Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhspleáchas independence
" Dúshlán a bheidh ann chomh maith a neamhspleáchas a choinneáil agus í ag tabhairt lántacaíochta dá céile ina ról nua.
neamhspleáchas independence
" Tá cuid dá neamhspleáchas á chailleadh ag RTÉ fosta de bharr go bhfuil siad ag cur a gcuid seirbhísí digiteacha trí *Sky Television*.
neamhspleáchais independence
" Faraor ní thugann teicneolaíocht chumhachtach an lae inniu mórán neamhspleáchais do dhaoine.
neamhspleáchas independence
" De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread.
neamhspleáchas teoranta limited independence
" Má tharlaíonn sé sna tíortha Lochlannacha, cén fáth nach féidir leis tarlú abhus? Seanmheon na rúndachta ======= Nuair a baineadh neamhspleáchas teoranta amach don Saorstát i 1922, glacadh scun scan leis an gcóras riaracháin stáit a bhí ann.
neamhspleáchas independence
" Le cuidiú Dé, nuair a bheas siad ina ndéagóirí agus béim níos mó acu ar an neamhspleáchas, tá seans go bpillfidh siad ar an Ghaeilge.
neamhspleáchas independence
" Na láidreachtaí: Foireann mhaith atá sáite san obair; neamhspleáchas Bhard na nGleann mar ghnó; an ardteicneolaíocht is déanaí; tacaíocht agus anam croíúil na nGael ar fud an domhain.
neamhspleáchas independence
" Bhí an-streachailt agus fulaingt i dTíomór Thoir fosta, go dtí gur bhain an tír neamhspleáchas amach i 1999.
neamhspleáchas independence
" Thug an Ísiltír aitheantas do neamhspleáchas na hIndinéise i 1949, ansin i 1952 d'aithin siad ceart phobal Papua Thiar iad féin a rialú, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.
neamhspleáchas independence
" Ba iad na daoine óga ba ghníomhaí sa streachailt seo chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Danmhairg agus sna hiarrachtaí chun an tseanteanga a athbheochan.
neamhspleáchais phearsanta personal independence
" Ach, os a choinne sin, is treise muid ó thaobh oideachais agus neamhspleáchais phearsanta.
neamhspleáchas independence
" Nuair a cruthaíodh an dealbh ar dtús sa bhliain 1504, sheas sí mar shiombail de neamhspleáchas agus láidreacht Fhloráns.
neamhspleáchas independence
" Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.
neamhspleáchas na tíre the country's independence
" Níl le déanamh agat ach féachaint ar fhéilire na tíre seo agus chífidh tú, mura bhfuil naomh inteacht á cheiliúradh ar lá áirithe, go mbíonn muintir Mheicsiceo ag céiliúradh rud éigin eile, neamhspleáchas na tíre, cuir i gcás.
neamhspleáchas independence
" B'as Fánaid i dtuaisceart Dhún na nGall dá máthair agus ba chainteoir dúchais Briotáinise é a hathair Alan a raibh baint mhór aige leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl sa Bhriotáin neamhspleáchas a bhaint amach don réigiún.
neamhspleáchas independence
" Is dócha, do na daoine nár thaitin neamhspleáchas na hÉireann leo, gur phíosa bolscaireachta é.
i dtreo neamhspleáchais agus aontais towards independence and unity
" An t-am seo, ní bheadh siad “ag cur a mbeatha i mbaol mar óglaigh de chuid an IRA ach mar ghníomhaithe i ngluaiseacht náisiúnta i dtreo neamhspleáchais agus aontais.
neamhspleáchas independence
" Bhíodh sí mar choilíneacht de chuid na Portaingéile, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe go dtí gur bhain sí neamhspleáchas amach i 1957 – an chéad tír Afracach a rinne a leithéid.
neamhspleáchas independence
" Bhíodh sí mar choilíneacht de chuid na Portaingéile, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe go dtí gur bhain sí neamhspleáchas amach i 1957 – an chéad tír Afracach a rinne a leithéid.
neamhspleáchas independence
" Is tír óg í an tSlóivéin - bhain sí a neamhspleáchas amach i 1994.
an ghluaiseacht neamhspleáchais the independence movement
" Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais.
