Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
brat oighir layer of ice
" Ní raibh ach píosa cúng talaimh sa deisceart nach raibh brat oighir air.
scátáil oighir ice skating
" Idir an dá linn, tháinig fadhb mhór chun cinn maidir le moltóireacht sa scátáil oighir ag na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh i Salt Lake City, Utah.
róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir too taken with ice hockey
" Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi.
i ndreapadóireacht leac oighir in ice climbing
" Rinne mé cúrsa traenála i ndreapadóireacht leac oighir in Albain ar na mallaibh.
phiocóid oighir ice-axes
" Ní raibh mórán déanta agam go raibh mé i dtrioblóid - ní raibh mé ábalta an phiocóid oighir a bhaint as an oighear.
Barr an chnoic oighir? tip of the ice-berg?
" Barr an chnoic oighir? Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.
bhloc mór millteach leac oighir a great big block of ice
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
cnoic oighir ice-bergs
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
de réir mar a leánn na leacacha móra oighir as the big sheets of ice melt
" Dá dtarlódh an tromluí ======= De réir an *scenario *a chuir Schwartz agus Randall chun cinn ina dtuarascáil, tiocfaidh deireadh tobann le Sruth na Murascaille am éigin thart ar 2010, toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíoruisce ag teacht isteach san fharraige sna réigiúin Artacha de réir mar a leánn na leacacha móra oighir.
leac oighir ice
" Bhí múisc orm ach fuair mé mo dheoch - gloine beag vodca, gan leac oighir ná slisín liomóide - cé gur fágadh taobh amuigh den doras mé arís, ag éisteacht.
folcadh oighir ice shower
" Nuair a bhí foireann Átha Cliath ag imirt agus ag traenáil sna 70í, thraenáil siad an-dian ar fad, ach ní raibh aon eolas ná tuiscint acu ar 'théamh suas' i gceart, na meatáin a shíneadh i gceart, deochanna cearta agus bia ceart a thógáil, 'téamh síos', folcadh oighir a ghlacadh agus mar sin de.
piocóid oighir ice axe
" Bíonn loingseoireacht deacair agus gach rud faoi sneachta, go mór mór nuair a bhíonn lánbhánú ann agus, ar ndóigh, bíonn piocóid oighir agus crampóin de dhíth mar go mbíonn an talamh chomh sleamhain sin.
tua oighir ice axe
" Phléadáil Taylor (20 bliain d'aois) ciontach ag an bhomaite dheireanach gur mharaigh sé Anthony Walker, buachaill dubh ocht mbliana déag d'aois, le tua oighir i bpáirc phoiblí i Huyton, Learpholl i mí Iúil 2005.
leac oighir ice
" An lá dár gcionn thug Emil cuireadh dom dul ag imirt *Eisstockschießen* – cluiche a imrítear ar leac oighir.
ceirt soithí lán oighir dishcloth full of ice
" Shuigh sé síos sa choirnéal agus ceirt soithí lán oighir ar a shúil aige.
piocóidí oighir ice picks
" Cuireann crampóin agus piocóidí oighir scanradh oraibh.
piocóidí oighir ice picks
" Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
dhá phiocóid oighir, two ice picks,
" Ba é Jamie a bhí ag tiomáint, mar sin thug mé liom mo chuid trealaimh chuig a theach: dhá phiocóid oighir, crampáin, clogad, buataisí agus éadaí teirmeacha.
crampáin agus piocóidí oighir. crampons and ice picks.
