Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oifigeach forbartha development officer
" Ceapadh Tomás Ó Máille, a bhfuil taithí na mblianta aige ag obair do Roinn na Gaeltachta agus mar oibrí deonach don phobal, ina oifigeach forbartha páirtaimseartha i 2001.
oifigigh inimirce immigration officers
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agaibh féin san eagraíocht agus cén fhad atá sibh in bhur bpost? Máire Uí Shíthigh - Oifigeach Forbartha, ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1988 i leith.
Oifigigh Aosoideachais Adult Education Officers
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
oifigeach ceangail cultúrtha cultural liaison
" Ach mar a deir Adrian Flannelly, an pearsa raidió atá ina oifigeach ceangail cultúrtha ar an tionscadal: "I ndáiríre, d'fhéadfadh seo a bheith ina bhallóg áit ar bith in Éirinn.
oifigeach official
" Ansin tháinig na Lochlannaigh, agus b'fhéidir gur iadsan a dhóigh oifigeach de chuid na mainistreach sin chun báis ina theach ag Naondroim.
Oifigeach maoinithe funding officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cá fhad atá tú sa phost? Oifigeach maoinithe mé ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
oifigeach airgeadais financial officer
" Is fear garchabhrach mé féin sa choláiste agus nuair a bhí mé ag labhairt faoi shrón mná a bheith ag cur fola go dona cúpla lá roimhe sin, rinne Richard Griffiths, oifigeach airgeadais agus bainisteoir sinsearach, ráiteas gnéaschlaonta agus déistineach.
Oifigeach maoinithe funding officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cá fhad atá tú sa phost? Oifigeach maoinithe mé ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Roimhe sin, bhí mé ag obair mar Oifigeach Forbartha ag an Ghaeláras, ó bhí 1999 ann, ar thionscadal a raibh sé mar aidhm aige áiseanna agus seirbhísí ríomh-éascaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nDoire, trí theanglann agus ríomharlann a bhunú sa Ghaeláras.
oifigigh chléireachais clerical officers
" Nuair a chuir oifigigh chléireachais sa Roinn Talmhaíochta tús le haighneas tionsclaíoch ar an 18 Márta ba bheag aird a tugadh orthu ar dtús.
oifigigh officer
" Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil? Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach.
oifigigh officers
" 5 milliún ar oifigigh agus ar threalamh le haghaidh na bparáidí féin, agus £11.
oifigeach airgeadais finance officer
" Chuir siad bac le rudaí an t-am uilig, agus nuair a chuir muid ceist orthu faoin bhuiséad le haghaidh sláinte agus sábháilteachta sa choláiste, bhí fearg ar Richard Griffiths, oifigeach airgeadais, agus tháinig sé amach le tuairimí ciníocha in aghaidh na nÉireannach.
oifigigh uaisle phoiblí noble public officials
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
Oifigeach Manainnise Manx Officer
" D'fhill sé ar Oileán Mhanann thart fá 1990 nuair a fuair sé post mar Oifigeach Manainnise leis an rialtas ansin.
na hoifigigh thástála the testing officials
" Sa Bhreatain rinne an reathaí is sciobtha san Eoraip, Dwain Chambers, tástáil dhearfa i dtaca le THG agus tá an t-imreoir sacair Rio Ferdinand i dtrioblóid ar an ábhar nach raibh sé ar fáil nuair a tháinig na hoifigigh thástála ar cuairt.
oifigeach sinsearach high-ranking official
" Mar shampla, fuair inimircigh gan cháipéisí ar fud na Stát Aontaithe bronntanas Nollag gan choinne an mhí seo caite ó oifigeach sinsearach i rialtas Bush.
oifigeach toghcháin election officer
" Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
oifigigh phleanála planning officers
" Ar ndóigh, is iad oifigigh phleanála na comhairle féin a ghlacfas an cinneadh, bliain go leith i ndiaidh don Ardchúirt a rialú go raibh an chéad iarratas pleanála neamhbhailí ar an ábhar nach raibh Staidéar Tionchair Teanga mar chuid de.
cead dá oifigigh permission to his officers
" I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé "adverse and unacceptable" agus "inappropriate in this highly-sensitive location".
oifigeach sinsearach péas senior police officer
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
oifigigh shinsearacha senior officials
" Tá cead ag oifigigh shinsearacha a rogha rud a rá fhad is nach gcuireann sé isteach ar an rialtas.
oifigeach pearsanra personnel officer
" Bhí chóir a bheith achan duine iontach deas - cé nach raibh mé an-tógtha leis an oifigeach pearsanra, nach raibh meas aici ar dhaoine.