easpa neamhspleáchais lack of independence
" Cén fáth ar bunaíodh é?*** An phríomhchúis ar bunaíodh é ná mar gheall ar an easpa neamhspleáchais a bhí ag Ógras ó Chonradh na Gaeilge, dar leis na bunaitheoirí.
neamhspleáchas independence
" Fuarthas neamhspleáchas na Polainne ar ais i 1918, ag deireadh an Chéad Chogadh Domhanda, ach ina ainneoin sin bhí an scéal go riabhach ag an bPolainn ar an gcuid is mó de le linn an 20ú haois.
fógra i leith neamhspleáchais an announcement regarding independence
" Beag déanta aige maidir le cúrsaí cumarsáide, agus TG4 fós ag fanacht le fógra i leith neamhspleáchais mar a bhí sonraithe i gClár an Rialtais.
neamhspleáchas independence
" Bhain an Namaib – ar glaodh German South West Africa uirthi tráth – neamhspleáchas amach ón Afraic Theas i 1990.
neamhspleáchas independence
" ” Maidir le TG4, tá neart dúshlán roimh an eagras agus neamhspleáchas díreach bainte amach aige.
neamhspleáchas independence
" ” Maidir le TG4, tá neart dúshlán roimh an eagras agus neamhspleáchas díreach bainte amach aige.
fógra neamhspleáchais declaration of independence
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh the Irish wanted independence
" “Ní hionann sin is a rá nach bhfuil mé den tuairim go raibh neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh nó nach raibh ceart acu é sin a bhaint amach.
an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais the movement towards independence
" Ach tá cúis eile go bhféadfadh go n-éireodh leis an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais an iarraidh seo – dearcadh na Sasanach ina leith.
dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais. to speed up the campaign for independence.
" Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
neamhspleáchas independence
" Tá cáil ar Mhormannaigh, fiú sa lá atá inniu ann, mar dhaoine a dtaitníonn an neamhspleáchas leo, agus ba léir go raibh dúil acu ann san ochtú haois déag freisin.
neamhspleáchas independence
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe.
ar son neamhspleáchas na hÉireann. on behalf of Irish Independence
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
neamhspleáchas independence
" Ba mhian le dreamanna polaitiúla sna Tiarnais Nua agus san Onn-Mhongóil neamhspleáchas a bhaint amach chomh maith.
níos mó neamhspleáchais more independence
" Sa Fhrainc, táthar ag tabhairt níos mó neamhspleáchais do na hollscoileanna ionas go mbeidh siad in ann a gcuid airgid féin a shaothrú.
neamhspleáchais of independence
" Nuair a bhíothas ag leagan an chábla snáthoptaice PTAT-1 aniar trasna an Atlantaigh 1089-2001, ní raibh sé i gceist a thabhairt i dtír in Éirinn ar chor ar bith ach go bhfaigheadh Éire aischábla, nó folíne, anoir as Sasain, rud a chiallódh easpa neamhspleáchais, ach níos measa fós, rud a chiallódh cailleadh roinnt soicindí idirlín ar an tír seo gach lá na bliana.
neamhspleáchas independence
" Bhí an beartas ‘White Australia’ i bhfeidhm idir 1901, nuair a bhain an tír neamhspleáchas amach, agus 1973.
neamhspleáchas independence
" Tá muintir Karen, ceann de bhreis is dosaen grúpaí eitneacha sa tír, ag iarraidh stát dá gcuid féin laistigh de Bhurma ó fuarthas neamhspleáchas ón mBreatain i 1948.
neamhspleáchas independence
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
neamhspleáchas independence
"neamhspleáchas á iarraidh ag na Uígir le fada an lá.
neamhspleáchas independence
" ” Ach cén fáth a bhfuil an scéal chomh olc sin in Éirinn an lae inniu agus an t-oideachas, neamhspleáchas is na deiseanna céanna ag na mná is a bhíonn ag na fir? “Is feiniméan cultúrtha é ar shlí amháin.
neamhspleáchas independence
" Cé go raibh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine faoin am sin, bhí an Astráil ag feidhmiú mar údarás coilíneach ann idir 1906 agus 1975, nuair a bhain sí neamhspleáchas amach.
neamhspleáchas independence
" Bhí comóradh mór ar siúl sa Tíomór Thoir í féin i mí Lúnasa ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae deich mbliana ó shin ar vótáil muintir Thíomór Thoir ar son reifrinn le neamhspleáchas a bhunú.
