Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suímh oideachasúla educational sites
" Cé go mbíonn fadhbanna cóipchirt ag baint le pictiúir a fhoilsiú ar an idirlíon tá gailearaithe eile timpeall an domhain tar éis suímh oideachasúla a fhorbairt.
mbogearraí oideachasúla educational software
" Tá formhór na mbogearraí oideachasúla atá ar fáil in Éirinn dírithe ar churaclam oideachais Mheirceá agus na Breataine.
oideachasúla educational
" Tá Éire i measc na dtíortha Eorpacha is mó a athchraolann cartúin agus anamúlacht eile de dhéantús na Stát Aontaithe, agus i measc na dtíortha Eorpacha is lú a dhéanann freastal ar pháistí maidir le cláracha oideachasúla, fíriciúla nó drámaíochta de.
na príomhimeachtaí oideachasúla the main educational activities
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
sraith oideachasúil educational series
" Bhí difríocht bheag i ndéantús an chláir seo sa mhéid is gur sraith oideachasúil a bhí ann agus, dá bhrí sin, bhí comhairleoir teanga ina dteannta an t-am uilig.
oideachasúil educational
" Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre.
feidhm oideachasúil educational use
" AÓF: An bhfeiceann tú go bhfeadfaí feidhm oideachasúil a bhaint astu, mar sin? JMcB: Tá sé i gceist cóip a chur i ngach scoil in Inis Eoghain agus is é mo ghuí go n-úsáidfear iad mar áis fhoghlamtha.
imeachtaí oideachasúla educational events
" (b) Chun díriú ar ghrúpaí áirithe sa bpobal atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar imeallú agus bochtanas: Mná nach bhfuil fostaithe taobh amuigh den teaghlach Tuismitheoirí aonair Daoine óga dífhostaithe a d’fhág an scoil go luath Daoine aosta, go mór mór iadsan atá ina gcónaí leo féin Daoine dífhostaithe/feirmeoirí beaga (c) Chun cabhrú le grúpaí pobail a bhfuil ganntannas áiseanna agus deiseanna orthu, imeachtaí oideachasúla, sóisialta agus cultúrtha a eagrú.
buntáiste oideachasúil educational advantage
" Bheadh sé suimiúil a fháil amach cé mhéad uair an chloig a chaitheann daltaí scoile ag líonadh isteach bearnaí i leabhair shaothair – obair leadránach nach bhfuil buntáiste oideachasúil ar bith ag baint léi.
ar bhonn oideachasúil agus pobail on an educational and community basis
" Ba é príomhaidhm an Chomharchumainn ná seirbhís chuimsitheach craolacháin lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar bhonn oideachasúil agus pobail.
tionscadail oideachasúla agus chultúrtha educational and cultural projects
" Cabhraíonn siad le daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna san Afraic agus le tionscadail oideachasúla agus chultúrtha sa Tibéid agus i Neipeal, ag múineadh amhrán agus damhsa agus ag caomhnú cultúr.
réimse fairsing de thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla a wide range of cultural and educational initiatives
" Thionscain sé réimse fairsing de thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla a mheall tacaíocht ón mhórphobal.
cláracha faisnéise agus oideachasúla documentary and educational programmes
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
turas oideachasúil educational trip
" D’íoc Open Society Institute de chuid George Soros as an turas oideachasúil sin.
Chomhairle Náisiúnta um Míbhuntáiste Oideachasúil The National Council on Disadvantage in Education
" Cuireadh deireadh leis an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht agus leis an Chomhairle Náisiúnta um Míbhuntáiste Oideachasúil.
oideachasúla educational
" Is minic aitheantas bainte amach ag Sheila Ó Donnell agus ag John Tuomey as foirgnimh oideachasúla agus cultúrtha a dhearadh, a réitíonn go nádúrtha leis an timpeallacht ina bhfuil siad agus ag an am céanna a chuireann fuinneamh úire agus brí nua sa timpeallacht sin.
loitiméireacht oideachasúil educational destructiveness
" Lot Ár Láimhe Féin ========= Ní raibh eagarthóir an Irish Times i bhfad as poll nuair a thug sé “loitiméireacht oideachasúil” ar an chinneadh faoin TTNB.