Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun dul in oiriúint to adjust to
" Tuigeann na comhlachtaí gur gá dóibh a straitéis gnó a athrú chun dul in oiriúint don teicneolaíocht nua.
lena chur in oiriúint to adapt it
" Dá mbeadh ábhar maith ar fáil do lucht bunscoile agus meánscoile féin, bheadh gá fós lena chur in oiriúint do dhaoine fásta, ach mar atá, is beag uilig atá le fáil, in aon áit, ag aon leibhéal i dteagasc scileanna litearthachta do chainteoirí dúchais Gaeilge.
caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha they must be adapted to suit contemporary life
" Ag an am céanna, caithfear spriocanna a leagan síos an t-am ar fad agus caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha.
á chur féin in oiriúint adapting his style
" AÓC: Tá, mar ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht le leithéidí Willie Clancy agus é ag seinm leis féin, gan air a bheith á chur féin in oiriúint do cheoltóir ar bith eile.
in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin suitable for that particular disguise
" Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil na spéiseanna céanna ite agus óil acu agus atá aige féin.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
a chur in oiriúint don Ghaeilge to adapt to suit Irish
" Tá méid ollmhór oibre déanta ar theangacha eile agus caithfimid an obair sin a chur in oiriúint don Ghaeilge.
a chur in oiriúint do to adapt to
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
nach bhfuil siad in oiriúint dóibh that they're not suited to
" Is ionann an scéal i gcás na heitlíochta: bhainfeadh sé eitleáin ó na bealaí gearra, bealaí nach bhfuil siad in oiriúint dóibh, agus ní chaithfí rúidbhealaí nua a thógáil chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht sna haerfoirt.
nach bhfuil siad in oiriúint dóibh that they're not suited to
" Is ionann an scéal i gcás na heitlíochta: bhainfeadh sé eitleáin ó na bealaí gearra, bealaí nach bhfuil siad in oiriúint dóibh, agus ní chaithfí rúidbhealaí nua a thógáil chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht sna haerfoirt.
a chur in oiriúint to adapt
" Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam as I was getting the dictaphone ready
" Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam ag an tús, deirim léi gur fágadh san abar mé cúpla uair de dheasca mhí-iompar an deachtafóin seo.
le cur in oiriúint don phíosa ceoil, to suit the piece of music,
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
curtha in oiriúint made suitable
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
a chur in oiriúint don cheol. to make suitable, appropriate, for the music
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
in oiriúint compatible with
" Thuigeadar agus anois tá córas curtha in oiriúint acu do dhaoine le cp nó ilscéaróis nó fiú daoine le strócanna – éinne atá dúnta isteach ina gcolainn ar nós Christopher Nolan.
in oiriúint fitting, apt
" Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.
chur in oiriúint to fit, climatize
" Bíonn orthu a n-iompar agus i gcásanna áirithe, a gcolainn a chur in oiriúint.
chur in oiriúint to apply
" 
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d'Éirinn, thuaidh agus theas.
in oiriúint fitting, proper
" D’ionsaigh siad é sna meáin chumarsáide, ag rá nach raibh na buamaí baisce in oiriúint do chúrsaí cogaidh, agus go mba chóir dó úsáid a bhaint as na buamaí ladrainn mar a dhéanann siad féin.
in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta to fit your party politics
" Ar ndóigh, ní hí an stair an chloch is mó ar phaidrín Robinson ach idé-eolaíocht, bosca stáin ina sánn tú an stair, a bhrú agus a mhúnlú le go mbeidh sé in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta.
curtha in oiriúint go húrnua newly arranged
" "D'iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b'fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla" agus sin an rud a rinne sí, ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh.
in oiriúint don suitable for
" An fhadhb atá ann ná nach bhfuil an t-umar féin in oiriúint don charr.
chur in oiriúint dá chéile to bring into line with each other
" Tá roinnt constaicí ag baint leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta seo chun imirce is forbairt a chur in oiriúint dá chéile.
in oiriúint dá gcuid riachtanas féin in accord with their own requirements
" Acadamh Ibeirneach na hÉireann, Jellet, Hone agus Purser ==================== Chuir an bheirt bhanealaíontóirí sin teoiricí an Chiúbachais in oiriúint dá gcuid riachtanas féin ach níl amhras ar bith ná gur imir Lhote tionchar orthu seo agus ar dhaltaí Éireannacha eile ag an tréimhse sin i leith réimse leathan stíleanna péintéireachta lena n-áirítear ábhar neamhbheo, ábhar tírdhreacha agus portráidíochta agus eile.
in oiriúint suited
" Dúirt sé liom go bhfuil mise agus May in oiriúint dá chéile agus go bhfuil mise tuillte aige.