Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
col ochtair third cousins
" as Meiriceá ag bualadh lena gcol seisir agus col ochtair as Éirinn.
ochtar pearsana aithnidiúla eight well-known personalities
" Bhí an clár seo bunaithe ar fhormáid an chláir mhór-rachairte “Celebrity Big Brother” a bhíonn le feiceáil ar Channel 4 na Breataine; cuireadh ochtar pearsana aithnidiúla faoi ghlas i dteach mór idir 11 Márta agus Lá Fhéile Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
cúram ochtair caring for eight
" ” Seans go bhfuil Eoghan chomh gnóthach anois is a bhí sé leathchéad bliain ó shin agus cúram ochtair air.
chol ochtair second cousin
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
ochtar neamhspléach 8 independent(s)
" ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí; - sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4); - tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair; - tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid; - Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
ochtar eight
" Ní bheidh siad ach ag seasamh in aon dáilcheantar amháin sa toghchán don tionól agus gan ach ochtar sna toghcháin áitiúla ach cad é mar a fheiceann Ervine a a pháirtí i gceann cúig bliana? “Ba mhaith liom go mbeadh suíocháin againn ar fud Thuaisceart Éireann,” ar sé agus ansin dúirt sé rud éigin thar a bheith suimiúil.
seisear den ochtar six of the eight people
" Bhí Gaeilge ag seisear den ochtar a bhí ar an ardán.
hochtar eight
" D’fhág an bád Daingean Uí Chúis ar an 18 Bealtaine ag tabhairt aghaidh ó thuaidh le hochtar ar bord.
a col ochtair her fourth cousin
" Is é Prince Philip a col ochtair trí *Queen Victoria*, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d'athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
nár éirigh fiú duine amháin den ochtar not even one of the eight
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
ochtar eight people
" Mharaigh an tIRA beirt pháiste i Warrington, Cheshire i dtús na bliana, agus i mí na Samhna scaoil an UFF ochtar i nGlas-stiall, Contae Dhoire.
bailte fearainn an ochtair the townlands of the eight
" Ní nach ionadh má tá ‘*Neligan Ballyseedy*’, mar a thugtar air, ina thaibhse an chnádáin ag mórán fós i Mín Liatroma Thuaidh, in Oileán Chiarraí, san Fhaiche Dhubh, i Radharc na Coille, ar an tSeanbhaile Cill Flainn; in Inis Mór Lios Tuathail, ar an Spá i dTrá Lí; in Inis Eoghanáin Chorcaí agus i gCnoc Uí Choileáin Luimnigh – bailte fearainn an ochtair a sladaíodh gan oiread agus scáth cúirte, ná triail, ná aon bhreithiúnas dleathach déanta orthu ar thaobh an bhóthair ag Baile Ua Síoda, taca an ama seo bliana, 1923.
gar d’ionad chruinnithe an Ochtair close to the meeting place of the G8
" Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.