Fostaíodh Oifigeach Forbartha a Development Officer was employed
" 1998 Fostaíodh Oifigeach Forbartha.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an Chumann? Ní raibh ag an Chumann ach oibrithe deonacha go dtí go bhfuair muid deontas ó Fhoras na Gaeilge in 2001 le hOifigeach Forbartha a fhostú.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
oifigigh thoghcháin election officials
" Go dtí seo, níl oifigigh thoghcháin - na daoine atá fostaithe go lánaimseartha chun aire a thabhairt do nithe tábhachtacha mar bhallóid neamhláithreacha - sásta freagracht ar bith a ghlacadh as an mhéid a tharla.
oifigigh shinsearacha senior officials
" Cé a d'fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar oifigigh shinsearacha eile.
Oifigeach Eolais Information Officer
" Bhí áthas orm preasráiteas a fháil ó Rhian Cadwaladr, Oifigeach Eolais Llwyfan Gogledd Cymru (Stáitse na Breataine Bige Thuaidh) faoi *Frongoch*, dráma nua le hIfor ap Glyn agus Micheál Ó Conghaile.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé i m’Oifigeach Forbartha le Togra Mhaigh Eo agus tá mé beagnach bliain anseo anois.
oifigigh shinsearacha senior officials
" B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
oifigeach official
" In alt a scríobh Rachel Zoll, agus a foilsíodh go forleathan i nuachtáin Mheiriceá ag deireadh na míosa seo caite, luaigh sí oifigeach de chuid na Vatacáine, nach raibh sásta go n-ainmneofaí é, a dúirt go mbeadh treoir ag teacht go luath ó Chomhairle Oideachas Caitliceach na Vatacáine ag dearbhú nár cheart go ndéanfaí homaighnéasaigh a oirniú as seo amach.
Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil Senior Environmental Health Officer
" Rinne mé cur síos in eagrán mhí na Nollag 2004 den iris seo ar an léacht a thug Maurice Mulcahy, Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil i nGaillimh don Duncan Society i Learpholl faoi thaighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach in Éirinn agus an buíochas a fuair sé ón eagraíocht Smoke Free Liverpool dá bharr.
Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chúil Raithin Coleraine Council's Environmental Officer
" Ba iad sin Robin Ruddock, atá ina mhaor in ionad oideachais lasmuigh; Jim Allen, Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chúil Raithin; agus Robert Anderson, staraí mara atá an-eolach mar dhuine, a bhfuil am caite aige ar an fharraige é féin.
oifigigh otharchairr ambulance officials
" D’ionsaigh an slua fiáin seo, ina raibh suas le 5,000 duine ar fad, aon duine a chuir olc orthu, ina measc mná agus déagóirí nach raibh in ann iad féin a chosaint, póilíní a tháinig i gcabhair orthu agus oifigigh otharchairr a bhí ag cuidiú le daoine a bhí gonta.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost? Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile.
oifigigh forbartha development officers
" Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá? Tá oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile.
triúr oifigeach three officers
" Is eagraíocht an-bheag í – níl ach triúr oifigeach fostaithe ag Colmcille agus príomhfheidhmeannach.
Oifigeach Tionscadal Project Officer
" Deir Mairi McLeod, Oifigeach Tionscadal na hAlban Cholmcille, “D’éirigh thar cionn leis an bhféile i nGleann Cholm Chille anuraidh agus tá sé i gceist againn í a fhorbairt agus a leathnú amach i mbliana.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Thosaigh Oifigeach Forbartha Chraobh Phádraig Mhic Phiarais, Gráinne Crothers, ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí sí ar scoil i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha.
post mar oifigeach forbartha a fhógairt. to advertise the position of development officer.
" ” DeontasI dtrátha an ama chéanna, fuair Craobh Phádraig Mhic Phiarais deontas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn a chuir ar a gcumas post mar oifigeach forbartha a fhógairt.
Oifigeach Tionscadal Project Officer
" ” De réir Aonghus Dwane, Oifigeach Tionscadal Colmcille (Poblacht na hÉireann): “Tá Colmcille fíorshásta scéim sparánachtaí a chur ar fáil arís i mbliana chun deis a thabhairt do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann taithí a fháil ar Ghàidhlig na hAlban agus ar an gcultúr, agus deis a thabhairt do bhunadh na hAlban an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaeilge.
cén t-oifigeach sinsearach what senior officer
" I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
Oifigeach Preasa Press Officer
" Má tá an aird uilig á díriú ar an UDA, ná déanaimis dearmad gur chuir na Red Hand Commandos trí philéar chuig UTV ag deireadh na míosa seo caite agus ainmneacha agus sonraí uimhirphláta charranna Robin Livingstone, eagarthóir an *Andersonstown News*, agus Richard McAuley, Oifigeach Preasa Shinn Fein, leo.
