Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
súil nimhe poisoned eyes
" Le súil nimhe an naimhdis dhéanfaidh muid tú a chiapadh.
nimh venom, poison
" Faoi láthair, tá na Sé Chontae mar a bheadh George Best ann, é doirte don nimh a fhágfas ar an trá fholamh é.
líontar an spéir le scamall nimhe the sky is filled with a poisonous cloud
" Pléascann tine an uafáis amach agus líontar an spéir le scamall nimhe.
nimh poison
" Dúradh go bhfuil daoine i Londain ag bailiú buidéal uisce mar go bhfuil siad buartha go gcuirfidh míleataigh Ioslamacha nimh sa soláthar uisce.
béal nimhe poisonous mouth
" "Is agatsa atá an tsúil nimhe agus is agamsa atá an béal nimhe; tá tusa ar leathshúil agus mise ar leath chuile rud eile .
nimh poison
" Cad é mar thiocfadh lena mhalairt bheith fior? An nimh i lár an UUP, dul in aois an SDLP agus an dá pháirtí fhuinniúla, Sinn Féin - an t-aon pháirtí amháin a thugann tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar éirigh go maith leis - agus an DUP ag dul i dtreise i rith an ama, ach nach labharfaidh siad lena chéile.
an chailís nimhe the poisoned chalice
" Ach an ceart marcanna atá fágtha ag an aois agus ag an stair a ghlanadh ó chraiceann deilbhe muna bhfuil siad ag deánamh aon dochar? Sa deireadh ba í Cinzia Parnigoni a thóg an chailís nimhe chuici féin agus a thosaigh an t-athchóiriú conspóideach, ag úsáid uisce driogtha chomh maith le mud pack ina raibh laíon ceallalósach agus cré.
faireoga nimhe poison glands
"faireoga nimhe ar na guaillí acu agus tá ar a gcumas ainmhithe agus páistí óga a mharú agus daoine fásta a bhualadh go dona.
nimh poison
" Tá faireoga nimhe ar na guaillí acu agus tá ar a gcumas ainmhithe agus páistí óga a mharú agus daoine fásta a bhualadh go dona.
nimh poison
" Is dócha go bhfuil an nimh i do chroí i gcónaí.
nimh poison
" Níl aon amhras ach gur mhéadaigh feachtas an IRA an nimh idir an dá phobal ó thuaidh agus, dá réir, rinne ní ba dheacra é teacht ar chomhréiteach.
nimh poison
" Tá droch-chlú ar an éan in Albain fosta: cé go bhfuil siad ar “an liosta dearg” le haghaidh caomhnaithe, tugadh an nimh do dhá cheann acu d’aon turas anuraidh.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
a shúil nimhe his poisonous eye
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta agus lagspridiúil an mhí seo a chuaigh thart de thairbhe nach raibh mórán ag tarlú sa tír a dtiocfadh leis a shúil nimhe a chaitheamh air.
tá an nimh san fheoil agaibh di you really have it in for her
" “Anois, anois, a ghirseachaí,” arsa Fíona, “tá an nimh san fheoil agaibh di agus ní dhearna sí ach beannú daoibh.
cailís nimhe poisoned chalice
" Faraor, ámh, is mar cailís nimhe atáthar ag breathnú ar ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh; má leantar le géarthitim réimeas an Uasail Bush, is beag seans go dtiocfaidh Poblachtánach ar bith i gcomharbacht air.
cailís nimhe poisoned chalice
" Faraor, ámh, is mar cailís nimhe atáthar ag breathnú ar ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh; má leantar le géarthitim réimeas an Uasail Bush, is beag seans go dtiocfaidh Poblachtánach ar bith i gcomharbacht air.
an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna a lot of kangaroos, snakes and ugly spiders
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
nimh poison
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
ag díriú a nimhe, directing their venom,
" Más ar a chéile atá an UDA ag díriú a nimhe, tá an UVF ag coinneáil súl ar náisiúnaithe.
chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh. while the Republicans have to swallow the poison.