neamhspleáchas independence
" Sa chéad áit, chinntigh na stáisiúin eithneacha neamhspleáchas fuinnimh don tír.
neamhspleáchas independence
" Ní hamháin go ndearna Imazighen na hAilgéire a dteanga is a mbéascna a chosaint ar an arabú ar feadh na gcéadta, tá siad fós i mbun cosanta ó bhain an tír neamhspleáchas ón bhFrainc amach i 1962.
neamhspleáchas independence
" An tEisiamh Stairiúil Ba shaoránaigh iad na Rohingya faoin mBunreacht a achtaíodh i ndiaidh do Bhurma neamhspleáchas a fháil i 1948 ach ghabh an t-arm an chumhacht chucu féin i 1962 agus thug Bunreacht nua na bliana 1974 isteach nár aithin na Rohingya mar phobal dúchais.
neamhspleáchas independence
" Cuireadh tús le rugbaí san Astráil sna 1850í freisin agus faoin mbliain 1900, nuair a bhain an tír neamhspleáchas amach, bhí rugbaí ar an gcluiche caide ba choitianta in New South Wales (NSW) agus in Queensland (QLD).
Neamhspleáchas independence
" SMM: Cén tionchar is mó, an n-abrófá, a d’fhág fód dúchais d’óige i gContae Luimnigh ort? MÓS: Neamhspleáchas is dócha, agus féinmhuinín as an gcumas maireachtála, mo chonradh féin a dhéanamh.
neamhspleáchas independence
" Tháinig sé stát ceannasacha i gcomharbacht ar na coilíneachtaí, mar ghné den neamhspleáchas, agus bhí a chóras rialtais féin ag gach ceann acu.
neamhspleáchais independence
" Táthar ann a déarfas gur i dtreo an neamhspleáchais a rachaidh Alba amach anseo, agus má théinn, beidh le rá gurbh iad an Lucht Oibre a chuir tús leis.
neamhspleáchas independence
" Ní thuigfeá cén rud neamhspleáchas nó go bhfágfá an áit seo is go raghfá go Meiriceá nó go Sasana.
neamhspleáchas independence
" Le ráta tacaíochta de 83%, is é an tUachtarán reatha, Lula, an ceannaire is mó a bhfuil gean an phobail air ó bhain an tír neamhspleáchas amach ón bPortaingéil thiar sa bhliain 1822.
neamhspleáchais of independence
" Rinneadh trácht ar 1916 agus ar an Éirí Amach, agus ar an fhuil a doirteadh ar son an neamhspleáchais.
neamhspleáchais independence
" Gníomhaíocht na Roinne P & T ================= “Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain.
neamhspleáchas independence
" Ach má thógtar an ghné sin ar shiúl, is cinnte go gcaillfidh sé a neamhspleáchas agus nach mbeidh ann feasta ach sciathán de chuid Roinn na Gaeltachta.
neamhspleáchas ar bith any independence
" Ansin nuair a bhuail an ghéarchéim anso, ní raibh neamhspleáchas ar bith le feiscint i measc cheannairí na gceardchumann.
neamhspleáchas independence
" D'fhéadfá tiomáint ó dhoras go doras dá mba mhian leat! Díothú na Traenach ========== Mar is eol don saol, tá neamhspleáchas tábhachtach don Mheiriceánach, agus cheannaíodar na modhanna taistil nua seo go tiubh.
neamhspleáchas independence
" Bhí ceart vótála ag mná na tíre, cuir i gcás, beagnach ón lá ar bhain an Astráil neamhspleáchas amach céad agus deich mbliana ó shin, tréimhse fhada sula raibh an ceart céanna ag mná i dtíortha forbartha go leor eile.
neamhspleáchais of independence
" Roghnaíodh an Ghaeilge mar chomhartha neamhspleáchais ag an Saor-Stát nua siar sna 1920í, agus cuireadh béim uirthi mar chuid dár bhféiníomhá náisiúnta.
chun an neamhspleáchais to independence
" Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
neamhspleáchas independence
" Chothaigh na Gaeil a chur fúthu ann machnamh ar neamhspleáchas, ar cad atá cothrom sa saol agus cad ná fuil.
neamhspleáchas independence
" Ní bhaineann sé le neamhspleáchas amháin, tá sé sin tábhachtach ach níl sé iomlán, tá sé bunaithe ar chothromaíocht agus ar dhínit an duine, na daoine i gcoitinne seachas an duine aonair.
