Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oibrithe deonacha voluntary workers
" Chomh deacair is atá sé sa lá atá inniu ann oibrithe deonacha a fháil.
oibrithe pobail community workers
" Agus tá aicme bheag nua ann fosta, is í sin na céadta duine (nó b'fhéidir deich míle ar fud na Sé Chontae) atá fostaithe mar oibrithe pobail mar gheall ar phróiseas na síochána.
oibrithe tarrthála rescue workers
" " Bhí athair Golway ag obair as Engine 162 i limistéar Great Kills ar Staten Island, buirg de chuid Nua-Eabhrac a chaill líon iomarcach oibrithe tarrthála ar an 11 Meán Fómhair, ag cur mhéid an cheantair san áireamh.
roinnt oibrithe some workers
" Ach seo gan amhras an chéad uair go raibh roinnt oibrithe ag obair go lánaimseartha ar an fhiontar seachas ar bhonn páirtaimseartha.
Oibrithe deonacha voluntary workers
i gcuideachta oibrithe along with workers
" Baran an teideal atá air agus scéal grá atá ann a bhaineann le déagóir atá ag obair ar shuíomh tógála i gcuideachta oibrithe as achan pháirt den Iaráin, teifigh ón Afganastáin ina measc.
Oibrithe aonair lone workers
" Oibrithe aonair a bhí á bplé tamall ina dhiaidh sin.
líon na n-oibrithe the number of workers
" Rinneadh athstruchtúrú ar an eagraíocht agus tá líon na n-oibrithe agus réimse na seirbhísí Gaeilge i ndiaidh fás ó shin.
oibrithe monarchan factory workers
" Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.
oibrithe workers
" Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.
ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe consulting their workers
" Tá na húdaráis áitiúla ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe faoi chosc ar thobac ina gcuid foirgneamh - hallaí baile agus mar sin de.
oibrithe sealadacha temporary workers
" Fostaíonn siad oibrithe sealadacha nuair a bhíonn *mail-out *le déanamh acu.
oibrithe workers
" Tá neart foirgneamh dúchasach ann, agus páirceanna agus ainmhithe agus uirlisí, agus tá oibrithe ansin le rudaí a mhíniú duit.
oibrithe deonacha voluntary workers
" An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an Chumann? Ní raibh ag an Chumann ach oibrithe deonacha go dtí go bhfuair muid deontas ó Fhoras na Gaeilge in 2001 le hOifigeach Forbartha a fhostú.
oibrithe deonacha voluntary workers
" Gan mórán oibrithe deonacha a bheith ar fáil - iad siúd atá ann táid ró-ghafa.
oibrithe deonacha voluntary workers
" Bhí triúr oibrithe deonacha ann agus ar feadh tamaill mheasartha ba mise an t-aon bhean.
oibrithe a scaoileadh chun siúil making workers redundant
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
ó stáit na n-oibrithe láimhe from the blue-collar states
" Dá bhrí sin, tá Marlin den tuairim le fada gurb iad na Caitlicigh ghníomhacha ó stáit na n-oibrithe láimhe sa Mheán-Iarthar a shocróidh toradh an toghcháin.
formhór na n-oibrithe most of the workers
" Ach, mar a deir Cudahy ina leabhar nua, *A Century of Subways: Celebrating 100 Years of New York's Underground Railroad *(Fordham University Press), b'Iodálaigh iad formhór na n-oibrithe ar an chéad tionscadal mór faoi thalamh, i 1904.
oibrithe amach figured out
" Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.
aoi-oibrithe guest workers
" " Tá Dennehy i measc na ndaoine sin nach bhfuil mórán dóchais acu as na moltaí éagsúla maidir le leasuithe a dhéanamh ar na dlíthe imirce atá á bplé i Washington faoi láthair, ina measc moladh "aoi-oibrithe" rialtas Bush.
oibrithe workers
" Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil d’oibrithe i gcomhlachtaí poiblí, leithéidí Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.
oibrithe sóisearacha junior workers
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
oibrithe an chórais iompair the workers of the transport system
" Tar éis na stailce dhá lá a d'eagraigh oibrithe an chórais iompair, tá an stáisiún agus an chathair ag teacht chucu féin arís.
oibrithe deonacha voluntary workers
" Ach tháinig an galar ar chúigear nó seisear de na hoibrithe deonacha eile, roinnt acu a thóg na táibléid chéanna is a thóg mise, roinnt a thóg táibléid eile.
dírithe ar oibrithe na n-óg-eagraíochtaí aimed at the workers in the youth organisations
" Tá ár nOifigeach Forbartha eile, Félim Borland, ag eagrú ceardlainne ar phleanáil teanga, dírithe ar oibrithe na n-óg-eagraíochtaí, i gcomhar leis an Dr.
oibrithe san earnáil phoiblí public sector workers
" An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe.
easpa oibrithe lack of workers
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí*** a bhaineann le CnaG? Is féidir liosta fada a dhéanamh de laigí CnaG: easpa oibrithe, easpa scileanna, easpa ceannasaíochta.
pá na n-oibrithe the workers' pay
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
oibrithe workers
" Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile.
oibrithe sóisialta, social workers,
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
Stailc Oibrithe Uladh the Ulster Workers' Strike
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
oibrithe sóisialta social workers
" Ní mór príosún agus oibrithe sóisialta a chur ar fáil dóibh uilig.
ag treorú a chuid oibrithe directing his workers
" Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha *champagne* a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i sciathán thiar a thí.
tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí. the salary of workers in the public sector.
