Pota Focal Intergaelic
na | nuar | nuta | snua | ua
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glúin nua a new generation
"glúin nua ceoltóirí óga ag teacht chun cinn i nDún na nGall (luann sí a nia féin, Ciarán Ó Maonaigh, mar shampla, agus Derek McGinley as Gleann Cholm Cille) agus tá suim sa cheol traidisiúnta ag fás i gcónaí.
níl a dhath nua there is nothing new
" Dar ndóigh, níl a dhath nua nó ait anseo do mhuintir Thír Chonaill/Thír Eoghain, nó mhuintir na gceantar eile cois teorann.
nua-cheannaithe newly-bought
" Is minic a thagann printéir saor in aisce le ríomhaire nua-cheannaithe ach is fiú tréithe an phrintéara sin a scrúdú go mion.
an Nua-Shéalainn New Zealand
" Cuireadh "stráitéis an Aigéan Chiúin" i bhfeidhm, polasaí an rialtais le teifigh a chur go Nauru, go dtí an Nua-Shéalainn agus go Papua Nua-Ghuine.
an t-airgeadra nua coiriúil the new criminal currency
" Go deimhin, tá baol ann go n-úsáidfear an euro mar an t-airgeadra nua coiriúil go hidirnáisiúnta, in áit an dollair Mheiriceánaigh.
murach an nua if it wasn't for the new
" Thar aon cheantar eile Gaeltachta tá Corca Dhuibhne tar éis an-mheascán den sean agus den nua a bhaint amach di féin agus murach an nua, seans nach mbeadh éinne ina chónaí ann ach lucht saoire samhraidh.
nua-chumtha newly-composed
" Go leor píosaí nua-chumtha, idir amhráin agus tiúineanna.
tionscadail nua tithíochta new housing projects
" Cúpla glúin ó shin bheadh na *Navies* seo ag obair ar na tionscadail nua tithíochta a bhí ag preabadh aníos sa Bhreatain, anois is ar pháirceanna glasa na hÉireann atá siad ag saothrú a gcoda.
áiseanna nua-aimseartha modern facilities
" Áiseanna agus lóistín ======= Chomh maith leis na seanáiteanna, tá áiseanna nua-aimseartha ar fáil san oileán freisin.
an Eite Dheas Nua the New Right
" Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d'fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine.
dhearadh nua-aoiseach modern design
" Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide.
ailtireacht nua-aoiseach modern architecture
" Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.
chun cinn nua a chumadh to compose new ones
" Le córas *webmail*, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh.
nua-chumtha newly-composed
" " Albam ======= Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha.
Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí the Iranian New Wave
" " Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979? Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
nua-chumtha newly-written
" Ní mó ná sásta a bhí Balor le caighdeán na moltóireachta ag comórtas na n-amhrán nua-chumtha.
faoi anáil an spioraid nua seo under the influence of this new spirit
" Má thagann muintir na Gaeltachta faoi anáil an spioraid nua seo atá sna bailte móra san oirthear, feicim gach seans, ní hamháin go sábhálfar an teanga mar theanga phobail ach go dtiocfaidh méadú ar na Gaeltachtaí.
ionad cultúrtha breá nua a fine new cultural centre
" Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
go bhfoilseofaí leagan nua that a new version would be published
" Gheall an Rialtas anuraidh go bhfoilseofaí leagan nua den Phlean Náisiúnta Éigeandála faoi dheireadh na bliana sin.
mhargaí nua a aimsiú to find new markets
" Ba mhaith liom oibriú ar mhargaí nua a aimsiú don pháipéar - tá sé sin fíorthábhachtach dúinn.
dála aon eagras nua like any new organization
" Agus dála aon eagras nua caithimid foghlaim de réir mar a théimid ar aghaidh.
srianta nua a chur i bhfeidhm to enforce new curbs
" Tá gluaiseacht ann chun srianta nua a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach: tá na comhlachtaí fógraíochta ag éirí chomh buartha sin faoin scéal go gcaitheann a gcuid cumann gnó cuid mhór ama ag réiteach argóintí i bhfábhar an *status quo *agus ag cur brú ar pholaiteoirí gan éisteacht leo siúd atá i gcoinne na bhfógraí.
údarás nua craolacháin a new broadcasting authority
" In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
dála aon eagras nua like any new organization
" Agus dála aon eagras nua caithimid foghlaim de réir mar a théimid ar aghaidh.
ceol nua-chumtha newly-written music
" Seinneann Kíla ceol nua-chumtha ar fad atá bríomhar, spleodrach, agus a bhfuil meascán ann den cheol traidisiúnta agus den roc-cheol.
eispearas nua a new experience
" Beidh air ceannaireacht dhearfach a thabhairt, eispearas nua don DUP, agus beidh air déileáil le Sinn Féin mar atá siad a dhéanamh i gcomhairlí fud fad na Sé Chontae.
náisiúin nua-aimseartha modern nations
" Ach níl na náisiúin nua-aimseartha ann ach cúpla céad bliain, mar sin níl ciall ar bith le scéal na Clochaoise a inse taobh istigh de theorainneacha náisiúnta, nó scéal na gCeilteach ach oiread.
iris nua ar líne a new on-line magazine
" org)), iris nua ar líne i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
nua-chumtha newly-composed
" Is rud casta é ceol nua-chumtha a choinneáil i stíl thraidisiúnta, agus níl gach cumadóir nua-aimseartha in ann é a dhéanamh.
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua who will take most advantage of the new markets
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
iomáint nua-aimseartha modern hurling
" Ní féidir ráiteas dá leithéid a chruthú go stairiúil, dar ndóigh, ach san iomáint nua-aimseartha, ó thosaigh Craobh na gClub tríocha bliain ó shin, níl dabht ach gurb iad is fearr.
leis an struchtúr nua seo a riaradh to manage the new structure
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
shraith nua a new series
" Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Táimid díreach tosnaithe ar shraith nua do pháistí óga a dhubáil.
córas nua iompair new transport system
" Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic.
nua-aoisithe modernists
" Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa "chomhluadar spairneach" seo agus é ina "fhear óg teasaí", go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na "nua-aoisithe".
na meán nua the new media
" Le cuidiú na meán nua tá muid ábalta sceideal ár gcúrsaí a dháileadh ar fud na tíre.
Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú although the new laws will be enacted
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
téama nua a chothú to promote a new theme
" Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
each-chumhacht inneall an bháid nua the horse-power of the new boat's engine
" De thairbhe socrú a rinneadh i 1990, caithfidh aon iascaire atá ag lorg ceadúnais le haghaidh bád nua tonnáiste agus each-chumhacht inneall an bháid nua a bheith aige roimh ré.
nua-tofa newly-elected
" Uachtarán nua-tofa an Chumainn Lúthchleas Gael, Sean Kelly, an duine deireanach a labhair ar an dóigh seo.
geansaithe nua new jersies
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
sraith nua a new series
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
Nua-Shéalainn New Zealand
" Sa Nua-Shéalainn, áit ar cuireadh deireadh leis na deontais ollmhóra feirmeoireachta tamall de bhlianta ó shin, cuireadh fáilte mhór roimh an leasú Eorpach.
ag cruthú fadhbanna nua creating new problems
" Mar sin, tá seoltaí idirlín ag éirí níos faide agus níos faide, rud atá ag cruthú fadhbanna nua.
is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint it's best to avoid these new possibilites
" Ach toisc go bhfuil an méid sin ríomhairí éagsúla ar an idirlíon - idir shean agus nua - is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint go ceann tamaill eile.
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc to repay the interest on the new owners' loans
" Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc.
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Museum of Modern Art
" Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.
i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach in contrast with the Modernist generation
" Tagann Iglesia as glúin a thosaigh ag obair ar shuiteálacha sna hochtóidí agus, i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach a tháinig rompu, ba obair fhíorach a bhí i gceist acu den chuid is mó.
as an nua from the beginning
" Ceapann Uachtarán an Choinbhinsiúin, Valéry Giscard d'Estaing, nach gá an scéal ar fad a phlé as an nua.
íomhá nua-aimseartha modern image
"íomhá nua-aimseartha ag TG4 agus tá mórán daoine ar fud na tíre nach raibh aon teagmháil acu leis an Ghaeilge roimhe seo ag breathnú air ar bhonn rialta.
leagan nua-aimseartha modern version
" Is leagan nua-aimseartha é seo d'úsáid cailce agus páipéir chun an scríbhneoireacht atá greanta i gclocha (i reilig, mar shampla) a dhéanamh níos soiléire.
go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber that the new council would function like the Star Chamber
" Ach más rud é go bhfágtar faoin rialtas baill na comhairle preas nua a cheapadh, gach seans go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber.
an Caisleán Nua Greencastle
"an Caisleán Nua i bhfad níos bríomhaire ná an bruach eile.
Alba Nua Nova Scotia
" Tá dhá ócáid ar leith beartaithe ag Conradh na Gaeilge don bhliain seo chugainn: beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail, ó Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax, Alba Nua, Ceanada ag tabhairt léachta i Leabharlann na Cathrach anseo, cothrom 100 bliain ó thug Pádraig Mac Piarais léacht do Chraobh Learphoill den Chonradh sa leabharlann chéanna.
fhorbairtí nua new developments
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
nua-théarmaíocht new terminology
" uk)) Is gné spéisiúil eile dá chuid oibre é an t-aistriúchán, a deir sé: "Spéisiúil ach doiligh - agus ní miste liom a admháil go bhfuil Sarah i bhfad níos fearr ná mise ina bhun, ach beidh liom, lá éigin!" "An nua-théarmaíocht an fhadhb is mó atá againn anseo.
Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath. We'll be announcing three new jobs shortly.
" Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath.
nua-thógtha newly-built
" D'fhan mé i dteach nua-thógtha Denise Begley, agus bhí gach deis nua le fáil ann.
timpeallacht nua-aimseartha modern surroundings/environment
" In amanna bhraith mé go rabhas ar an seit de scannán éigin, bhí an oiread sin den timpeallacht nua-aimseartha feicthe agam cheana ar an scáileán sa bhaile in Éirinn.
an mhílaois nua the new millennium
" "Bhí an mhílaois nua ag teannadh linn agus cheap muid gur thráthúil an t-am é lenár jabanna maithe a fhágáil agus tabhairt faoin tionscadal nua seo.
ceannaire nua a thoghadh to elect a new leader
" Ní hamháin sin, ach creidim gurb é an *Bertie Speak *freisin is cúis le daoine laistigh dá pháirtí féin a bheith ag rá go mb'fhéidir go bhfuil sé in am ag an pháirtí ceannaire nua a thoghadh.
an dtaighde teangeolaíochta is nua-aimseartha the most modern linguistic research
" Tá sé sin ar fad ar siúl ag Caitríona, agus tá sé bunaithe ar an dtaighde teangeolaíochta is nua-aimseartha.
íomhá nua na hiomána the new image of hurling
" Bhí sé réidh le bheith mar íomhá nua na hiomána agus an CLG ach .
bealaí nua a aimsiú to find new ways
" Is é dúshlán an CLG ná an fhís a bhí ann i gcónaí a choinneáil beo agus bealaí nua a aimsiú chun an t-iománaí nó an peileadóir óg a mhealladh agus a shásamh.
crut nua radacach a radical new shape
" In áit léim mhór amháin a thógáil a chuirfeadh crut nua radacach ar an státseirbhís, tá an baol ann go gcruthóidh sé státseirbhís atá scoilte ina dhá leath - leath Bhaile Átha Cliath agus leath na tuaithe.