neamhspleáchas independence
" Nuair a bhain an Astráil neamhspleáchas amach ina tír chónascach sa bhliain 1901, bhí an fhreagracht ar na sé stát oideachas saor, éigeantach agus saolta a mhaoiniú.
a neamhspleáchas intleachtúil his intellectual independence
" Cumar gach Srutha ======= Cé gur leag Vidal béim ar a neamhspleáchas intleachtúil le linn a shaoil, mar aon le neamhspleáchas ó thaobh na gcaidreamh collaí de ach go háirithe, ní chóir é a scoitheadh ó thraidisiúin liteartha uaisle Mheiriceá.
neamhspleáchas independence
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach sa bhliain 1901 agus bhí dúnghaois inimirce ar cheann de na mórcheisteanna ba phráinní ar dhírigh an chéad rialtas aird uirthi.
Dhearbhú an Neamhspleáchais the Declaration of Independence
" B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le *‘apple of gold in a frame of silver’* Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson.
neamhspleáchas ná dígnit an duine one’s independence or the dignity
" ’* Ós rud é gur bhaill desna *‘Hard Shell Baptists’* Calvineacha a thuismitheoirí, thuig Lincoln óna óige ná raibh i gceist le neamhspleáchas ná dígnit an duine ach cur i gcéill.
bliain neamhspleáchais the year of independence
" Faoin mbliain 1776, bliain neamhspleáchais na Stát Aontaithe, bhí deireadh le sclábhaíocht i roinnt de na stáit thuaidh, ach ní sna cinn ó dheas.
neamhspleáchas ag lucht bainistíochta the independence of the management
"neamhspleáchas ag lucht bainistíochta na nGaelscoileanna ó rialú na heaglaise Caitlicí.
D’eascair sé as an aeráid neamhspleáchais it arose from the
" D’eascair sé as an aeráid neamhspleáchais ina raibh na cimí ag feidhmiú, cé gur ghné dhifriúil ar fad é i measc bhunaitheoirí Bhóthar Seoighe.
neamhspleáchas a bhaint amach to obtain independence
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
a léirigh a gcuid neamhspleáchais who demonstrated their independence
" Na polaiteoirí a léirigh a gcuid neamhspleáchais, Peadar Tóibín, Lucinda Creighton dar ndóigh, agus an ceathrar Teachta eile ó Fhine Gael, ba dhaoine iad a raibh fáthanna éagsúla acu, ar a seasamh pearsanta féin ar an nginmhilleadh.
neamhspleáchas ó Stáit atá fadbhunaithe independence from longestablished states
" Tá mionlaigh éagsúla ag iarraidh neamhspleáchas ó Stáit atá fadbhunaithe, ar nós na gCatalónach sa Spáinn is na nAlbanach sa Bhreatain.
tá an neamhspleáchas sin teoranta that independence is limited
" Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teoranta – beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.
a bhain neamhspleáchas amach which obtained independence
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
a ghlac ród an neamhspleáchais who travelled the road of independace
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
neamhspleáchas independence
" “Is é José de San Martin an laoch náisiúnta, an fear a bhain neamhspleáchas amach dúinn ach ba é John Thomand O Brien as Bealach Conglais i gCill Mhantáin a bhí ina aide de camp aige.
i gcoinne an neamhspleáchais against independence
" Tá an t-iar-phríomhaire Gordon Browne ar cheann de na hainmneacha is mó atá i gcoinne an neamhspleáchais.
in aghaidh an Neamhspleáchais against independence
" Cé a chreidfeadh go ndúnfadh Sasana a teorainn in aghaidh táirgí Albanacha? Tá go leor daoine eile in aghaidh an Neamhspleáchais cionn is nár cuireadh ina luí orthu go bhfuil na buntáistí chomh soiléir sin.
coincheap an neamhspleáchais the concept of independence
" Ina n-intinn féin tá siad níos compordaí agus níos muiníní le coincheap an neamhspleáchais.
neamhspleáchas independence
" Cé gur bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach le déanaí, tá go leor deacrachtaí le sárú ag an tír san am atá romhainn, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
neamhspleáchas independence
" Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ.
neamhspleáchas independence
" Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ.
na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, the obstacles to the independence of Scotland,
" Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.
neamhspleáchas independence
" Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill.