Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuálach innovative
" " Tá suim mhór aici tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo teanga a shealbhú, agus fonn uirthi bealaí nuálacha a aimsiú le teangacha a mhúineadh.
na gnéithe is nuálaí den ealaín chomhaimseartha the most innovative aspects of contemporary art
" Sa chéad sraith, amharcfar ar an cheangal idir ealaín an lae inniu agus ealaín na tréimhse atá díreach thart agus, sa dara sraith, déanfar scrúdú ar na gnéithe is nuálaí den ealaín chomhaimseartha le tuairim a fháil faoi na treonna a bhfuil an ealaín sin ag dul.
na healaíona dúchasacha agus nuálacha the native and innovative arts
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go ndéanfaí an Ghaeilge a neartú i measc phobal Ghaeltacht Chonamara, agus go ndéanfaí na healaíona dúchasacha agus nuálacha a chothú.
gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta an enjoyable, innovative, high-technology career
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
slite nuálacha innovative ways
" Sheol Gaillimh le Gaeilge an Gradam in 2001 mar aitheantas ar éifeacht na Gaeilge i ngnólachtaí ar fud na cathrach agus ar na slite nuálacha ar bhain siad úsáid astu chun an teanga a bheith mar chuid dá ngnó.
an nuálaí cartúin the cartoon innovator
" ”* Barry Meyer, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Warner Bros Spreagadh go leor cuimhní geanúla ar na mallaibh nuair a fógraíodh go raibh an nuálaí cartúin Joseph Barbera i ndiaidh bás a fháil sa bhaile i Los Angeles.
raon tionscadal nuálach. a range of innovative projects.
" Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach.
San iliomad slite nuálacha in many different innovative ways
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
tionscadal nuálach innovative project
"tionscadal nuálach ar siúl ag Ionad Ceoil Nua-Aimseartha na hÉireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair a bhfuil sé mar aidhm aige lipéad / láithreán íoslódála a bhunú don saincheol in Éirinn.
Nuálaí innovator
" **Cé na focail is fearr a thugann cur síos ort? Nuálaí, smaointeoir, fiontraí nó eile?** Tá cúpla focail a d’fheilfeadh dom faoin am seo de mo shaol, measaim.
nuálach new
" Ar an mbealach amach thug mé suntas don aerfort breá nuálach, agus do na bóithre úrnua ar fud na háite, a raibh cuma na mótarbhealach nua in Éirinn orthu.
nuálach innovating
" Táimid saor, nuálach, agus solúbtha mar dhream daoine.
nuálach novel
" * - Frankenstein, le Mary Shelley Bheadh Mary Shelley ar a compord i dtaispeántas úr nuálach atá ar siúl faoi láthair sa Dánlann Eolaíochta i mBaile Átha Cliath, a nascann an ealaín agus an eolaíocht – taispeántas a chuirfeadh iontas ort.
nuálacha novel
" Ealaíontóirí neamhspleacha, cruthaitheacha, nuálacha a bhí sa chumann seo a bhí ag iarraidh Learpholl a shaoradh ó thionchar Londain mar ionad ealaíne ann féin.
i ndearadh a chuid tithe nuálacha in the design of his novel houses
" Ar an dóigh chéanna, úsáídeann an t-ailtire Nua-Mheicsiceach, Mike Reynolds, seanbhoinn chairr, cré agus cannaí alúmanaim i ndearadh a chuid tithe nuálacha.
Ba nuálaí oideachais é an Piarsach Pearse was an innovator in education
" Ba nuálaí oideachais é an Piarsach, d'aithin sé an t-idirdhealú idir oideachas cuimsitheach agus an scolaíocht thraidisiúnta a bhain leis an gcóras impiriúil.
nuálach novel
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
himeachtaí nuálacha novel events
" Ba é seo an 11ú Féile Learphoill agus mhair sé 10 lá le himeachtaí nuálacha mar an ceolchoirm i St Lukes chomh maith leis na réalta mór mar Christy Moore, Luca Bloom agus Dónal Lunny.
an teicneolaíocht is nuálaí, the most innovative technology,
" Tá Cumann Carad na Gaeilge, eagraíocht atá lonnaithe i Meiriceá, ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nuálaí, mar a mhíníonn Gearóid Ó Ceallaigh, díreach mar a rinne an té a bhunaigh an cumann.