príomhchathair riaracháin nua a new administrative capital
" Bunaíodh príomhchathair riaracháin nua sa mBrasaíl chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro.
ag dréim go mór le gach eagrán nua really looking forward to each new edition
" Níorbh fhada ar scor ar bith go mbínn ag dréim go mór le gach eagrán nua sa leabharlann agus féadaim a rá go bhfuil mé á léamh go measartha rialta ó shin.
ag dréim go mór le gach eagrán nua really looking forward to each new edition
" Níorbh fhada ar scor ar bith go mbínn ag dréim go mór le gach eagrán nua sa leabharlann agus féadaim a rá go bhfuil mé á léamh go measartha rialta ó shin.
eagrán nua new edition
" "Ba le linn cuairte ar shluma Five Points a chas Nicholson le hÉireannaigh bhochta Nua-Eabhrac i dtosach," a deir an tOllamh Maureen Murphy ó Ollscoil Hofstra in eagrán nua de leabhar thar a bheith suimiúil atá díreach foilsithe sna Stáit Aontaithe dar teideal *Ireland's Welcome to the Stranger* (Dufour).
cistin nua-aimseartha modern kitchen
" cistin nua-aimseartha ======= Le déanaí, léirigh Microsoft cistin nua-aimseartha a léigh na clibeanna ar earraí éagsúla bia agus a thug comhairle do dhaoine ar conas cócaireacht a dhéanamh leo.
staid ollmhór nua a massive new stadium
" Ar an 27 Eanáir 2004, sé bliana ar aghaidh ón gcéad lá a d'fhógair an rialtas go raibh fúthu staid ollmhór nua a thógáil i mBaile Átha Cliath, tá an Bertie Bowl curtha ar leataobh agus tá cinneadh tógtha Bóthar Landsdún a atógáil ina ionad.
ionad nua-teicneolaíochta a centre for new technology
" Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle! Ach anois, táthar ag tabhairt "glas" ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite.
léiritheoirí óga fuinniúla nua new young energetic producers
" " Thug sé isteach léiritheoirí óga fuinniúla nua mar Ferdia Mac Cana agus Sheila de Courcy.
ar deineadh taifeadadh as an nua air that was newly recorded
" " Ar na hamhráin atá ar an dlúthdhiosca nua seo tá "Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir", an t-aon cheann ar deineadh taifeadadh as an nua air.
nua-aimseartha modern
" com)) le cumadh an cheoil nua-aimseartha Ghaeilge a chur chun cinn.
nua-aimseartha modern
" Faoi láthair tá taispeántas grúpa le feiceáil thart timpeall ar an Bhreatain Mhór dar teideal "Presence" ina ndéanann ealaíontóirí nua-aimseartha cur síos ar Pháis Chríost.
Críostaí as an nua born-again Christian
" Ina measc tá Peter Howson, ealaíontóir conspóideach agus Críostaí as an nua a bhfuil cáineadh déanta aige ar dhánlanna de bharr gan iad a bheith sásta saothar cráifeach a chur ar taispeáint.
dearadh ríomhairí nua-aimseartha the design of modern computers
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
nósanna nua new habits
" Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá.
seirbhísí nua frith-thurscair new anti-spam services
" Go deimhin, tuigeann comhlachtaí ríomhaireachta go bhfuil airgead mór le déanamh as daoine a "chosaint" ón turscar agus tá siad ag cur seirbhísí nua frith-thurscair ar fáil.
an Nua-Shéalainn New Zealand
" JNíC: Chuamar go dtí na Stáit Aontaithe, An Astráil agus an Nua-Shéalainn.
margaí agus treonna nua a aimsiú to find new markets and directions
" Ar íoróiní an tsaoil, spreag na deacrachtaí sin an comhlacht le dlús a chur lena iarrachtaí margaí agus treonna nua a aimsiú - rud nach dtarlódh chomh sciobtha céanna, b'fhéidir, dá mbeadh an saol ar a gcompord acu sa mbaile i gcónaí.
