Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Oilithrigh pilgrims
" Agus é ag dul fríd Chontae Mhaigh Eo chonaic sé an fál sreang deilgneach a thimpeallaíonn Cruach Phádraig anois agus an geata mór a bhfuil an fógra crochta air: "Táille Isteach: Oilithrigh €250, Eile €300.
bealach na n-oilithreach the pilgrims' way
" Cóngarach go leor don séipéilín tá Casán na Naomh, is é sin bealach na n-oilithreach a théann go dtí barr Chnoc Bréanainn.
oilithrigh pilgrims
" Tagann na hoilithrigh seo ó Aontroim, ó Longfort, ó Áth Cliath, ó Chill Dara, is é sin ó gach aird den tír, gan teip gach samhradh go Páirc Uí Chaoimh, Staid Semple nó Páirc na nGael.
oilithreach pilgrim
" Tá Naomh Richard as Sasana ann, taobh istigh de sharcófagas Rómhánach, a fuair bás anseo ar a bhealach go dtí an Róimh mar oilithreach sa bhliain 722.
ar gheansaí oilithrigh éigin on the jersey of some pilgrim
" Cá bhfios nach mbeidh “Ó Muiríosa” le feiceáil scríofa ar gheansaí oilithrigh éigin.
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír where the pilgrims' boats used to come ashore
" Tá bá bheag in aice leis, áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír.
grúpa oilithreach a group of pilgrims
" An chéad cheiliúradh I ndeireadh an tsamhraidh 1620, tháinig grúpa oilithreach i dtír in Plymouth, Massachusetts, agus iad ar a mbealach go Virginia, áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith.
na hoilithrigh the pilgrims
" Is cinnte go mbíodh na hoilithrigh ábalta é a fheiceáil agus iad ar an fharraige, i bhfad ón áit.
Cín lae oilithrigh the diary of a pilgrim
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
oilithrigh pilgrims
" Fuair mé amach inné go raibh oilithrigh ag dul i gcomhar le chéile lena gcuid málaí a sheoladh ar aghaidh go Puente la Reina i dtacsaí.
ó fhinscéal ag oilithrigh na meánaoise. from a legend that medieval pilgrims had.
" Fuair an fhoinse a hainm ó fhinscéal ag oilithrigh na meánaoise.
nocht an diabhal é féin i riocht siúlóra oilithrigh the devil revealed himself in the form of a pilgrim walker
" De réir an scéil, nocht an diabhal é féin i riocht siúlóra oilithrigh a bhí stiúgtha ag an tart sa cheantar seo a bhfuil Gambellacos mar ainm air.
Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh. The pilgrim refused to do that.
" Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh.
Scata oilithreach ag glacadh sosa ann. A crowd of pilgrims having a rest there.
" Scata oilithreach ag glacadh sosa ann.
théadh oilithrigh trí Chromba pilgrims used to pass through Cromba
" Sna meánaoiseanna, théadh oilithrigh trí Chromba ar a mbealach go scrín Naomh Dubhthaich i mBaile Dhubhthaich.
ar an oilithreach ba chlúití one of the most famous pilgrims
" Bhí Rí Séamas IV ar an oilithreach ba chlúití a chuaigh ansin.
a mheallann ar ais an t-oilithreach which entices back the pilgramme
" Tá rud éigin tarraingteach faoin gcineál seo saoire a mheallann ar ais an t-oilithreach bliain i ndiaidh bliana.
go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach that most of the pilgrammes carry
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
biachlár na n-oilithreach the pilgrammes' menu
" Bíonn biachlár na n-oilithreach le fáil sna bialanna agus cosnaíonn dinnéar thart ar €8.
hoilithrigh pilgrims
" Théadh na hoilithrigh thart ar na stadanna, nó na stáisiún aithreachais, agus d’óladh siad uisce as an tobar bheannaithe.
oilithreach pilgrimage
" Táthar ag súil go mbeidh go leor oilithreach Astrálach eile ann, daoine óga agus ionadaithe den mhuintir dhúchais chun tosaigh ina measc.
oilithreach pilgrim(s)
" Aitheanta mar phríomhchathair an domhain Chríostaí, tagann na mílte oilithreach ar thuras ann gach bliain le hómós a thabhairt agus iontas a dhéanamh d’ailleacht agus de niamhracht Bhaisleac Naomh Peadar agus de na céadta ardeaglais eile atá scaipithe thart timpeall na cathrach.
Oilithrigh pilgrim’s
" Mar chuid eile den fhorbairt, socraíodh brú a chuir ar shiúlóirí feidhm a bhaint as Cosán an Oilithrigh.
n-oilithreach pilgrims
" Is eol do mhórán daoine iarthuaisceart na Spáinne mar gheall ar Santiago de Compostela na n-oilithreach.
na naomh agus na n-oilithreach of the saints and pilgrims
" Tamall ó dheas de leithinis Laighean – Llŷn i mBreatnais – agus d’Enlli na naomh agus na n-oilithreach, tamall ó dheas agus siar i bhfad, céard atá le sonrú ach an dá shliabh is airde i gCill Mantáin.
a lán oilithreach Críostúil a lot of Christian pilgrims
" Agus meallann an Camino de Santiago a lán oilithreach Críostúil fosta mar is eol do lucht féachana na sraithe a rinneadh le Rónán Mac Aodha Bhuí (RnaG) ar TG4.
is mór an urraim a bhí ag oilithrigh pilgrims had a great respect
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.
hoilithrigh pilgrims
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.
Chosáin an Oilithrigh pilgrim paths
" Rinneadh an turas Satharn Cásca i mbliana mar chuid den ‘ Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh’.
Cosáin an Oilithrigh the pilgrim paths
" Cosáin an Oilithrigh ======= Samhradh na bliana seo chuaigh thart, tháinig An Chomhairle Oidhreachta le chéile le 10 ngrúpa áitiúil agus bheartaigh siad Satharn Cásca a ainmniú mar Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh.
Chosáin an Oilithrigh footpaths of pilgrimage
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
Cín lae oilithrigh the diary of a pilgrim
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
oilithrigh pilgrims
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.