Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oilbhéim airgeadais a financial scandal
" Chomh maith leis an chleachtas seo a bheith ina oilbhéim airgeadais, tugann sé buntáiste as cuimse don Aire in olltoghchán, chan amháin i gcoinne iarrthóirí an fhreasúra, ach i gcoinne iarrthóirí a pháirtí féin fosta.
mhór an oilbhéim a great scandal
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
oilbhéim náireach a shameful scandal
" Ní cheadófar do mhúinteoirí na Dála an jab scoile a choimeád oscailte, ná an difríocht idir phá an mhúinteora agus pá an ionadaithe ‘sealadach’ a choimeád – oilbhéim náireach atá ina scáil dhubh le fada ar mhúinteoirí na bPáirtithe uilig sa Dáil.
oilbhéim scandal
" Tugadh an Children Overboard Affair ar an oilbhéim, ach níl aon amhras ach gur bhain Howard sochar polaitiúil as.
oilbhéime of scandal
" Ní seo an uair dheireanach a bheadh Diaghilev agus an Ballet Russe mar bhunúdair oilbhéime, nó scannail.
oilbhéim scandle
" Is oilbhéim – is scannal amach is amach é an méid a íocadh le Rody Molloy nuair a socraíodh go gcaithfeadh sé imeacht ón eagraíocht FÁS.
oilbhéim scandal
" Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil.
oilbhéim a scandal
" Gaeltacht na dTreabh Má bhí na teorannacha as riocht 13 bliain ó shin tá an scéal chomh háiféiseach anois is gur oilbhéim anois é, im’ thuairimse.
oilbhéim scandal
" ) Aiséirí gan rath a bhí ann i ndeireadh ama agus chríochnaigh a sheal mar a thosaigh sé agus é díbeartha go hiarghúil na gcúlbhinsí tar éis oilbhéim eile inar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar iarratas ar chlóichead do fhear saibhir as an Ind.
oilbhéimeanna éagsúla various scandals
" Ainneoin go bhfuil an Eaglais Chaitliceach in ísle brí - mar thoradh ar na oilbhéimeanna éagsúla san Eaglais Chaitliceach - ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na sainchreidimh Phrotastúnacha faoi bhrú ag an saoltachas chomh maith.
oilbhéimeanna chalaoise fraud scandals
" Atoghadh Lula i 2006 d’ainneoin oilbhéimeanna chalaoise a bhain do Pháirtí na nOibrithe.
Is oilbhéim é seo this is a scandal
" Is oilbhéim é seo agus deir Ervine go bhfuil sé ag iarraidh aird a dhíriú ar a dhonacht is atá sé sna ceantracha seo.
oilbhéimeanna gnéis sex scandals
" Níor thuig muid go mbeadh oilbhéimeanna gnéis mar chuid den normáltacht sin, a bhuíochas d'Iris Robinson, do Brian Crowe agus do laoch óg an DUP, Paul Berry.
hoilbhéim scandal
" Mura raibh impleachtaí tromchúiseacha le hoilbhéim an chomhairleora Danny Kennedy, ní mar sin a bhí sé le hoilbhéimeanna eile.
oilbhéimeanna scandals
" An Saol Mar a Bhí ========== Idir chuairt an Phápa agus oilbhéimeanna na nóchaidí, tharraing an eaglais náire uirthi féin.
oilbhéimeanna scandals
" Is ceirneoirí iad na tráchtairí seo go bunúsach, agus tugtar shock jocks orthu de bharr go mbíonn sé de nós acu oilbhéimeanna a scagadh, nó go fiú a chothú go minic.
hoilbhéim dhomhanda world wide scandal
" Nuair a thugann tú d’éadaí ar aghaidh do chartharnacht, ag súil go mbainfidh duine éigin tairbhe nó taitneamh as na rudaí nach dteastaíonn uaitse a thuilleadh, is léir gur cheart a bheith cinnte gurb amhlaidh an scéal agus nach bhfuil tú ag cabhrú le hoilbhéim dhomhanda de chalaois, de mhí-úsáid daoine agus de thuilleamh brábúis do lucht gnó saibhir.
oilbhéimeanna éagsúla various scandals
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann giving a hint of a scandal
" “An bhfuil sé ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann?” a d’fhiafraigh mé de ag an tseoladh leabhair.
den bpobal ó thit oilbhéim of the public from when the scandal (of …
" Léiríonn sé go raibh athrú dearcaidh maidir le hobair na n-eagras ag 62% den bpobal ó thit oilbhéim An Clinic Lárnach Íocshláinteach amach agus go raibh claonadh ag 55% den bpobal gan síntiúis a thabhairt de dheasca na conspóide.
oilbhéim an naíonán thar bord the child overboard scandal
" Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
oilbhéim scandal
" Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
an oilbhéim a cheilt to hide the scandal
" Tá Caitlicigh stuama trína chéile faoin méid atá tagtha chun solais maidir leis na scéalta faoi shagairt ag baint mí-úsáide as leanaí lena mianta gnéis a shásamh agus le hiarrachtaí na Vatacáine an oilbhéim a cheilt.