" Tá na Daonlathaigh ionaclaithe anois in aghaidh an chogaidh, chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh.
i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe. after they were gassed
" Maraíodh os cionn 100 duine mar gheall ar thaighde Beger i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe.
an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile the two candidates really have it in for each other at the moment
" An gcaithfidh siad vóta ar son Barack Obama má bhaineann sé ainmniúchán a pháirtí amach? Go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile i láthair na huaire? Ag cur cheist an chiníochais as an áireamh, ámh, cuireann Obama ola ar chroí cheannasaithe a pháirtí.
nathair nimhe adder
" Bhinn go hiomlán faoi dhraíocht ag an bpléascadh nótaí agus ba mhinic mé faoi gheasa ag seinm Dhónail Uí Laighin agus é mar a bheadh nathair nimhe ann ag bualadh a bhodhráin.
a shúil ghlinn nimhe his articulate venomous eye
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh a shúil ghlinn nimhe a chaitheamh ar chúrsaí na hÉireann, ar chúrsaí na Gaeilge agus ar chúrsaí an domhain.
a choinníonn an nimh beo which keeps the enmity alive
" An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo? Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.
snáthaid na nimhe the poison injection
" Deirim ‘tugadh’ ach dúmhál a bhí ann – tréidlia é mo dheartháir cleamhnais agus dúradh linn nach raibh de rogha ag an phuisín bheag gan ainm, ach tigh s’againne nó snáthaid na nimhe agus an codladh síoraí.
baoití nimhe poison baits
" Bainfear úsáid as baoití nimhe ón aer, ach ní féidir iad a chur amach ach sa tréimhse nach mbíonn na héin ag neadú.
nimhe venom
" Ar dhóigh, thiocfadh lena chuid nimhe roinnt daoine a mhúscailt chun gnímh, daoine gur chuma le cuid mhaith acu go dtí seo an teanga a bheith ann as.
éarlamh nimhe heavenly patron
" Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn.
gáis nimhe poisin gas
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
nimhe poisonous
" Bhí sé i ndiaidh a shúil aonair nimhe a oscailt ag am a bhí leagtha síos fána choinne sin.
nimh san fheoil tangible hate
" B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol.
nimheanna poisons
" Éiríonn na ceimiceáin chéanna níos tiubhaithe ar a dturas suas an biashlabhra, agus is baolach go bhfillfidh ár nimheanna tionsclaíocha ar ais ar an bpláta chugainn, mar go minic is ann a chríochnaíonn na biashlabhraí céanna.
nimh na gcéadfaí the sensorial poison
" A Mháistir abair liom conas teacht ar stoiteacht, ar ghaois agus ar shaoirse! A dhalta, más mian leat a bheith saor, seachain nimh na gcéadfaí.
nimh lucht na mbanc the bankers’ poison
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
nathracha nimhe poisonous snakes
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
súil nimhe evil eye
" Bíonn Balor bocht faoi bhrú millteanach ón Eagarthóir Mac Slua Muirí, cionn is go síleann sé nach mbíonn súil nimhe Bhaloir sách nimhiúil in amanna.
Gleann Nimhe Poison Glen
" Ar cheann de na laethanta rothaíochta is mó a raibh éagsúlacht ag baint leis, chuaigh muid ó na Rosa, thart leis an Earagail agus le Gleann Nimhe, trí Shléibhte Dhoire Bheatha, agus i dtreo na gcnoc glas atá siar ó Leitir Ceanainn.
Súile Nimhe evil eye
" Tá Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu).
nimh san fheoil the venom
" 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic.
go mbeadh nimh san fheoil have it in for
" Ní hiontas é mar sin go mbeadh nimh san fheoil ag na dílseoirí seo do na *“ragheads”* mar a thugann siad ar na hIoslamaigh.
an nimh sa chaint the bitter speech
" Mhol stiúrthóir an ADL, chun an chontúirt seo a sheachaint, gur chóir “díospóireacht mheasartha agus shibhialta” a chur in ionad “an polarú, an nimh sa chaint agus an eagla” atá á ghiniúint ag gníomhaithe frith-Ioslamacha.
instealladh nimh poison was injected
" tráthnóna, ceanglaíodh de thralaí otharlainne é, cuireadh diltálaire isteach i bhféithe a dhá sciathán, agus instealladh nimh iontu, sa chaoi go raibh sé marbh faoi 11.