Oifigeach Forbartha Gaeilge Irish language Development Officer
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
ó thriúr oifigeach cearta daonna from three human rights officials
" I lár mhí Eanáir, tugadh le fios go bhfuair Rialtas na Nua-Shéalainne litir roimh an Nollaig ó thriúr oifigeach cearta daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, inar iarradh go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.
oifigeach officer
" Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg.
líon na n-oifigeach foirne the number of team officials
" Maidir le craobhchomórtais na gcoláistí tríú leibhéal, cuir i gcás, is é líon na n-oifigeach foirne atá ceadaithe in ionad imeartha ná seacht nduine dhéag ar a mhéad, ach ní bhíonn ach ochtar ceadaithe ar thaobh na páirce.
oifigigh officers
" Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
oifigeach speisialta special officer
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
an t-oifigeach cabhlaigh the navy officer
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
oifigeach officer
" Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
oifigeach leasa welfare officer
" Ansin, thosaigh "an chaint": "Má bhíonn coiscíní saor on aisce uaibh, thig libh a theacht anseo le hiad a fháil; má bhíonn galar gnéas-tarchurtha oraibh, tá oifigeach leasa anseo a thabharfaidh aire daoibh – dáiríre? An bhfuil sí cáilithe?! – agus má bhíonn fadhbanna agaibh le bhur meabhairshláinte, eagróidh muid *shrink* daoibh.
oifigeach cultúrtha cultural officer
" Dúirt Derek Hannon, ar oifigeach cultúrtha é le hAmbasáid na hÉireann in Londain: "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail idir Éire agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit.
oifigeach sinsireach senior official(s)
" Ba léir gur céasadh na cimí go dona le caoinchead oifigeach sinsireach Bush.
oifigigh shinsireacha senior officials
" Agus tá go leor ceisteanna faoin chaoi a gceaptar oifigigh shinsireacha do na heagraíochtaí seo.
oifigeach officers
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
oifigeach officer(s)
" D’oibrigh sé mhilliún oifigeach agus lucht slándála air agus baineadh úsáid as milliún go leith inneall aibhléise vótála lena chur i gcrích.
hoifigeach officer
" Mheabhródh an tuairisc íogair seo a leanas le hoifigeach in arm Shasana, an Captaen Robert Daniell, faoina thaithí sa Ghearmáin, go leor eachtraí de chuid na hÉireann do dhuine: ‘*There were at least 3,000 inmates still just alive.
oifigeach officer
" Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
Ard-Oifigeach Feidhmiucháin a CEO
" Ard-Oifigeach Feidhmiucháin sa Roinn Iompair í Bean de Búrca agus chuir sí isteach ar phost sealadach sa Bhruiséal i 2006.
d’oifigigh to officials
" Gaoth Dobhair ======= Tionscadal eile a tharraing m’aird ó thaobh na gcluichí Gaelacha de ná ceann a rinne scata buachaillí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar mhinicíocht an drochíde béil móide an droch-chaint a thugann imreoirí d’oifigigh an CLG i gcodarsnacht leis an iompar i gcás imreoirí rugbaí.
oifigeach faoi arm an armed officer
" Cuirtéis i nGaolainn ghlan tugtha ag oifigeach faoi arm is in éide an Phiarsaigh.
oifigigh officers
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
fear na casóige oifigigh i marcshlua the cavalry officer-tunic man
" Ansin, bhí fear an bhríste duibh leathair, fear na casóige oifigigh i marcshlua Arm an Tuaiscirt, fear feistithe faoi hata dubh na ‘Long Riders’, fear féasóige agus chroiméal an Grandee Spáinnigh – sea go deimhin, bhí Bob Dylan tagtha inár measc.
oifigigh officers
" Thig liom a rá leat go bhfuil oifigigh ins an Roinn agus oifigigh i bpobail ag obair ar seo.
a lán oifigeach de dhíth a lot of officers needed
" 30am mar d'inis na poilíní don lucht eagair go mbeadh a lán oifigeach de dhíth ag an chluiche sacar *Everton v Sunderland* ag 12.
