Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tIonad Orgánach the Organic Centre
" Chuaigh mé go háit an-deas dhearfach le gairid, is é sin an tIonad Orgánach i Ros Inbhir, Contae Liatroma.
Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma The Leitrim Organic Farmers Co-operative
" Thosaigh cuid acu ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht orgánach, ansin bunaíodh Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma .
go horgánach organically
" Is baile é a d'fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.
feirm orgánach organic
" Chuir mé an fheamainn i mbuicéad, de réir treoracha ar fhógra, a dúirt go dtabharfaí an fheamainn go feirm orgánach agus go n-úsáidfí mar leasachán í.
fás orgánach organic growth
" Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.
dromchla orgánach organic surface
" Cruthaíonn sí dromchla orgánach nádúrtha ach bréagach.
ábhar orgánach organic matter
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
cabáistí orgánacha organic cabbages
" Seo an dóigh ar tharla sé: Samhradh amháin d’iarr sé orm aire a thabhairt dá chuid cabáistí orgánacha a bhí ag fás aníos as carn aoiligh taobh thiar dá theach, ’fhad agus a bheadh sé féin ar shiúl ar saoire ag déanamh staidéir ar éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi.
próiseas an-orgánach very organic process
" ” Is próiseas an-orgánach é déanamh scannáin, ina bhfuil céimeanna éagsúla leanúnacha le glacadh.
déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach the show is developed in an organic way
" Cé go mbíonn scríbhneoir i gceist, déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach freisin.
próiseas orgánach a scannánú to film an organic process
" D'fhéadfá a rá, mar sin, go raibh an t-ádh ar an stiúrthóir de bhrí go raibh deis aige próiseas orgánach a scannánú agus Irglova agus Hansard ag titim i ngrá lena chéile, i ndáiríre.
orgánach organic
" D’úsáid mé líomóid, mil agus sicín áitiúil agus d’ith muid é ar an bhalcóin – blasta, orgánach, galánta.
Bia orgánach organic food
" Bia orgánach ar fad a bhí san óstán agus tógadh an foirgneamh sa seachtó haois déag.
comhdhúile orgánacha organic compounds
" Leis an bplaisteach féin tagann rudaí eile níos measa, mar tarraingíonn an plaisteach comhdhúile orgánacha as an uisce mar PCBanna agus DDT – ceimiceáin a chuireann isteach go millteanach ar shláinte an duine, mar is ró-eol dúinn le glúin anuas.