Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na roiseanna orduithe the volleys of orders
" Chaithfeadh sé éalú ó na roiseanna orduithe agus mionnaí móra ar chuir sé suas leo le míonna anois.
ordú aire ministerial order
" Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.
orduithe orders
" Bíonn orainn déileáil freisin leis na horduithe a fhaighimid ón suíomh gréasáin atá againn.
as ordú out of order
" Dúirt mise agus ceardchumannaí eile go raibh Griffiths go hiomlán as ordú ach ní raibh sé sásta leithscéal a ghabháil .
chun a gcuid orduithe a phróiseáil to process their orders
" Is i dtíortha forbartha is mó atá bonneagar airgeadais leictreonach an domhain, rud a fhágann go bhfuil tíortha san Afraic, mar shampla, ag brath ar bhainc sna Stáit Aontaithe chun a gcuid orduithe a phróiseáil.
orduithe díshealbhaithe eviction orders
" In eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua, bhailigh breis agus 400 duine le chéile, iad ag cur i gcoinne orduithe díshealbhaithe a d'eisigh an Tiarna Talún Kirwan.
as ordú out of order
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
a thuilleadh orduithe more orders
" Ach faoi láthair níl muid ag tógáil a thuilleadh orduithe lena aghaidh.
ordú seasta standing order
" An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta.
orduithe orders
" Ba é sin an phríomhchúis gur tharla an tubaiste, mar níor thug ceannaire na bpóiliní, an Ceannfort Duckenfield, aon orduithe nó treoracha do na póilíní a bhí istigh i Leppings Lane, áit a raibh brú millteanach cheana féin.
ordú aire ministerial order
" Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.
orduithe orders
" Ba iad ionsaithe an RUC ar ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, ar orduithe ó Stormont, a chuir an lasair sa bharróg i 1968.
ordú béil oral command
" Ní raibh aon tagairt ach oiread do mheamram an Ghinearáil Seán Mac Eoin ina bhfuil sé scríofa gur thug an tAire Cosanta Jim Gibbons ordú béil don arm gunnaí agus armlón a ullmhú le cur thar teorainn.
orduithe ceannaigh éigeantacha compulsory purchase orders
" I mbeagán focal, tá an Ard-Chúirt ag cur cinneadh polaitiúil i bhfeidhm, cinneadh a thug cead do chorparáid ilnáisiúnta orduithe ceannaigh éigeantacha a eisiúint lena gcuid talún a bhaint ó ghnáthshaoránaigh na tíre.
nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal that the impatient airlines won't cancel their orders
" Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
orduithe orders
" Shuíodar ar fhara beag in airde ag fanacht ar orduithe ó fhear a bhí ag luascadh anonn is anall cheana féin ar mhaide os a gcomhair.
an t-ordú the order
" D’admhaigh baill de chuid an RPF do Hourigan go raibh siad freagach as agus gur thug Kagame an t-ordú dóibh é a dhéanamh.
faoi orduithe ón Chliarlathas under instruction from the hierarchy
" I ndiaidh do na Fórsaí Cosanta agus don tSeirbhís Rúnda a bheith “ag obair” ar an Chanónach Ó Fiannachta ar feadh trí lá agus trí oíche d’admhaigh sé go raibh sé faoi orduithe ón Chliarlathas fuadach an Tóirse a eagrú.
orduithe orders
" Is ar orduithe an rialtais a ainmníonn uachtarán na hÉireann na breithimh, agus déantar chomh cinnte agus is féidir nach mbainfidh conspóid ar bith leis an ainmniúchán.
hordú díbeartha expulsion order
" Cé go raibh cead aici fanacht in Éirinn go ceann 7 mí eile, ghlac sí le hordú díbeartha ar chúis nach bhfuil soiléir.
as ordú of ordering
" Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos.
horduithe gobáin gagging orders
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
ordú srianta sealadach temporary restraining order
" Cuireadh tú leis an gcás ar na mallaibh agus chuir an breitheamh ordú srianta sealadach ar an iontaobhas teaghlaigh inar chuir Hicks an t-airgead thuasluaite.
glacadh le horduithe to accept orders
" ‘Nár mhúin siad duit conas glacadh le horduithe?’ arsa mise leis nuair a bhí an bheirt againn sa chistin, mise ag cócaireacht, eisean ag lorg bia.
b'éigean an t-ordú a chomhlíonadh the order had to be followed
" Bhí cás Uí Eára ina measc ach ní raibh sé iontach sásta ach b'éigean an t-ordú a chomhlíonadh.
cuirim i gcás ordú mór for example the big order
" ” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.
orduithe agus rúin éagsúla various orders and resolutions
" Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú.
tugadh ordú díbeartha a deportation order was given
" Ach in ainneoin na nasc doimhin seo leis an tír, tugadh ordú díbeartha do Jimmy Mubengan i ndiaidh dó dhá bhliain a thabhairt i bpríosún mar gheall ar throid i gclub oíche.
an t-ordú catagórach the categorical order
" Níl na rialacha i ngort na moráltachta chomh scaoilte le gort na polaitíochta agus tugann Kant ‘an t-ordú catagórach’ ar an dualgas a thugann an duine aonair air féin an rud ceart a dhéanamh.
ag ordú deochanna calling for drinks
" Ní raibh cosúlacht mhuintir AA orthu agus iad ag ordú deochanna.
gan ordú cúirte without a court order
" Ní ghnáthchleachtas é d'iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do na Gardaí gan ordú cúirte ach deineadh eisceacht an iarraidh seo.
liosta orduithe a list of orders
" Ansin tá liosta orduithe is féidir a chur chuig an aonad chun an stádas a sheiceáil is ar uile.