Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
smaointiú os ard to think out loud
" Tá seo ag tabhairt spáis do bhaill an pháirtí "smaointiú os ard".
ar tí gearán os ard about to complain aloud
" Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh.
ag athrá an ráitis os ard repeating the statement out loud
" "Ar chuala tú an cheist a chuir Simpleoir an eastáit úd thiar?" arsa duine amháin acu leis an duine eile, é ag athrá an ráitis os ard ag súil, b'fhéidir, go gcloisfeadh máinlia na scine í.
ag cleachtadh a óráide os ard practising his speech out loud
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
cáin os ard condemn out loud
" Más drochsceimhlitheoireacht atá ann cáin os ard, caoin os ard.
gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh that he screamed out loud that she couldn't marry
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
go hard os cionn an tsráidbhaile. high above the village.
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
sásta an tUachtarán a lochtú os ard. willing to find fault with the President out loud.
" Go dtí seo, níl ach iarrthóir amháin, an Seanadóir John McCain, sásta an tUachtarán a lochtú os ard.
mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard because of the way they sing out loud
" Níor fhág sin ach 11,000 don ghnáthlucht tacaíochta, daoine a bhíonn ag freastal ar gach cluiche i rith an bliana agus atá molta ag an bhainisteoir Raphael Benitez mar an “12ú himreoir” mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard i rith gach cluiche.
os ard aloud
" Gháir mise os ard níos minicí ná mar is dúil dom in Amharclann an Stáit ar Shráid an Mhargaidh i Sydney mífháiltiúil na hAstráile, nó in aon cineama eile, i dteannta na fírinne.
le cur os ard to go public
" Bíodh gur chaith sé roinnt blianta ar an ollscoil lena dhintiúirí a bhaint amach, níl a chuid cainte (ná scríobh, chreidfinn) réidh le cur os ard go fóill.
ar ard os cionn on a height above
" Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge, ach bádh na codanna na cathrach.
díreach in airde os cionn a shúile just above the eye
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
os ard publically
" Labhair an tUachtarán mar gheall ar na seanriachtanais phoiblí: an dualgas a bhraitheann sé ócáidí ar leith a chomóradh, méid na rudaí a chuirtear fé chomóradh poiblí a leathnú, seans a thabhairt do gach aon traidisiún a chuid mórtais a fhógairt os ard, an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh, ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor.
os ard aloud
" Bhain Gore óg nocht geit as, agus mhaígh sé os ard dá sheanathair; *“Ssss-ennn-ator, there is a naked child, in the Sssshenate chamber.
os ard i mBéarla aloud in English
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
an díon go hard os mo chionn the roof high above my head
" Ballaí ag síneadh isteach i gcroí na huaimhe, an díon go hard os mo chionn.
ag léamh os ard reading aloud
" Agus é ina shuí i gcafé galánta i lár na Víne ag léamh os ard ón leabhar is tábhachtaí dar chum Herzl in 1895, Der Judenstaat, nocht Schama a chuid fealsúnachta pearsanta.
léann sí na sonraí uile amach os ard she read all the details out aloud
" Is rud an-deacair é seo a dheánamh agus mothaím go bhfuil sé ar nós a dialann phearsanta a oscailt don saol mór agus go léann sí na sonraí uile amach os ard do gach éinne! A Saol Gairmiúil ======== Ó shin i leith, tá dhá cheirnín taifeadta aici.
a scéal a chur os ard spreading their story
" Thosaigh Jeffries amach ar thuras dá chuid féin ina dhiaidh seo agus tá sráideanna Nua-Eabhrac, Los Angeles, an Róimh agus Manchuin siúlta aige agus é ag iarraidh pictiúir a tharraingt de dhaoine gan dídean agus a scéal a chur os ard.
léigh sé í os ard sa reilig he read it aloud in the cemetery
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
i bhfad os cionn airde na contúirte well above the danger height level
" Is crainn astu féin iad feasta agus tá siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin.
a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn what’s happening in the heavens
" Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.