uirlisí logánaithe nua new localization tools
" De bharr uirlisí logánaithe nua a bheith tagtha chun cinn, is féidir linn leaganacha dár dtáirgí a sholáthar ar bhonn eacnamaíoch i dteangacha áitiúla breise, mar shampla an Íoslainnis, Maori, an Bhreatnais agus an Chatalóinis.
bruachbhailte nua-aimseartha modern suburbs
" An tseanchathair ======= Tá seanchathair mhór i bPrág, agus bruachbhailte nua-aimseartha thart uirthi.
éadaí nua an impire the emperor's new clothes
" Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin "chur amú scannalach seo airgid phoiblí" agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.
nua-aimsithe newly-discovered
" Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéirí "Éamonn an Chnoic" a fhuascailt! Cheannaigh mé an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.
nua-chumtha newly-written
" Tá amhrán amháin nua-chumtha ar an dlúthdhiosca fosta - "The Fuschia", a scríobh John McNutt, cara den teaghlach as Ros Goill.
nua-aimseartha modern
" Ach, tar éis 20 bliain d'obair dhian agus coigilt airgid, osclaíodh páirc bhreá nua-aimseartha, móide ardán, carrchlós fairsing, seirbhísí chéad chabhrach agus do chathaoireacha rotha agus áiseanna cruinnithe, thiar i Ros Muc.
ord nua new order
" Tríd an bhaint atá acu leis an rialtas, tá sé mar aidhm ag na grúpaí seo de chuid na heite deise ord nua a chur i bhfeidhm i gcúrsaí polaitíochta na tíre a bheidh faoi údarás rialtais "Chríostaí".
sa Bhreatain Bheag Theas Nua in New South Wales
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
nua-aoiseach modern
" * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta.
ionas go gcruthóidís postanna nua so that they would create new jobs
" Saoradh na corparáidí ar cháin cúpla bliain ó shin ionas go gcruthóidís postanna nua leis an airgead breise.
fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha the philosophy of the founders of the modern Olympic Games
" Dar ndóigh, ní hiad na boinn is tábhachtaí ná an bua ach páirt a ghlacadh, do dhícheall a dhéanamh agus iomaíocht go cróga agus go féaráilte, de réir fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha.
clann na n-imirceach nua the children of the new immigrants
" Tuar dóchais amháin, áfach, ná clann na n-imirceach nua atá ag teacht isteach sa tír seo le tamall de bhlianta agus atá ag teacht i gcónaí, go mbeidh siadsan ábalta an fód a sheasamh ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
forbraíodh plean nua a new plan was developed
" (BRL) agus, de réir a chéile, forbraíodh plean nua a leagfadh bunchlocha an cheantair athnuachana.
sa gcoilíneacht nua in the new colony
" I Vinegar Hill a tharla an chéad éirí amach sa gcoilíneacht nua, sé bliana déag tar éis a bhunaithe i 1788.
an gheilleagair nua ocraigh of the new hungry economy
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
Éide nua na n-aeróstach the new uniforms of the air stewards
" Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus? Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
a chomh-aireacht nua his new cabinet
" Feicfear go luath an focail iad sin a scaoileadh le gaoth nó an bhfuil Bertie Ahern agus a chomh-aireacht nua le tabhairt faoin dúshlán sin i ndáiríre.
an ealaín nua-aimseartha modern art
" B'fhéidir nach saothair iad an pictiúr déanta as cac den Mhaighdean Mhuire le Chris Ofili (1998), cuid braillíní salaithe Tracey Emin (1999), agus cré-earraí pornagrafacha Grayson Perry (2003) a thabharfá mar bhronntanas do do mháthair, ach tá éirithe leo mar sin féin ní hamháin conspóid a chothú ach aird an phobail a tharraingt ar Dhuais Turner agus ar an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain chomh maith.