Nathracha Nimhe poisonous snakes
" Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi! Nathracha Nimhe ======== Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann.
cinn nimhe poisonous ones
" Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith).
tsúil nimhe a chaitheamh ar to cast a cold eye on
" Tá sé in am dúinn an tsúil nimhe a chaitheamh ar na polaiteoirí atá i gcumhacht, féachaint cé na pleananna atá acu agus cén muirir atá i ndán dúinn san am atá le teacht.
gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu he’ll take a dim look of
" Tá an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
go nimhe neanta viciously
" D’ionsaigh an Irish Times (IT) muintir na Gaelscolaíochta go nimhe neanta le halt aineolach ó húdar gan baiste.
shíl mé gur cailís nimhe a bhí ann I thought it was a poison chalice
" Ait an Mac an Saol ======== "Nuair a thoiligh mé dul ar an Bhord, shíl mé gur cailís nimhe a bhí ann ach chuaigh mé féin agus Martina Anderson isteach chuig an chéad chruinniú agus malairt eile cultúir a bhí ann.
a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe who think St. Pat drove out the snakes
" Ach ar ndóigh beidh siad ann i gcónaí nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint; na daoine a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn, gur muslamach é Barack Obama, nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama agus nach bhfuil an domhan cruinn!
go nimhe neanta ina aghaidh with venom against him
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
An Nimh san Fheoil badness, spite
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
An Nimh san Fheoil very bad enmnity
" An Nimh san Fheoil ======== Nuair a chuir na Sasanaigh deireadh leis an stádas ar tugadh “Catagóir Speisialta” air sna Sé Chontae, i 1976, cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart.
le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair to put a sparkle in his one poisonous eye
" Ar Son na Drúise ======= Den chéad uair le trí scór bliain fuair Balor bearradh gruaige, agus cheannaigh sé buidéal Optrex le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair.
labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan spoke vigorously and venomously against us
" Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó.
a shúil nimhe a chaitheamh siar ar to turn his evil eye back on
" Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana.
an nimh san fheoil sin ina gcoinne the malevolence against it /Irish
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
bior nimhe ar shúile hatefully
" Cad ina thaobh a d'fhiafraíos díobh; bhí bior nimhe ar shúile an fhir bheáir ag féachaint orainn - de thoradh na Gaeilge dar leo.
le nimh by poisoning
" D’éirigh leis na daoine an toghchán a atheagrú agus toghadh Viktor Yushchenko mar uachtarán (fear a ndearnadh iarracht é a mharú le nimh le linn an fheachtais).
mar gheall ar an nimh due to the bile
" Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.
a shúil nimhe his poisonous eye
" Caitheann Balor a shúil nimhe ar chuid de na rudaí atá ag titim amach sa pholaitíocht agus i saol na Gaeilge i láthair na huaire.
nimhe venomous
" Chaith Balor a leathshúil nimhe neanta ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, mar a raibh idir Bhanríon is Bhaincéirí ar princeam damhsa agus ar rancás drabhláis.
roiceanna nimhe stingrays
" Chaith Brian Ó Broin cuid dá shaol ar guairdeall faoi imleacáin siorcanna agus roiceanna nimhe i gcríoch aineoil an miondíola, Mall of America, i Minneapolis-St.
go nimhe neanta fiercely
" Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.
an nimh san fheoil don Éireannach have it in for the Irish
" Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.
go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ferociously straight for
" Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.
nach chun donais ná chun nimhe for the worst and for the rancour
" Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag súil nach chun donais ná chun nimhe a rachfas saoirse cainte mar gheall ar leasú an Bolt Clause i reachtaíocht na hAstráile.
nimh agus plaisteach go feiceálach poison(ing) and plastic plainly visible
" Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.