" Is é an rud atá i gceist ná dreapadóireacht ar easanna reoite, ag baint úsáide as crampáin agus piocóidí oighir.
oiread oighir as much ice
" Ba ghnách linn dul go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo, ach mar gheall ar an téamh domhanda níl oiread oighir sa tír sin is a bhí deich mbliana ó shin.
leac oighir ice
" “Ach tá sí reoite cuid mhaith den bhliain – níl rud ar bith le feiceáil ansin ach leac oighir,” a dúirt sí liom.
croibh oighir crampons
" De réir Ian Henderson ó Fhoireann Tarrthála Llanberis, nach raibh siad ag caitheamh croibh oighir ná ní raibh piocóidí oighir acu agus d'iarr sé ar shiúlóirí gan dul suas sna sléibhte gan trealamh geimhridh.
crobh oighir crampons
" Tá an fuacht ar ais aris agus tá aird dírithe ar spórt geimhridh, leis an Ionad Sciála san Aghaidh Mór, Alban, ag súil le séasúr maith agus sinne, na dreapadóirí, ag fáil ár gcuid crobh oighir agus piceanna oighir réidh do na sléibhte.
piceanna oighir ice picks
" Tá an fuacht ar ais aris agus tá aird dírithe ar spórt geimhridh, leis an Ionad Sciála san Aghaidh Mór, Alban, ag súil le séasúr maith agus sinne, na dreapadóirí, ag fáil ár gcuid crobh oighir agus piceanna oighir réidh do na sléibhte.
oighir ice
" Cé go raibh buataisí éadroma orthu, trealamh don samhradh a bhí ann, agus níor thuig siad go mbeadh siad i mbaol báis ar an bharr gan crobh oighir agus piceanna oighir acu.
aois an oighir the ice age
" Tráth den saol, agus ní chomh fada sin ó shin é, criathrach, portach agus bolláin mhóra ó aois an oighir, a bhí san áit ina bhfuil Páirc na bPiarsach inniu.
meath an oighir the decrease in ice
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
sáinnithe sa leac oighir stuck in the ice
" Ba é an grianghrafadóir oifigiúil é, Frank Hurley, ar bord an *Endurance* agus tharraing sé grianghraif den bhád sáinnithe sa leac oighir ar an fharraige ar feadh naoi mí i 1915.
toirt an oighir the ice’s mass
"toirt an oighir tuairim's ar 10 faoin chéad níos mó ná toirt an uisce.
haca oighir ice hockey
" Baintear úsáid as an bhfocal seo in áit ‘nach bhfuil?’ mar shampla: ‘Tá ticéad sa bhreis agat don cluiche anocht, eh?’ Ina theannta sin, ba cheart duit a bheith eolach ar haca oighir, an spórt náisiúnta anseo i gCeanada.
tuanna oighir ice picks
" Bhí an cnoc géar as sin suas agus bhí orainn na tuanna oighir a chur ag obair.
cnoc oighir an iceberg
" Cé ’ shamhlódh go mbuailfeadh sí cnoc oighir ceithre lá ina dhiaidh sin agus go rachadh sí go grinneall na farraige le 1,517 duine ar bord? Tá scéal an Titanic go fóill ina ábhar suime, tubaiste agus diamhrachta ag daoine ar fud an domhain, agus is mar gheall ar an spéis seo go bhfuil togra ollmhór turasóireachta curtha ar bun i mBéal Feirste.
criostail oighir crystal ice
" Tá an dearadh uathúil seo bunaithe ar chabhail an Titanic chomh maith le criostail oighir agus suaitheantas an White Star Line.
oighir mheafarach a bhriseadh to break the metaphoric ice
" ”* Thug Robinson cuireadh dúinn meabhrú ar an cheist, ar thug muid iarraidh dáiríre an oighir mheafarach a bhriseadh? Dúirt sí go raibh uirlisí éagsúla in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain mar chuid den cheart idirthréimhseach.
phiocóid oighir ice pick
" Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.
leag sé scealp oighir anuas air he knocked a piece of ice on him
" Bhí cara Mark R ag dreapadh os a chionn agus leag sé scealp oighir anuas air, de thaisme.
imeoidh an cnap oighir uait the lump of ice will pass you by
" Is é sin, coinnigh do cheann isteach agus, le cuidiú Dé, imeoidh an cnap oighir uait ar a bhealach síos san fhodhomhain.
imreoir haca oighir ice hockey player
" Bhí clú agus cáil ar Wayne Gretzky mar imreoir haca oighir i Meiriceá Thuaidh ar feadh na mblianta.
leac oighir
" Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo.
claibín oighir ice cap
" Tá caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.