Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is oiriúnaí most suitable
" Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?
Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé It didn't suit me at all
" Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé.
níos oiriúnaí more suitable
" AÓF: Ar mhaith leat filleadh ar ais go Dún Chaoin le bheith i do chónaí ansin am éigin, nó an maith leat Baile Átha Cliath? MNA: Fé láthair tá sé níos oiriúnaí dom a bheith i mBaile Átha Cliath agus mé ag taisteal le Danú.
ab oiriúnaí most suitable
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
níos oiriúnaí more suitable
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
na heitiltí is oiriúnaí duitse the flights that suit you best
" Is féidir freisin féachaint ar amchláracha na gcomhlachtaí más mian leat fáil amach cad iad na heitiltí is oiriúnaí duitse.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
is oiriúnaí most suitable
" Na postanna is oiriúnaí ======= Gan amhras, tá postanna áirithe níos fóirsteanaí don teileachomaitéireacht ná mar atá cinn eile.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
is oiriúnaí most suitable
" “Mura bhfuil deis agat bheith ag plé le cúrsaí craoltóireachta nó mura bhfuil do chos isteach an doras agat áit éigin, mura bhfuil cur amach agat air, ní bhíonn a fhios agat an sin an saol is oiriúnaí duitse.
an tslí is oiriúnaí the most suitable way
" Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach.
oiriúnú adapting
" An mbeidh sé de mhisneach acu athrú ó oiriúnú na cathrach do ghluaisteáin, agus dul i dtreo athoiriúnú na cathrach dá saoránaigh? Guímis go mbeidh.
níos sócúlaí agus níos oiriúnaí more comfortable and more suitable
" Dá bhfeicfeá an t-athrú a tháinig orm mar gheall ar na buataisí úra – bhí sé dochreidte! Bhí siad cosúil le slipéir bhailé! *Top tip: *agus tú amuigh ag sciáil, má bhíonn fonn ort do chosa a chogaint díot ag na glúine le deireadh a chur leis an phian, seans go bhfuil buataisí eile amuigh ansin a bheadh níos sócúlaí agus níos oiriúnaí duit.
ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú a better time couldn't be chosen
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
níos oiriúnaí more suitable
" Mar gheall air sin, cheap muintir na cathrach sin go mbeadh sé níos oiriúnaí agus níos saoire dá mbeadh Melbourne mar phríomhchathair na tíre.
níos oiriúnaí more suitable
" Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
mí-oiriúnaí unsuitable
" Tuirse orm ach dheamhan codladh ag teacht chugam ach ag na hamanntaí is mí-oiriúnaí, ar nós cúig nóiméad roimh dhul ar an ardán.
is oiriúnaí most suitable
" Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin.
is oiriúnaí most suitable
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
oiriúnú acclimatize
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
is oiriúnaí anois is now more applicable
" Ba mhinic sna nóchaidi a chloistí trácht ar an AE mar Dhaingean Eorpach, ach is oiriúnaí anois ná riamh an leasainm sin.
mí-oiriúnú i gceist a question of unsuitability / mismatching
" Is fíor go bhfuil mí-oiriúnú i gceist idir an dream dífhostaithe agus an margadh oibre, cuirim i gcás na scórtha míle a chaill a gcuid post san earnáil tógála agus na mílte post atá ar fáil in earnáil na teicneolaíochta.
níos oiriúnaí don aos óg more suitable for the youth
" Le cúrsaí teilifíse, tá sé níos oiriúnaí don aos óg, i ndáiríre.