Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oirdheisceart Uladh south-east Ulster
" An taighde atá ar bun aici le cúpla bliain anuas ar "an rud is mó is ansa" léi, na hamhráin as a ceantar féin in oirdheisceart Uladh, a spreag í leis an albam nua seo a thaifeadadh.
oirdheisceart south-east
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
oirdheisceart south-east
" Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
oirdheisceart na hÁise southeast Asia
" I gcás SARS in 2003, a bhuail oirdheisceart na hÁise go dona, ráta báis 10% a bhain leis.
in oirdheisceart na hÁise in south-east Asia
" Tharla an cleas céanna sna seachtóidí nuair a tháinig deireadh leis an réabadh in oirdheisceart na hÁise agus thug na sluaite as an gcuid sin den domhan a n-aghaidh ar an Astráil.
ar fud oirdheisceart na hÁise all over southeast Asia
" Bhí mé ag díol cártaí, Dining and Accommodation Cards, d’óstáin an Sheraton, cártaí lascaine do dhaoine a bhí ag taisteal ar fud oirdheisceart na hÁise.
oirdheisceart Shasana the souteast of England
" I dtuarascáil amháin a d’fhoilsigh an Economic Research Council in Ollscoil Derby, mhol an t-údar, an tOllamh David Smith, go méadófaí an pá íosta i Londain agus in oirdheisceart Shasana go £6.
Oirdheisceart Shasana Southeast of England
" Mar sin, thug an Rialtas 40,000 lionsa Fresnel do thiománaithe leoraí a tháinig i dtír in Dover i mbliana agus tháinig laghdú 59 faoin chéad faoin chineál seo timpiste in Oirdheisceart Shasana mar gheall air.
in oirdheisceart na hAfraice. southeast Africa
" Bhí an t-ádh dearg orm bliain a chaitheamh ag maireachtáil sa Mhaláiv, tír bheag in oirdheisceart na hAfraice.
oirdheisceart southeast
" Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart.
oirdheisceart south east
" Tá sé ag tarraingt ar am lóin i mbaile Ka in oirdheisceart na Nigéire.
Oirdheisceart south east
" Tá trácht ar an vaimpíreachas leis na milte bliain siar go dtí muintir na Measpatáime, na hEabhraigh, na Sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh, ach is san ochtú haois déag áfach, a thosaigh an téarma vaimpír ag éirí coitianta, go háirithe in Oirdheisceart na hEorpa.
oirdheisceart southeast
" Tógadh beagnach gach baile mór intíre in oirdheisceart na hAstráile le hais na n-aibhneacha seo.
oirdheisceart southeast
" Ní hiontas ar bith é mar sin gur i gCarraig Fheargusa agus ar chósta oirdheisceart Aontroma is láidre atá an BNP.
oirdheisceart southeast
" Le beagnach dhá chéad bliain anuas, tá neart nasc stairiúil cruthaithe idir an tír seo agus Victoria, cúige in oirdheisceart na hAstráile, ó chúrsaí imirce go cúrsaí polaitíochta: chaith Charles Gavan Duffy (1816-1903), duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta “Éire Óg” seal mar Phríomh-Aire Victoria fiú.
san oirdheisceart in the southwest
" Ráchairt ar Oidhreacht, Meath ar Léann =============== Ar an taobh eile den scéal, tá suim nach beag i stair agus i ‘gcultúr’ na gCeilteach in áiteacha go leor ar an mór-roinn, an Ghearmáin ina measc, go mórmór san oirdheisceart b’fhéidir, i mBaden-Württemburg.
oirdheisceart na hAstráile the Australian south east
" Bhí a chroí istigh sna capaill fhiáine agus baineann an dán is clúití leis, ‘*The Man from Snowy River*’ le hiarracht rathúil corraitheach na capaill a thiomsú sna hAlpa in oirdheisceart na hAstráile.
Oirdheisceart na Polainne south-east Poland
" Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh.
oirdheisceart south-east
" Tá cumann úr bunaithe ag grúpa ealaíontóirí i nGaeltacht oirdheisceart Dhún na nGall agus é mar aidhm acu dúshraith a chruthú d'aos ealaíne an cheantair.