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
pá seachtainiúil na n-oibrithe is ísle pá the weekly pay of the lowest-paid workers
" Dúirt Paul McGill ó Community NI gur thit pá seachtainiúil na n-oibrithe is ísle pá sa tuaisceart anuraidh.
oibrithe workers
" "“Bhí mise i mo chathaoirleach ar an bhrainse áitiúil de BECTU (Broadcasting, Entertainment, Cinematograph and Theatre Union) ansin agus ní fhaigheadh fir mhaithe jabanna mar go dtagadh oibrithe isteach ó Shasana.
Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe Community Charter of Fundamental Social Rights of Workers
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga workers, fishermen and small farmers
" Ná teipimis orainn féin, ar náisiúin bheaga na hEorpa ná ar oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga na hEorpa.
go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre that there would be a derogation of workers' rights in the country
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
díríonn sé ar bheirt oibrithe dheonacha it concentrates on two voluntary workers
" ”Insíonn an clár an scéal trí shúile daoine éagsúla – díríonn sé ar bheirt oibrithe dheonacha, cuir i gcás, agus ar scéal cúpla páiste faoi leith.
foireann nua oibrithe deonacha new team of voluntary workers
" I mí Dheireadh Fómhair, beidh Roche ag imeacht arís go dtí an Bhealarúis agus beidh foireann nua oibrithe deonacha in éineacht léi.
oibrithe deonacha. voluntary workers
" Is seirbhís phobail é Raidió na Life agus den chuid is mó, tá sé ag brath ar oibrithe deonacha.
líon na n-oibrithe the number of workers
" Faoi dheireadh na bliana seo, beidh suas is anuas le 10% de líon na n-oibrithe dífhostaithe (ESRI Nollaig 2008).
i leith na n-oibrithe towards the workers
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
ligeann oibrithe chun siúil lets workers go
" Chualathas le déanaí an tAire Airgeadais, Christine Lagarde, ag rá go mbeidh an rialtas ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.
oibrithe deonacha volunteer workers
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
oibrithe éagantais forced labour
" Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu.
oibrithe workers
" Le blianta déanacha tá lucht leagan crann, curadóirí tae agus tá oibrithe talmhaíochta nach iad tagtha chun na háite.
Oibrithe Imirce immigrant workers
" Ar 18 Mí na Nollag 1990, mar shampla, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an gConradh Idirnáisiúnta um Chosaint Chearta Oibrithe Imirce Uilig agus Bhaill a dTeaghlach.
Oibrithe Baile domestice workers
" Cad a chruthódh a leithéid seachas taifeadán? DWAG === Tá tacaíocht den sórt céanna á tabhairt ag an MRCI d’Oibrithe Baile in Éirinn, go háirithe ó cuireadh tús le Grúpa Gníomhaíochta na nOibrithe Baile (DWAG) i 2004.
oibrithe monarchan factory workers
" Ní imrítí na cluichí maidin Sathairn mar go mbíodh go leor oibrithe monarchan ag obair maidin Sathairn, mar go raibh seachtain oibre cúig lá go leith i bhfeidhm go dtí deireadh na seascadaí.
d’oibrithe for workers
" Domingo a bhunaigh an cumann sa chéad dul síos, mar chaitheamh aimsire d’oibrithe in ionad an teach tábhairne Dé Sathairn.
d’oibrithe for workers
" Is tús maith é an taispeántas seo ar shaol Ní Mhaolagáin chun aitheantas a thabhairt d’oibrithe ghréasán an náisiúnachais chultúrtha, agus tá sé oiriúnach go bhfuil sé ar siúl sa Leabharlann Náisiúnta, áit ar chaith Ní Mhaolagáin go leor ama ag foghlaim faoi stair na hÉireann.
n-oibrithe miotail metal workers
" Chuaigh sé isteach i gceardchumann na n-oibrithe miotail i 1968 agus faoin mbliain ’75 bhí sé ina uachtarán ar an gcumann céanna.
n-oibrithe iompair transport workers
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
pá na n-oibrithe stáit state workers pay
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
oibrithe deonacha voluntary workers
" Tá sé intuigthe – de ghnáth is oibrithe deonacha iad, agus bíonn cúramaí an tsaoil ag cur isteach orthu an t-am ar fad, is cuma cé chomh dílis is a bheas siad ar dtús.
oibrithe workers
" Rachaidh oibrithe thart ar na tithe sna 26 Chontae ar fad agus déanfaidh siad iarracht foirm Bhéarla a fhágáil ag gach teach.
