Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ollamh ar cuairt visiting professor
" Bhí sé mar ollamh ar cuairt in Ollscoil Freiburg faoi dhó agus ag an am sin chinn sé ar éirí as aon iarracht a dhéanamh an Ghearmáinis a fhoghlaim nó caidreamh a bheith aige le muintir na tíre.
ollúna professors
" Tá tosaíocht tugtha i gclár tionscnaimh taighde an Acadaimh don Stair, an Léann Ceilteach agus an Béarla agus tá foireann - triúr ollúna, seachtar léachtóirí, agus roinnt oifigeach taighde - i mbun oibre ann cheana féin.
ollamh professor
" (Is cuimhin liom go maith ollamh de chuid na háite a casadh orm sna hochtóidí a bheith ag tabhairt amach faoi Ó Searcaigh de bharr, dar leis, go raibh sé an-leisciúil.
Ollamh le Ceol Cruite Professor of Harp Music
" Bhí sé mar chruitire le ceolfhoireann BBC Thuaisceart Éireann agus mar Ollamh le Ceol Cruite in Acadamh Ríoga Bhéal Feirste go dtí go ndeachaigh sé leis na Chieftains go lánaimseartha i 1973.
iar-Ollamh le Gaeilge former Professor of Irish
" Fear a bhfuil taithí ar an spotsolas aige é an scoláire mór agus iar-Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá anois ina shagart paróiste sa Daingean, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí.
hollúna mórluachacha self-important professors
" Táthar ann ó mhangairí beaga go hollúna mórluachacha atá i dtaobh leis an tionscal seo.
ollamh professor
" "Thaispeáin ár n-ollamh, Margherita Cataldi, bróisiúr Oideas Gael dúinn agus shíl muid go raibh sé suimiúil agus tarraingteach," arsa Elisa Zulian as Torino liom.
na hollúna the professors
" Bhí sé mar dhualgas orainne a bhí i Roinn na Teangeolaíochta cuidiú leis na hollúna na ranganna a mhúineadh nó na scrúduithe a cheartú.
Ollamh le Ceol Professor of Music
" Ceapadh Mícheál Ó Súilleabháin mar Ollamh le Ceol sa choláiste ag an am sin agus theastaigh uaidh rud éigin a dhéanamh ar son na hamhránaíochta Gaeilge.
na hollúna the professors
" Ba cheart do na hollúna rudaí mar sin a chur chun tosaigh, chomh maith le nualitríocht agus litríocht na meánaoiseanna.
ollamh le dlí sainleasa poiblí public interest law professor
" Banzhaf III, ollamh le dlí sainleasa poiblí i Scoil Dlí Ollscoil George Washington leis an *Washington Post*.
Ollamh le Diagacht Professor of Theology
" McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: "As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin.
ollamh cuairte visiting professor
" Tá cúis mhaith ann go bhfuil fís faoi leith ag Angela: tá tréimhsí caite aici in Harvard mar ollamh cuairte, i Minnesota agus ag plé leis an Léann Éireannach i mBoston College.
ollamh professor
" Tabharfaidh Libeskind, atá ina ollamh le hailtireacht in Ollscoil Toronto, roinnt léachtaí i gCorcaigh le linn 2005.
ollamh le fealsúnacht professor of philosophy
" Deir Sanger, ar ollamh le fealsúnacht é in Ollscoil Stáit Ohio, go gcaithfidh an suíomh bheith sásta béim a chur ar ionchur ó lucht léinn.
ollamh professor
" Cé go mb’fhéidir go mbraithfeadh fáilteoir nach bhfuil sí leath chomh tábhachtach le hollamh coláiste nó le húdar, tá na trí phost in aice lena chéile ar an liosta: tá an fáilteoir ag #115, an t-ollamh ag #116, agus an t-údar ag #117.
ollamh professor
" “Fáilte go Fairbanks,” arsa an seanduine, ollamh agus ceannasaí an Alaska Native Language Center.
ollamh professor
" “Fáilte go Fairbanks,” arsa an seanduine, ollamh agus ceannasaí an Alaska Native Language Center.
ollúna professors
" “Caithfidh muid an cheist a chur, ‘Cad chuige?’ I ndiaidh 9/11, rinne ollúna Meiriceánacha ionsaithe fíochmhara orm, ach ní leor é a rá go bhfuil ‘siad’ á dhéanamh mar go bhfuil fuath acu ar an tsaoirse atá againn.
ollamh le heitic professor of ethics
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
ollúna professors
" Tá sárchoiste d’ollúna, ionadaithe an lucht gnó, feirmeoirí agus mar sin de chun an t-athrú seo a phleanáil.
ollamh le heitic professor of ethics
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
agus go n-éistidís le hollúna and that they used to listen to professors
" Mhínigh sí dúinn go dtagadh scoláirí anseo sa seanam agus go n-éistidís le hollúna ag caint faoi na plandaí.
ollamh le fisic professor of physics
" “Gála fórsa uimhir a cúig” a bhí ann dar le hÁine Allen, bean sa ghrúpa, agus bheadh a fhios aicise mar gur ollamh le fisic í a bhfuil suim aici i mbádóireacht, agus d’inis sí dúinn go raibh sí amuigh i gCuan Mó lá amháin i ngála den fhórsa céanna.
