Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ocht n-uaire fichead twenty-eight hours
" Tháinig gála go tobann orthu agus thóg sé ocht n-uaire fichead orthu an Catalpa a aimsiú.
cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe eight Muslim families were forced out of their homes
" An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.
ocht gcinn de tharracóirí eight tractors
" Coicís ó shin tháinig ocht gcinn de tharracóirí as an Tasmáin i dtír i Melbourne agus bhí léirsiú colgach acu ansin.
ocht réinfhia eight reindeers
" Nicholas”, a thosaíonn leis an líne cháiliúil, “Twas the night before Christmas …” Ba é Moore a chruthaigh na hocht réinfhia agus a thug ainmeacha orthu, agus ba é fosta a shamhlaigh den chéad uair Daidí na Nollag ag teacht anuas simléar Oíche Nollag.
faoina hocht by eight
" – Tuigim go bhfuil orainn a bheith imithe as seo faoina hocht.
ocht mbliana deoraíochta eight years of exile
" Ina dhiaidh sin chuir sé ocht mbliana deoraíochta isteach i Los Angeles.
na hocht déag caogaidí the 1850s
" Bhí, ar bhealach – mar níor baisteadh an t-ainm úd ar an sliabh go dtí na hocht déag caogaidí, i gcuimhne ar Shasanach nach ndearna rud ar bith ach suí ar a thóin in oifig léarscáileanna.
tuairim is ocht mí about eight months
" “Bhí Vincent agus *Village* i ndiaidh tuairisceoireacht a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhí agam san *Independent* agus thug Vincent le <!-- D(("mb","tuiscint go mba mhaith leis mise bheith ag obair ag Village achd\'éalaigh tuairim is ocht mí sular ghlac mé leis an tairiscint&quot;.
ocht líne dhéag cóic eighteen lines of coke
" *Thóg cúig thab, ocht líne dhéag cóic agus cnocáinín *hash.
ocht mbonn óir eight gold medals
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
ó ocht meánscoil éagsúla from eight different secondary schools
" (Paragraf 5) Ghlac níos mó ná 2,800 dalta ó ocht meánscoil éagsúla &ndash; idir scoileanna poiblí agus chinn táille &ndash; páirt sa suirbhé suntasach seo.
seacht nó ocht n-iarraidh seven or eight times
" Freastalaíonn mic léinn ar sheimineáir dheireadh seachtaine ar an gcampas seacht nó ocht n-iarraidh sa bhliain.
cúrsaí ocht seachtaine eight week courses
" Má bhíonn suim ag daoine óga sa rince i gceantair ar leith, áfach, eagraíonn na coistí cúrsaí ocht seachtaine sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna in aice láimhe, is cuma cá háit sa tír a bhfuil siad.
ocht mbonn sinsir eight senior medals
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
ocht gcloch eight stone
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
ceathracha hocht 48
" Dar liom ba chóir go mbeadh an aois scoir níos ísle, ceathracha hocht b’fhéidir.
a sé nó ocht n-oiread six or eight times
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
Ocht gcinn is leathchéad 58
" Ocht gcinn is leathchéad atá inti.
ocht n-uaire eight times
" Scaoileadh a hathair ocht n-uaire ach mhair sé.
laghdú d’ocht a cut of eight
" Agus má chuir an rialtas fianaise os comhair an phobail a léirigh go gcuirfeadh laghdú d’ocht dTeachta le feidhmiú na Dála, ní fhaca mé í.
ocht gcéad troigh os cionn eight hundred foot above
" Aon fhear déag, crochta ocht gcéad troigh os cionn chosáin Manhatten, 1932.
ocht slata déag ar airde lena linn eighteen yards high at the time
" Bhí ballaí an dúin ocht slata déag ar airde lena linn – teach sé stór.
ocht mbliana imithe eight years (had) passed
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
ocht dtroithe ar airde eight foot high
" Crúcaí agus ursain ollmhóra darach, trí cinn os cionn a chéile, agus doirse gloine eatarthu ocht dtroithe ar airde.
ocht samhradh eight summers
" Chaith muid, sílim, ocht samhradh sa Tuirc, ag teagasc Béarla, mé féin agus Joy, agus ba ghnách linn 13 seachtain a chaitheamh ann achan samhradh.