Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhearadh nua-aoiseach modern design
" Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide.
ailtireacht nua-aoiseach modern architecture
" Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.
i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach in contrast with the Modernist generation
" Tagann Iglesia as glúin a thosaigh ag obair ar shuiteálacha sna hochtóidí agus, i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach a tháinig rompu, ba obair fhíorach a bhí i gceist acu den chuid is mó.
nua-aoiseach modern
" * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta.
nua-aoiseach modern
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
iarsmalann nua-aoiseach modern museum
" Seal i gcathair Wellington I gcathair Wellington, tá iarsmalann nua-aoiseach Te Papa Tongarewa, a bheadh suimiúil d’éinne a bhfuil dúil aige sa stair nó sa tíreolaíocht.
dream nua-aoiseach modern lot
" Seanam? Ach is dream nua-aoiseach iad lucht na Gaeilge anois a bhfuil stáisiún teilifíse agus iris idirlín dá gcuid féin acu.
an tsochaí iar-nua-aoiseach post modern society
"an tsochaí iar-nua-aoiseach fuadrach seo ag cur tús le nósanna, le níl a fhios c’fhad, don chuid eile den domhan.
nua-aoiseach modern
" Tar éis scaipeadh an fhaitís agus imeacht as an eitleán, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil tú in aerfort nua-aoiseach, lán le daoine sláintiúla agus (rud a chuireann iontas orm agus mé ag teacht ó Nua-Gheirsí) cairdiúla.
nua-aoiseach modern
" I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá? Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
nua-aoiseach modern
" Is beirt ollmhór iad i saol na healaíne idirnaisiúnta agus féachtar orthu mar cheannrodaithe in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceó.
d’ealaín nua-aoiseach of modern art
" Mórthaispeántas d’ealaín nua-aoiseach atá sa tionscadal seo eagraithe ag *Dublin Contemporary 2011*, agus de bharr go bhfuil breis is 100 ealaíontóir náisiúnta agus idirnaisiúnta éagsúla páirteach ann, tá am (agus airgead) de dhith le gach rud a fheiceáil mar is ceart.
nua-aoiseach modern
" Fiú agus mé in áit nach léirítear sa Lonely Planet agus atá sách deacair a bhaint amach, tháinig an saol nua-aoiseach romham.
sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo in this strange urban postmodern society
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
An scannán súmaire nua-aoiseach is fearr amuigh the best modern vampire film available
" Anois agus mé ag trácht ar ghairleog …… ‘Let the Right One In’ le Tomas Alfredson (An tSúlainn 2008) Momentum MP879D ======================== An scannán súmaire nua-aoiseach is fearr amuigh.
tsochaí caipitil nua-aoiseach new age capitalist society
" Áiteamh le Déanamh agus Pobal le Treorú =========== Tá an tsochaí caipitil nua-aoiseach fíorchasta, áfach, agus tá go leor féidearthachtaí ag baint leis.
sa saol iar-nua-aoiseach seo in this postmodern society
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.
nua-aoiseach modern
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.