Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ngluaiseacht na gcomharchumann the trade union movement
" " Fás na gcomharchumann Le linn na seachtóidí, chonacthas fás mór i ngluaiseacht na gcomharchumann sna ceantair Ghaeltachta.
i ngluaiseacht na hAthbheochana. in the Revival movement.
" B’ann a bhí an tArdeaspag Mac Éil agus an Canónach de Búrca agus daoine eile mar sin a bhí tábhachtach i ngluaiseacht na hAthbheochana.
gníomhach i ngluaiseacht na poblachta. active in the republican movement.
" Tá aithne agam ar fhear a bhíodh gníomhach i ngluaiseacht na poblachta.
i ngluaiseacht na Gaeilge in the Irish language movement
" Le blianta anois, tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
leis an ngluaiseacht fhrithchultúir with the counter-cultural movement
" Bhí baint ag lonnaitheoirí na haoise nua leis an ngluaiseacht fhrithchultúir a bhí ar siúl ar fud an domhain sna seascaidí.
bainteach leis an ngluaiseacht involved with the movement
" In Éirinn, dúirt Tang Liang, ar Síneach é atá ag gabháil do chéim in UCC, go raibh sé ciaptha leis an imní mar gheall ar gur gabhadh a thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus é curtha ina leith go bhfuil siad bainteach leis an ngluaiseacht Falun Gong.
ngluaiseacht movement
" 09, déantar cur síos ar an ngluaiseacht Childfree a chuireann an tuairim chun cinn gur rogha fhreagrach é má chinneann bean ar gan páiste a bheith aici.
ngluaiseacht movement
" (- Más mall lasair na saoirse, ná múchtar is ní mhúchfar í) Glaoitear an ‘Appel du 18 juin’ ar an bhfógairt seo a chuir tús leis an ngluaiseacht France Libre agus an Résistance.
ngluaiseacht movement
" Tá páirt á glacadh ag na Batwa, ó na 1990idí i leith, i ngluaiseacht idirnáisiúnta chearta na bpobal dúchasach.
ngluaiseacht movement
" Is ón ngluaiseacht fánach seo a thagann splanc ceoil chugam go minic, nó uaireanta eile is ó bhotúin a dheinim sa tseinnt nó uaireannta eile ó thorann tráchta, blúire amhránaíochta ar shráid lárchathrach, feadaíl fear oibre, rithim inneall traenach, gáire linbh nó ó aon ní i sruth an tsaoil.
ngluaiseacht na Poblachta Republican movement
" Bhí sé cairdiúil dá bharr le James Connolly agus bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na Poblachta.
ngluaiseacht friotaíochta resistance movement
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
ngluaiseacht movement
" Rinne Seicslóvacaigh eile nach raibh baint acu le Palach ná leis an ngluaiseacht i bPrág aithris air sna míonna ina dhiaidh sin, agus fuair triúr acu bás dá dheasca.
ngluaiseacht movement
" Ná déanaimis dearmad ach oiread ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngluaiseacht sin.
chinn mé ar dhul isteach i nGluaiseacht na Poblachta I decided to join the Republican Movement
" “Roimh i bhfad, bhí na saighdiúir ag cur isteach orainn, ár stopadh agus ár gcur in éadan an bhalla lenár gcuardach agus b'ag an am sin a chinn mé ar dhul isteach i nGluaiseacht na Poblachta.
ar an ngluaiseacht cearta sibhialta of the Civil Rights Movement
" Reáchtáladh na cluichí sé mhí tar éis fheallmharú Martin Luther King, an ceannaire croídhílis ar an ngluaiseacht cearta sibhialta i SAM.
Tá tacaíocht faighte ag an ngluaiseacht the movement has received support
" Tá tacaíocht faighte ag an ngluaiseacht ó pholaiteoirí agus ó fhiontraithe agus tá comhlacht Sheáin Uí Shúilleabháin (*Dragons Den*) ag tacú leis an ngluaiseacht.
nGluaiseacht Cearta Sibhialtachta Thuaisceart Éireann NICRA
" Thug sé cur síos ar an am a chaith sé i nGluaiseacht Cearta Sibhialtachta Thuaisceart Éireann agus sna Clubanna Poblachtacha.
Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha the movement for the protection of the unborn has lost the battle
" **SMM: Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha.
an ngluaiseacht shíoraí sin that continual movement
" Bíonn ár súile ag lorg an ball sin ar an leathanach agus tugtar “*sacchades*” ar an ngluaiseacht shíoraí sin.
i ngluaiseacht na Gaeilge in the Irish language movement
" Tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge sna Sé Chontae.