhspleách independent sector
" Bím féin ag plé le cúrsaí teilifíse ó am go ham, corruair le RTÉ, corruair le TG4, ach san earnáil neamhspleách i dtólamh.
neamhspleách independent
" Bím féin ag plé le cúrsaí teilifíse ó am go ham, corruair le RTÉ, corruair le TG4, ach san earnáil neamhspleách i dtólamh.
neamhspleách independent
" Ar ndóigh, ní oireann sé sin don Aontas Eorpach toisc gur mhaith leis a bheith neamhspleách ó na Stáit Aontaithe.
teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais access to independent sources of information
" Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin.
ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách operating on an independent basis
" Sa lá atá inniu ann, tá Seachtain na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách agus is é Foras na Gaeilge príomhfhoinse maoinithe na féile.
úsáid neamhspleách independent usage
" Ag an Meánleibhéal, cuirtear béim níos mó ar an scríobh agus ar úsáid neamhspleách na teanga.
slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách effective and independent means of measuring
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin as the responsibility of some independent agency
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
neamhspleách independent
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.