taobh na n-oibrithe the workers side
" Tá an eite chlé ó thuaidh mar atá sí ó dheas; scaiftí beaga a bhfuil ceannaire feidhmiúil acu le taobh na n-oibrithe agus na mbocht a chur chun cinn ach tá muid san aois “nua” seo - *New Labour, neo-liberalism, neo-cons*, daoine ag moladh Poblacht úr ó dheas - nuair is féidir neamhaird a dhéanamh ar "seanrudaí".
n-oibrithe iompair transport workers
" ”* Corraíl Oibre agus Ealaíne ============= Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
meitheal mhór oibrithe a large working group
" A luaithe is a shroich muid cathair Shingeapór, meabhraíodh dom tuairim Bhreandáin Uí Eithir ar ghlaine na hEilvéise: “Tá teoiric agam, cé nach bhfuil ann ach teoiric, go mbíonn meitheal mhór oibrithe amuigh ar feadh na hoíche ag scuabadh, ag bearradh agus ag níochán na tíre.
shaorghluaiseacht oibrithe workers freedom of movement
" B'ionann an breithiúnas sin agus a rá nach raibh riachtanas Ghaeilge ag teacht salach ar shaorghluaiseacht oibrithe ó áit go chéile, atá ar cheann de bhunchlocha an Aontas Eorpaigh.
dea-thréithe na n-oibrithe Áiseacha the Asian workers’ good features
" Mhol sé dea-thréithe na n-oibrithe Áiseacha, eadhon a bhfuinneamh dofholmhaithe, a n-inniúlacht tabhairt faoi dhúshláin nua agus a n-acmhainn oibre.
chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala the white workers’ standard of living
" Mhaígh sé, áfach, go mbeadh na tréithe seo ina mbagairt do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala agus gur chóir iad a choimeád amach as an tír dá bharr.
ganntanas oibrithe oilte a lack of trained workers
" Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
níor dhúirt a n-oibrithe focal their workers didn’t say a word
" Ar feadh seachtaine iomláine d'fhan a leathanach ar Facebook dúnta, níor fhreagair siad na teileafóin, agus níor dhúirt a n-oibrithe focal.
in ann oibrithe a mhealladh able to entice workers
" Ní raibh úinéirí na n-eastát in ann oibrithe a mhealladh as an Eoraip ná as Meiriceá.
ag ceannach oibrithe buying workers
" Thosaíodar mar sin ag ceannach oibrithe as an Afraic, áit eile a raibh na hEorpaigh ag cóilíniú go tréan ag an am.
aon iarracht cearta na n-oibrithe a chosaint any effort to protect the workers’ rights
" Agus ar ndóigh tagann an brú seo salach ar aon iarracht cearta na n-oibrithe a chosaint.
oibrithe amach go stairiúil worked out historically
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
dúthracht le hearcú oibrithe great determination to recruit workers
" Tar éis an dara cogadh domhanda chaith comhlachtaí Meiriceánacha dúthracht le hearcú oibrithe ó Phórtó Ríce chun folúntais a líonadh i monarchana san Oirthuaisceart.
go ligfí do níos mó oibrithe that more workers would be allowed
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh low skilled workers included
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
gluaiseacht na n-oibrithe the workers movement
" Bhí an forlíonadh san Irish Times thar barr: thug sé an-léargas ar an gcoimhlint ghéar idir gluaiseacht na n-oibrithe leis na fostóirí 100 bliain ó shin, le go mbeadh sé de cheart ag an ngnáthoibrí ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann.
d’oibrithe neamhoilte for unskilled workers
" Dar le Crépeau go mbíodh sé níos éasca d’oibrithe neamhoilte taisteal chun an AE chun poist a fháil sular tosaíodh ar chomhbheartas inimirce a fhorbairt.
oibrithe na tíre the country’s workers
" Don chéad uair le cúig bliana níor chaill oibrithe na tíre aon ioncaim de bharr na cáinaisnéise.
a bhí oibrithe amach which was worked out
" ’ Rogha an dá díogha a bhí ag na ceardchumainn: glacadh le athruithe a bhí i socrú Bhóthair Haddington, a bhí oibrithe amach tré idirbheartaíocht leo, nó glacadh le hathruithe níos measa a chuirfí i bhfeidhm gan aon idirbheartaíocht.
Bhí na Rúisigh oibrithe the Russians were upset
" Bhí na Rúisigh oibrithe ar ndóigh, ach ar a laghad níor stop siad ag teacht.
shocraigh oibrithe workers decided
" Is cosúil nach raibh méara Fort Lee, Mark Sokolich, sásta tacaíocht a thabhairt do Chris Christie sa toghchán a bhí le teacht, agus mar dhíoltas, shocraigh oibrithe Christie lánaí tráchta an droichid a dhúnadh le cinntiú go mbáfaí Fort Lee le trácht ar feadh seachtaine.
tuarastal na n-oibrithe workers’ wages
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
oibrithe íoctha paid workers
" Bhí na hiarsclábhaithe beo bocht, agus don chuid is mó d'fhanadar ar na plandálaithe ag obair mar oibrithe íoctha.
Ní ceantar oibrithe é seo this isn’t a working class district
d'oibrithe of workers
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d'oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
oibrithe worked up
" Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo.
oibrithe oilte skilled workers
" An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe discriminating illegally against workers
" Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.