Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
páirt ghníomhach active part
" Níl formhór na ngnáthdhaoine sa tír seo i gcoinne na n-imirceach, go háirithe nuair a dhéanann siad iarracht páirt ghníomhach a bheith acu sa tsochaí.
ag glacadh páirte participating
" Ag an am céanna, bhíomar ag glacadh páirte sna comórtaisí Scór.
Páirteanna breise spare parts
" "Páirteanna breise agus a leithéid atá i gceist.
ar bhonn páirt- nó lánaimseartha on a part-time or full-time basis
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
pháirt achrannach contentious role
" Ach, de réir dealraimh, níor thuig cuid oifigeach an DOE ar chor ar bith an pháirt achrannach atá ag dathanna i stair na hÉireann.
páirt ginearáil Shacsanaigh the part of a Saxon general
" Bhí páirt ginearáil Shacsanaigh ag Mark i scannán faoin Rí Artúr, mar shampla.
i bpáirt in common
" Cuimhneoidh sé gur beag buíochas a fuair Dick Spring óna lucht aitheantais féin i 1992 as dul i bpáirt le FF nuair ba léir ag an am sin gur dhiúltaigh an toghlach d’Fhianna Fáil.
ag glacadh páirte san fhéile taking part in the festival
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
ag glacadh páirte ann, taking part in it
" “Bhí a muintir féin ag glacadh páirte ann, tá go leor acu le fada an lá á dhéanamh sin, ag dul siar blianta fada.
ag glacadh páirte sa tionscadal. taking part in the project.
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
páirt an aisteora part of the actor
" Mar shampla, tá Joe – páirt an aisteora Colm Meaney sa scannán – ar an duine is rathúla den bhuíon chairde, ach tiontaíonn seisean in éadan na Gaeilge.
páirt dhíreach direct role
" Siocair gurb iondúil go mbíonn páirt dhíreach acu sa scéal atá faoi chaibidil agus go mbíonn teacht acu ar fhoinsí eolais nach mbeadh ag an iriseoir.
ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, It was the young Poles who most zealously took part in the election
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
ag glacadh páirte iontu taking part in them
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile. we must do it in conjuntion with other countries
" Tá costais mhóra ag baint le satailít a chur sa spás agus, mar sin, caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile.
gan páirt a ghlacadh not to take any part
" Dúirt Dia leis gan páirt a ghlacadh in aon eaglais eile.
páirt thábhachtach an important role
" D’imir muintir Moon páirt thábhachtach ann chomh maith.
mar gheall ar an bpáirt lárnach because of the central role
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
páirt lárnach a central role
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
ag glacadh páirte taking part
" Cé go mbíonn timpeall 3,000 duine ag glacadh páirte sa pharáid Oráisteach a bhíonn ar siúl sa chathair ar an 12 Iúil gach bliain, ní raibh ionadaí de chuid an phobail sin i láthair ag an chomhdháil.
ag glacadh páirt iomlán fully participating
" Taobh istigh de chúpla mí, toghtar coiste áitiúil agus leanann an club áitiúil ar aghaidh ina dhiaidh sin ag glacadh páirt iomlán san eagraíocht.
ag glacadh páirte taking part
" Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta *Fáilte Towers* a craoladh ar RTÉ.
páirt lárnach central part
" Ghlac beirt bhall chonspóideacha de rítheaghlaigh na hEorpa páirt lárnach i bhforbairt na himpireachta nua seo.
ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo. taking part in the courses of this academy
" Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo.
páirt-tumadh partial-immersion
" Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
mhná na páirte dear ladies
" Ní raibh a shárú riamh ann mar aire, a fheara agus a mhná na páirte, nó is é a chuir an Ghaeilge ar ardán an domhain mhóir.
na páirte beloved
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
na páirte dear
" Ráiteachas an Ghiolla Mhóir ============ Labhair sé ar dtús le hÉamonn an Giolla Mór, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, nó mar a thugann daoine áirithe orthu: Páirtí an Locht Oraibhse: **“A Éamoinn, caidé an spórt is mó a thaitníonn leat?”** “Bhuel, a Bhaloir na páirte, tá a fhios ag an saol mór an dúil atá agam sa pheil.
Bhaloir na páirte beloved B.
" “Ó, a Bhaloir na páirte, is tú féin atá ann.
ghlac siad páirt they took part
" “M’athair agus m’uncail, ghlac siad páirt i gCogadh na Saoirse ach ina dhiaidh sin, bhí m’uncail ar thaobh an tSaorstáit agus m’athair ar thaobh na Poblachta.
pháirt lárnach a central part
" Táimid mar pháirt lárnach de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in RTÉ.
cionn is gur ghlac sé páirt because he took part
" Baineann conspóid amháin leis an imreoir Caoimhín Ó Caiside, a díbríodh ón phainéal ag deireadh na bliana 2011 cionn is gur ghlac sé páirt, trí agallamh, i leabhar a scríobh an t-iriseoir Declan Ó Buaigh *‘This is Our Year’* faoi bhliain na peile i gcúige Uladh.
go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela B. A. played a large part
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
is minic a chloistear botúin ina páirt mistakes often appear in her part
" San athchóiriú seo feictear Ruth Lehane mar phríomhcharachtar an dráma, Bónapárt Ó Cúnasa, agus caithfidh mé a rá go ndéanann Lehane a seacht ndícheall leis an méid focal is línte atá aici, ach, is minic a chloistear botúin ina páirt i léiriú a shín níos faide ná uair go leith (gan sos).
páirteanna glactha accepted parts
" com/name/nm0000246/) Ní hé go gceapaim gur aisteoir den chead scoth é, ach tá páirteanna glactha aige i roinnt de na scannáin is ansa liom.
ina pháirteanna in its sections
" Is treise ‘Lincoln’ ina pháirteanna seachas ina iomlán.
Ghlac sé páirt i scliúchas he took part in a disturbance
" Ghlac sé páirt i scliúchas sa bhaile fearainn, an Bealach, i 1815 inar dódh otharlann a raibh arm na Breataine ag baint feidhme as mar bheairic shealadach.
a ghlacann páirt ann who participate
" Teachtaireachtaí sa Taispeántas =============== Spreagann scála an taispeántais iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí agus forais chultúrtha na dtíortha éagsúla a ghlacann páirt ann.
Ghlacas féin páirt I myself took part
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
a ghlac páirte sa mhaistíneacht agus sa chiapadh seo who took part in this bullying and
" Mo náire iad siúd a ghlac páirte sa mhaistíneacht agus sa chiapadh seo.
an té a ghlac páirt the person who took part
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.