Ollamh le Ceol Traidisiúnta Professor of Traditional Music
" ” Tá siad ann a déarfadh nach raibh an institiúid ardléinn i mBéal Feirste riamh fabhrach don chultúr dúchasach ach anuraidh ceapadh an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta san Ollscoil, Martin Dowling.
Ollamh le Gaeilge i gCúil Raithin. Professor of Irish in Coleraine.
" ” Mar thoradh ar an obair atá Bob agus daoine eile a dhéanamh anseo agus san Ind, tá imleabhar á chur le chéile aige féin, ag an Ollamh Kapil Kapoor ó Ollscoil Jawaharlal Nehru i nDeilí Nua agus ag Séamus Mac Mathúna, Ollamh le Gaeilge i gCúil Raithin.
Ar Oileán na Naomh is na nOllamh, In the land of saints and scholars
" TaighdeAgus cad faoin drochaimsir arb í is cúis le leisce daoine úsáid a bhaint as a rothair – de réir an tsuirbhé, ar aon nós?Ar Oileán na Naomh is na nOllamh, ní haon ionadh é go ndearna duine éigin staidéar ar an ábhar áirithe seo.
atá anois ina ollamh le Gaeilge who is now an Irish language professor
" Ba mé féin agus AJ Hughes – atá anois ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Uladh – a chuaigh chuici.
Ollamh professor
" An tOllamh Jonathan Tonge a bhí ag labhairt aici, agus mhaígh sé go raibh an seicteachas mar chuid de ghnáthshaol Chathair Learphoill riamh agus, in ainneoin a shíltear go forleathan, go bhfuil sé fós amhlaidh.
Tír na Naomh agus na nOllamh land of saints and scholars
" Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin! Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.
ollamh agus ina Leas-Seansailéir professor and Vice-Chancellor
" Tá an leabhar seo sa seomra chéanna le Missions at Home sa Sydney Jones Library, Ollscoil Learphoill, áit a bhfuil John Belcam ina ollamh agus ina Leas-Seansailéir.
tOllamh professor
" Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur air.
tOllamh professor
" Fear eile a chuireann na póilíní smaointeoireachta Síónacha ar mire ná an tOllamh Norman Finkelstein, Giúdach agus údar frith-Shíónach The Holocaust Industry agus Beyond Chutzpah: The Misuse of Anti-Semitism.
Ollaimh prof.
" Tháinig níos mó ná leath na mamach ar an domhan atá imithe in éag le dhá chéad bliain anuas, as an Astráil, de réir an Ollaimh Arthur Georges, ón Institute for Applied Ecology ag Ollscoil Canberra.
Ollamh professor
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
tOllamh professor
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
ollamh professor
" Thug Robert Black, ollamh le dlí in Ollscoil Dhùn Èideann, “an absolute and utter outrage” ar chiontú Megrahi.
tOllamh professor
" Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.
ollúna professors
" (Agus ollúna ollscoile ar ndóigh!) An bhfuil siad dáiríre ag rá gur “elite” iad 1.
Ollamh professor
" Ar bhealach, d’fhéadfá a rá gur thosaigh cogadh na hIaráice sna seascaidí nuair a chas Albert Wohlstetter, Ollamh in Ollscoil Chicago, le Ahmed Chalabi.
ollamh professor
" Ina measc bhí Séamus Blake, láithreoir an chláir raidió Gaeilge "Míle Fáilte" a chraoltar gach deireadh seachtaine ar mhórstáisiún raidio Nua-Eabhrac WFUV agus ollamh teanga in Ollscoil Fordham, agus Walter Stock, saineolaí teanga atá ag múineadh Gaeilge le breis agus tríocha bliain i Nua-Eabhrac.
ollamh professor
" Dar leis an ollamh Richard Murphy, ní raibh sé soiléir in aon chor cén fáth go raibh canúint agus pearsantacht láidir Rúiseach ag an Meiriceánach seo darbh ainm Murphy as Philadelphia.
ollamh professor
" Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.
ollamh ollscoile university professor
" Tuairiscíodh san alt go ndúirt ollamh ollscoile, Dr.
Ollamh professor
" Rinne Augustus John portráid daite ola den Ollamh Léinn Ceilteach Kuno Meyer i 1911.
Oileán na Naomh, na nOllamh the island of saints and scholars
" Má thugtar san áireamh nach fada go mbeidh sí ina ceann stáit ar Oileán na Naomh, na nOllamh is na nIarbhaincéirí, mar a fógraíodh sa liarlóg seo an mhí seo caite, is fiú cúpla focal a scríobh mar gheall uirthi féin: an cineál duine atá inti, mar a chonacthas do Bhalor í i gCill Airne.
