Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aonaid chostasacha d'obráidí expensive operation units
" Tá clár seachanta níos saoire ag deireadh an lae ná aonaid chostasacha d'obráidí a thógáil agus a rith.
obráid operation
" Bhain siad an otharlann amach díreach in am, rinneadh obráid ar Joyce agus tháinig sí slán.
hobráid sheach-chonaire croí heart by-pass operation
" Strus oibre a deir sé ba chiontach le hobráid sheach-chonaire croí a bheith aige roinnt blianta ó shin agus bhuail an tragóid a lámh ar a shaol chomh maith agus é ina fhear óg.
an lann obráide the operating blade
" Lig sé scread eile péine as agus shíl cic a tharraingt ar an dochtúir ba ghaire dó agus an lann obráide a bhaint as a lámh nó go bhfuair amach nach raibh aon chos chlé aige lena chiceáil.
obráidí íslithe meáchain weight-reduction surgery
" Is roghanna níos déine fós iad na piollaí aiste bia agus obráidí íslithe meáchain dóibh siúd ar mian leo meáchan a chailleadh i Meiriceá.
a hobráid sheach-chonair ghastrach her gastric bypass operation
" Tharraing Carnie Wilson (iníon le Brian Wilson ó na Beach Boys agus iarbhall den phopghrúpa cailíní Wilson Phillips) aird ar an chineál seo sceanairte nuair a craoladh a hobráid sheach-chonair ghastrach ar an idirlíon sa bhliain 1999.
obráide operation
" Is éard a bheadh ann go príomha ná leapacha do dhaoine atá ag teacht chucu féin i ndiaidh obráide nó mórchúram sláinte eile, daoine a bhíonn ina luí faoi láthair i leapacha costasacha an Ospidéil Réigiúnaigh i nGaillimh.
obráid operation
" Fhad is a thógfaidh sé an socrú seo a réiteach, beidh ar mhná Dhún na nGall an turas fada go Baile Cliath a dhéanamh nó caithfidh siad cinneadh a dhéanamh obráid a bheith acu.
hobráidí a chur ar ceal cancelling operations
" Meastar fosta go gcaitheann an earnúil sláinte corradh le €150m gach bliain ag dul i ngleic leis an tinneas, idir an costas breise a bhaineann le hobráidí a chur ar ceal, cógaisí frithbheathacha a cheannach agus síneadh ama a chur leis an tréimhse a chaitheann othair in ospidéil.
obráid chroí heart operation
" Fuair Kieran Hegarty, a bhí ina cheannasaí ar chúrsaí idirghníomhaíochta agus foghlama le BBC Thuaisceart Éireann, bás ar an 29 Deireadh Fómhair i ndiaidh dó obráid chroí a bheith aige.
i ndiaidh na hobráide. after the operation
" Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
obráid operation
" tá sé dochreidte: déantar obráid ar pháiste gan ainéistéiseach a bheith tugtha dó.
Obráid operation
" Nuair a bhí Iosrael i mbun 352 gasúr a mharú i Stráice Gaza le linn Obráid Cast Lead, bhí Bloomberg agus Kelly ag tabhairt amach bréagáin leanaí in otharlann Iosraelach.
teipeann ar obráid an operation fails
" Ansin teipeann ar obráid ar an artaire caratach.
an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos to have the proper operation on his leg
" Ós rud é nach acmhainn dó an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos, tá míchumas air a choinnigh i Maracó é, ag brath ar an déirc.
obráid operation
" Fuair Seán Ó Tiarnaigh bás in Staten Island, Nua-Eabhrac ar an 28 Bealtaine, bliain i ndiaidh dó obráid a bheith aige le siad urchóideach ina inchinn a scrios.