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae the county committee officials saw enough to convince them
" Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin, bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.
oifigigh phleanála na comhairle the council’s planning officials
" Anois, ní cairde de chuid na Gaeilge iad an Comhlachas ach tchí siad go bhfuil rud éigin uathúil ag baint leis an áit seo, Anuas air sin, tugann oifigigh phleanála na comhairle anseo toscaireachtaí ó lucht pleanála comhairlí eile agus sílim go bhfuil mórtas ar mhuintir Dhoire, ní as an Ghaeilge, b'fhéidir, ach as an fhoirgneamh iontach seo atá acu ar Mhórshráid Shéamais.
Maraíodh oifigeach príosúin a prison officer was killed
" )
 Maraíodh oifigeach príosúin inniu, 2 Samhain.
corradh le cead oifigeach dá chuid more than a hundred of his officers
" (Is léir go bhfuil an Constábla Ceannais Matt Baggot thar foras (*out of his depth*) agus é ag déileáil leis na scliúchais ina bhfuil corradh le cead oifigeach dá chuid gortaithe ach sin scéal eile).
post mar oifigeach custaim a job as a customs officer
" Fuair sé post mar oifigeach custaim tar éis an RAF agus lean sé ar aghaidh ag seinm i Learpholl, go mór mór ag Club Chonradh na Gaeilge ar Wood Street, i lár na cathrach.
Oifigeach Forbartha development officer
" Deirfiúr cleamhnais an fheisire David Ervine nach maireann agus bean Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, bhí Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste ag caint leis an Chéad Aire Peter Robinson le linn ceiliúradh 60 bliain den scoil a raibh sí ag obair inti, Ashfield Girls’ High School.
stádas oifigigh a bhaint amach to obtain officer status
" (Gach duine ar a dhóigh féin!) Dúirt an fear seo le Bill gurbh fhusa do dhaoine dubha liostáil le hArm na Breataine in Éirinn, i gceann de na reisimintí Éireannacha, agus stádas oifigigh a bhaint amach.
taighdeoir/oifigeach researcher, official
" “Éacht ollmhór” a thug Martin Collins, taighdeoir/oifigeach ó Westminster ar an chomhaontú.
ar oifigigh na ranna sin of that department's officials
" Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre ar oifigigh na ranna sin, dar leo.
a mhol Oifigigh na Roinne whom the dept. officers put forward
" Sa bhreis ar sin, tá sí ag lorg ainmneacha an 34 duine a mhol Oifigigh na Roinne don Aire Stáit a bheadh fóirsteanach le bheith ina mbaill den bhord.
Oifigeach Ceannais Faisnéise commanding intelligence officer
" N’fheadar an col ceathrar é, nó uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘*The Spy in the Castle*’? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá Lí - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda fá scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.
roimh ré ag oifigigh beforehand by officers
" Bhí gach rud socraithe roimh ré ag oifigigh ar an dá thaobh.
Oifigeach Forbartha development officer
" ’* Tá Oifigeach Forbartha Gaelg ann chun úsáid an teanga a spreagadh agus tá cúrsa idirlín ann www.
oifigeach éigin some officer
" Ní bheidh le déanamh ag oifigeach éigin ach cnaipe a bhrú – nó ceist a chur – ar ríomhaire agus beidh a fhios aige cén duine atá ar bord cén t-eitleán ar fud an domhain agus cén áit go díreach, síos go dtí an t-orlach, a bhfuil sé faoi láthair.
an oifigigh feidhmiúcháin of executive officers
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d'oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
oifigeach cumarsáide p.r.o.
" Ar ndóigh, dá mbeadh an rialtas dáiríre faoin dátheangachas a spreagadh i bpostanna tábhachtacha sa státseirbhís, bheadh orthu a chinntiú go mbeadh cumas Gaeilge ag achan fháilteoir, guthánaí, oifigeach cumarsáide mar aon le feidhmeannaigh shinsireacha i ngach Roinn.
mhórchuid na n-oifigeach most of the officers
" Diúltaíodh poist do mhórchuid na n-oifigeach, siocair iad a bheith ródhílis do réimeas Saddam, agus d’éinne a raibh amhras ar bith faoina dhílseacht don tír nua.
oifigigh feidhmiúcháin admin officers
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí meitheal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d’oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
oifigigh officers
" Nuair a tháinig oifigigh ó pháirtí liobrálach Cheanada aniar aduaidh ar Ignatieff ina oifig i Harvard i 2004, cheap siad go bhféadfaidís príomhaire a dhéanamh de Ignatieff féin ós rud é go raibh fréamhacha Ceanadacha doimhne aige.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.
Oifigeach Ealaíon an Chontae, County Arts Officer,
" Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.