Ollamh professor
" (Más spéis leat tuilleadh, féach *A Silver Saga* le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990) Taisce Cuerdale ======== Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.
t-Ollamh Gradaim emeritus professor
" ”* San alt sin, a foilsíodh san iris cháiliúil Foreign Affairs, mhol an t-Ollamh Gradaim de chuid Ollscoil Princeton “Lebanonization” don réigiún.
ollaimh professors
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
ollamh ollscoile a university professor
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
tOllamh professor
" Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais.
ollamh professor
" Ní tharlódh a leathchuid de na himeachtaí seo murach ollamh amháin sa léann Éireannach in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, Tomás Ó hÍde, atá ag treabhadh leis go ciúin díograiseach le deich mbliana anois ag cur an léinn Éireannaigh chun cinn ar gach slí is féidir.
Ollamh le Corpeolaíocht a physical education professor
" Ollamh le Corpeolaíocht, le Tíreolaíocht agus le hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil is ea é.
meitheal ollúna a team of professors
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
hOllamh ríomhaireachta a computing professor
" Ba iad Uwe Mundlos, 38, mac le hOllamh ríomhaireachta, agus Uwe Böhnhardt, 34, beirt de na nua-Naitsithe ba mhó tóir sa Ghearmáin.
tOllamh professor
" Is brateagraíocht í an *Koala Research Network*, a labhraíonn ar son corradh is 60 taighdeoir i bhforais éagsúla fud fad na tíre, agus thug an tOllamh Clive McAlpine fianaise don choiste thar ceann an Líonra.
Ollaimh professor
" D’fhreastail mé ar léacht an-spéisiúil de chuid an Ollaimh Mícheál Ó hOireachtaigh ag an Scoil Seandálaíochta in Oideas Gael an mhí seo chuaigh thart ar dhísirt oileáin agus eile.
mic léinn, iarchéimithe agus ollúna students, post-grads and professors
" Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta.
tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh this emerald land of saints and scholars
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
ollaimh professor
" Ba chóir go mbeadh an t-éacht oibre atá déanta ag leithéidí an choimisinéara agus an ollaimh thuas curtha san áireamh nuair a dhéantar meas ar cháil na nGael abhus.
a chloistear ón ollamh radacach feargach one hears from the fiery radical professor
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
ollamh mór a big professor
" Bhí duine ag fanacht san óstán, ollamh mór as Bucaraist.
Bhreathnaigh an t-ollamh anall orainn the prof looked over at us
an tOllamh professor
"an tOllamh John Schlinder, saineolaí Meiriceánach ar chúrsaí na mBalcán agus a seirbhís rúnda, den tuairim go raibh Virkez ag feidhmiú mar agent provocateur san Astráil ar son UDBA um an dtaca sin.
de réir mar atá na hollúna is cáilithe according as the most qualified professors
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
gur Ollamh éigin as California because some prof. from Cal. (said so)
" Níl aon cheist ach go bhfuil sé seo fíor mar gur Ollamh éigin as California a dúirt! Ar an dóigh chéanna, bhí an-ráchairt ar an leabhar *How the Irish Invented Slang* le Daniel Cassidy a mhaígh gurb ón Ghaeilge a tháinig formhór an bhéarlagair chomhaimseartha ar nós *swell* (sóúil), *snazzy* (snasach), *jazz* (go deas), *scam* (is cam é), *sucker* (sách úr), *buddy* (bodach), *dude* (dúid) srl.
ollúna uaisle noble professors
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
an tOllamh professor
" D’fhear an tOllamh David Flint, urlabhraí ar son Australians for a Constitutional Monarchy (ACM), fáilte is fiche roimh fhógairt Abbott, mar a bheifí ag súil leis.
De réir cinntí an Ollaimh according to the professor’s findings
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge Professor of Irish in the Department of Modern Irish
" Tá Seán Ó Coileáin, an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag dul ar scor go luath.
Ollamh le Ceol Traidisiúnta Professor of Traditional Music
" Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
an tOllamh le Béarla Professor of English
" Is drámadóir, úrscéalaí, file, eagarthóir agus scoláire é Robert Welch, an tOllamh le Béarla in Ollscoil Uladh, a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach tá dáimh i gcónaí aige leis an Ghaeilge.
suí ollaimh professorship
" An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
naomh is na n-ollamh saints and scholars
" Léiríonn Alan Desmond thíos gur beag beann mhuintir an AE agus mhuintir oileán seo ‘na naomh is na n-ollamh’ ar an duine a thiocfas anall ag obair inár measc sa phost a mbeadh drogall orainn féin tabhairt faoi.
Ollamh le hEacnamaíocht economics professor
" Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht i mBoston.
Ollamh professor
" Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.