Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuálaíocht innovation
" Is gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht.
easpa nuálaíochta lack of innovation
" Is amharclann sheanbhunaithe í Amharclann na Mainistreach agus b'fhéidir go bhfuil easpa físe agus easpa nuálaíochta inti.
nuálaíocht innovation
" Nuair a fógraíodh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh le linn mhí Eanáir, mhaígh 02 agus Vodafone go mbeadh drochthionchar ag an moladh ar iomaíocht sa mhargadh toisc go mbeadh orthu gearradh siar ar infheistíocht agus nuálaíocht.
nuálaíocht innovation
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
nuálaíochta innovation
" De réir John Keating, stiúrthóir tráchtála ag *OceanEnergy*, tá deis ag Éirinn na mílte post a chruthú san earnáil, ach ós rud é go dtiocfaidh 71% de na poist sin ón réimse déantúsaíochta, tá sé tábhachtach go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúrsaí nuálaíochta de, in áit a bheith ag brath ar an teicneolaíochta sin mar úsáideoir.
nuálaíocht innovation
" Ach léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
cruthaitheachta agus nuálaíochta creative and novel
" Dúirt Cathaoirleach na Féile, Dómhnall Caimbeul go raibh sé an-tógtha leis an oiread tallainn, cruthaitheachta agus nuálaíochta a bhí le feiceáil sna hiomaitheoirí a ghlac páirt san fhéile i mbliana agus gur léiriú iad ar an ardchaighdeán oibre atá le fáil sna meáin atá ag freastal ar na tíortha Ceilteacha anois.
dearbháin nuálaíochta novelty vouchers/tokens
" Chomh maith le cúnamh iontach eile, cuireann Enterprise Ireland ‘dearbháin nuálaíochta’ ar fáil ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile a thabharfaidh faoin taighde don ghnó nua.
nuálaíocht modernism
" Formhór bhaill an Acadaimh an uair úd, thugadar neamhaird ar fhorbairtí nua ealaíne a raibh an Fhrainc mar bhunús ag a bhformhór acu, forbairtí dála an Réalachais, an Impriseanachais agus nuálaíocht Cézanne agus an Chiúbachais ina measc.
cur le hacmhainn nuálaíochta to increase innovation resource(s)
" Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre.
nuálaíochta ná oideachais innovation and education
" Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta.