Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chóras na bpáirtithe the party system
" Tugann toghlaigh na n-ollscoileanna deis do sheisear ó lasmuigh de chóras na bpáirtithe guth a bheith acu san Oireachtas (Parlaimint na hÉireann).
iarbhall den Pháirtí Cumannach former member of the Communist Party
" Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn sé ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine.
Pháirtí Coimeádach Conservative Party
" "Gun money" a chan cúlbhinseoirí ón Pháirtí Coimeádach i Westminster (18 Nollaig 2001) i rith na díospóireachta ar an lá a fuair Sinn Féin cead oifigí agus áiseanna eile a úsáid i "Máthair na bParlaimintí", mar atá tugtha ar an áit anseo i Sasana.
páirtithe na heite clé the left-wing parties
"páirtithe na heite clé i gcoinne na leasuithe chomh maith ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil na polaiteoirí i mbun argóna faoi na ceisteanna seo de bharr na polaitíochta seachas de bharr iad a bheith buartha faoin oideachas nó faoin mhúinteoireacht.
bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh senior members of the Conservative Party
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
pháirtí partner, girlfriend
" Ní raibh trácht ar bith air agus ansin go tobann ceapadh é mar cheannaire ar pháirtí nua-bhunaithe darbh ainm Leefbaar Nederland (Ísiltír ar féidir maireachtáil inti).
an Pháirtí Daonlathach The Progressive Democrats
" Tá sé íorónta gur bhain leath acu seo leis an Pháirtí Daonlathach, an páirtí a bhí cúpla bliain ó shin i bhfábhar an Seanad a scoir, toisc dar leo go raibh mí-úsáid á baint as.
céasadh a pháirtí tormenting his party
" Labhair leascheannaire an pháirtí, Reg Empey fán "aincheist mhorálta" a bhí ag céasadh a pháirtí de dheasca iad a bheith ag roinnt na cumhachta le Sinn Féin.
páirtí uachtaránachta presidential party
" Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.
chun an páirtí a athbheochan to revive the party
" Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan.
iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí the party's former director of elections
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha a party that deserted its socialist roots
" Níl fáth ar bith nach n-éireodh le hEnda Kenny na vótóirí sin a mhealladh ar ais, agus tuilleadh vótóirí a mhealladh ó Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha go hiomlán le linn na 1990í.
Páirtí aon-ábhair one subject party
" Páirtí aon-ábhair atá san UUP, dar le Sinn Féin, agus is é caitheamh amach Shinn Féin an t-aon ábhar a bhfuil suim acu ann.
páirtí na todhchaí ó thuaidh the party of the future in the north
" Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh.
an páirtí a atógáil to rebuild the party
" Beidh seans ansin ag Trimble an páirtí a atógáil ar fhís s'aige féin, dar le tráchtairí.
ag iarraidh páirtí úr a dhíol trying to sell a new party (to the public)
" Bheadh an dhébhríocht sin ina fadhb agus iad ag iarraidh páirtí úr a dhíol, más sin an rún atá ag na heasaontóirí.
Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht the Oireachtas All-Pary Committee on the Constitution
" Mórcheisteanna ======= Go luath an bhliain seo chugainn creidtear go bhfoilseoidh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht a dtuarascáil maidir le sealúchas.
rud a bhainfidh vótaí don pháirtí which will win votes for the party
" Ligfidh sé seo dó cur ina luí ar vótairí gurb é polasaithe s'aigesan agus polasaithe an UUP a "shaothraigh" an comhghéilleadh seo (agus tuilleadh lena chois más fíor) ón IRA, rud a bhainfidh vótaí don pháirtí ag toghchán nuair a scairtear é.
páirtí s'agamsa my party
" Shleamhnaigh sé ceist chrua isteach sula raibh seans ag Ian é féin a réiteach fána choinne: "An bhfuil aon phleananna agat, a Ian?" "Cionn is go bhfuair páirtí s'agamsa an méid is mó vótaí sa toghchán seo, is muidinne anois an rialtas.
an dá pháirtí fhuinniúla the two energetic parties
" Cad é mar thiocfadh lena mhalairt bheith fior? An nimh i lár an UUP, dul in aois an SDLP agus an dá pháirtí fhuinniúla, Sinn Féin - an t-aon pháirtí amháin a thugann tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar éirigh go maith leis - agus an DUP ag dul i dtreise i rith an ama, ach nach labharfaidh siad lena chéile.
eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí the party's anti-agreement wing
" Ionsaí ar Trimble ======= Ach cad é fán UUP? An féidir gur UUP agus Jeffrey Donaldson i gceannas air a bheas ag glacadh páirte i cibé idirbheartaíocht a bheas i gceist? Is léir go bhfuil eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí réidh le hionsaí mór a dhéanamh ar Trimble le hé a dhíshealbhú.
páirtí náisiúnach na todhchaí the nationalist party of the future
" Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
thar cionn a pháirtí on behalf of the party
" Is toisc gur aithin ceannaire Fhine Gael Enda Kenny an méid seo gur mhol sé féin go ndéanfadh an Criminal Assets Bureau líomhain an Uasail McDowell a fhiosrú agus go ndearna sé é an-soiléir nach raibh an TD Michael Ring ag caint thar cionn a pháirtí nuair a dúirt sé nár chóir do Fhine Gael diúltú amach as amach do chomhrialtas le Sinn Féin.
páirtí agóide a party of protest
" Go minic, bhí siad beo i saol polaitíochta an-bhunúsach, páirtí agóide, páirtí nach raibh de ról aige ach seasamh in éadan naimhde fuara a dtíre agus a gcreidimh, iad cumhdaithe le sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh of the Democratic Party
" Ach sna 1840í, ní raibh spéis dá laghad ag go leor de na hinimircigh Éireannacha - ar lucht leanúna díograiseacha de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh iad - a bheith ag plé na sclábhaíochta i stáit an deiscirt, páirt den tír a bhí i bhfad uathu.
An Páirtí Daonlathach the Progressive Democrats
" Ní raibh ach cúig vóta idir Victor Boyhan (An Páirtí Daonlathach) agus Mary Brophy (Fine Gael) ar an gCarraig Dhubh i nDún Laoghaire.
dó phóstaeirí na bpáirtithe eile the burning of the other parties' posters
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht Oireachtas All-Party Committee on the Constitution
" Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil.
go gcosnaíonn na mná an páirtí that women defend the party
" Agus ainneon go gcosnaíonn na mná an páirtí, fiú amháin i Sinn Féin tá a fhios agam gurb iad na fir atá i gceannas," ar sí.
an Páirtí Coimeádach the Conservative Party
" Bheadh an baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.
baill dá pháirtí members of his party
" Sin ráiteas ó cheannaire an UUP a bhfuil baill dá pháirtí páirteach san Fhóram Paráidí agus sa Choimisiún Dílseach i gcuideachta pharamílitigh an UDA/UFF agus an UVF! Tá triúr maraithe ag an UVF le seacht mí anuas, ach ní chuireann sé baill an DUP nó an UUP ó chodladh na hoíche suí lena n-ionadaithe ar fhóram paráidí ach, ag an am chéanna, diúltaíonn siad glan déileáil le Sinn Féin - mar nár imigh an tIRA, tá a fhios agat.
páirtithe imealleacha marginal parties
" Le linn na coimhlinte, bhíodh sé d'aidhm ag na páirtithe "lár an bhealaigh" na páirtithe imealleacha a choinneáil amuigh.
ón Pháirtí Cumannach from the Communist Party
" Bhí daoine ann ón Pháirtí Cumannach, ón Workers Party.
Pháirtí Daonlathach Democratic Party
" Tháinig an Páirtí Coimeádach chun cinn breis is daichead bliain ó shin go díreach, go príomha mar gheall ar go raibh Caitlicigh Éireannacha Nua-Eabhrac tinn tuirseach den Pháirtí Daonlathach.
an Páirtí Coimeádach the Conservative Party
" Tháinig an Páirtí Coimeádach chun cinn breis is daichead bliain ó shin go díreach, go príomha mar gheall ar go raibh Caitlicigh Éireannacha Nua-Eabhrac tinn tuirseach den Pháirtí Daonlathach.
pháirtí na haicme oibre the party of the working class
" Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine.
na páirtithe mionlaigh the minority parties
" Tá go leor cainte ann na laetha seo faoi céard a dhéanfas na páirtithe mionlaigh, an SDLP agus an UUP (cé a chreidfeadh é?), má thagann an Tionól ar ais go Stormont ar an bhliain seo chugainn.
páirtithe sinsearacha senior parties
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
páirtí sóisialach socialist party
" Ach cá bhfuil an páirtí nach bhfuil ceangailte le taobh amháin den phobal nó leis an taobh eile? Agus cén fáth nach bhfuil páirtí sóisialach go mór chun tosaigh i limistéar a bhfuil an oiread sin bochtaineachta ann.
má scoireann an páirtí if the party ceases
" Seans mór, má scoireann an páirtí, go rachaidh a gcuid ball chuig na trí pháirtí seo mura n-éiríonn siad as an pholaitíocht ar fad.
ag lorg páirtí looking for a partner
" Is féidir freisin freastal ar *cours de séduction*, mar, cosúil le haon chathair eile, is léir go bhfuil neart daoine ann ag lorg páirtí.
toisc gur thréig siad an páirtí because they abandoned the party
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
Cháin an Páirtí Glas an cinneadh the Green Party criticized the decision
" Eitiltí saora ======= Cháin an Páirtí Glas an cinneadh deireadh a chur le seirbhís an Chait Mhara.
do pháirtithe faoi leith to certain parties
" ” Cé go gcaithfeadh Ó Muirí vóta dá mbeadh toghchán ar siúl, ní thuigeann sé an dílseacht chuimsitheach a bhíonn ag daoine do pháirtithe faoi leith.
bhunú an pháirtí the founding of the party
" B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste.
iar-pháirtí former partner
" Glacadh pictiúirí de Liz O’Donnell, Mary Hanafin agus de Bertie Ahern féin ina gculaith snámha agus bíonn scéalta rialta faoin chaidreamh a bhí nó atá ag an Taoiseach lena iar-bhean chéile, lena iar-pháirtí agus lena pháirtí úr.
má loiceann Páirtí an Lucht Oibre orm if the Labour Party fails me
" Tá sé ráite agam go poiblí arís is arís eile, mar go bhfuil oiread bainte agam leis an bhfeachtas chun an mótarbhealach a stopadh ó dhul in aice le Teamhair, má loiceann Páirtí an Lucht Oibre orm sa gcás áirithe sin, má dhéanann siad cúlú ar bith, fágfaidh mé an páirtí.
níor éiligh aon pháirtí polaitiúil no political party demanded
" Diomaite de Shinn Féin (nach mbeifeá ag dréim lena mhalairt uathu ar an cheist seo), níor éiligh aon pháirtí polaitiúil go n-éireodh Michael McDowell as oifig.
an Páirtí Daonlathach the Progressive Democrats
" Bertie Ahern ======= Seans maith go mbeidh Bertie sásta olltoghchán a ghairm i mbliana agus dul sa seans go n-éireoidh le Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach fanacht i gcumhacht.
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
" Ligfear do Callely rith arís agus ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht the Oireachtas All-Party Committee on the Constitution
" Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
an Pháirtí Choimeádaigh the Conservative Party
" Gan aon agó, tá cúis mhaíte ag Stephen Harper, ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh, as a bhfuil curtha i gcrích aige féin.
dul i gcomhairle leis na páirtithe eile to consult with the other parties
" Ach ó tharla nach bhfuil móramh aige, beidh ar Harper dul i gcomhairle leis na páirtithe eile sula dtógfaidh sé aon chinneadh conspóideach, baineadh sé sin le cúrsaí sóisialta, cúrsaí geilleagracha nó an comhshaol.
na páirtithe aontachtacha the unionist parties
" Leoga, an teileascóp a úsáideann na páirtithe aontachtacha agus Rialtas na Breataine - agus Rialtas na hÉireann in amanna – ní fheiceann sé ach radharc amháin – an choiriúlacht phoblachtánach.
an easpa páirtithe polaitíochta the lack of political parties
" Ach an iad seo amháin a chinntíonn gur córas seasmhach atá i gcóras Mheiriceá? Tá rud amháin eile, dar liom, a chinntíonn an tseasmhacht - an easpa páirtithe polaitíochta.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
an Páirtí Daonlathach the Democratic Party
" "Bogadh" comhairleoir an uachtaráin, Karl Rove, go dtí post straitéise toghchánaíochta, tar éis gur tugadh le fios go raibh seans maith ann go bhfaigheadh an Páirtí Daonlathach smacht in athuair ar dhá theach na Comhdhála i dtoghchán "meántéarma" na Samhna.
an Páirtí Daonlathach the Democratic Party
" "Bogadh" comhairleoir an uachtaráin, Karl Rove, go dtí post straitéise toghchánaíochta, tar éis gur tugadh le fios go raibh seans maith ann go bhfaigheadh an Páirtí Daonlathach smacht in athuair ar dhá theach na Comhdhála i dtoghchán "meántéarma" na Samhna.
díluacháil an pháirtí the devaluing of the party
" D’fhanfadh Frank Aiken níb fhaide fós, go dtí nach bhféadfadh sé “díluacháil an pháirtí” a sheasamh a thuilleadh – faicsean CJ Haughey a chuir an dubh air.
na páirtithe polaitíochta aontachtacha the unionist political parties
" Luaigh sé na páirtithe polaitíochta aontachtacha agus an síordhiúltú páirt a ghlacadh i gcainteanna le poblachtánaigh.
urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta the party's spokesman on policing matters
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin in which he coveted the leadership of his own party
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
ar mhaide stiúrach an Pháirtí on the rudder of the Party
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh in the political parties of the north
" Beidh le feiceáil cé acu a bhfuil an bua sin sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh ach tá go leor le foghlaim againn ónar gcairde in Albain.
na craoltaí páirtí polaitíochta the party political broadcasts
" “Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin.
dála an Pháirtí Choimheádaigh like the Conservative Party
" Tá an tuairimíocht ann go dtógfaidh sé níos mó ná toghchán amháin orthu an sprioc sin a aimsiú, arís dála an Pháirtí Choimheádaigh sa Bhreatain.
rogha an dá pháirtí eile the choice of the two other parties
" Meastar go coitianta gurb iad an Comhaontas Glas rogha an dá pháirtí eile mar pháirtnéirí rialtais.
Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin despite the venom and the bitterness between those two parties
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
iarbhaill dá bpáirtí féin former members of their own party
" Go teoiriciúil, d’fhéadfadh FF rialtas mionlaigh a chur i gcionn a chéile le beannacht Shinn Féin agus iarbhaill dá bpáirtí féin, leithéidí Paddy McHugh, James Breen, Jackie Healy-Rae agus Mildred Fox.
iarbhall den pháirtí a former member of the party
" Bheadh deacracht, ar ndóigh, ag an LO dul i bpáirt le cadhan aonair ar nós Higgins, iarbhall den pháirtí.
dhá pháirtí polaitíochta two political parties
" Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.
páirtithe polaitíochta political parties
" Beidh na páirtithe polaitíochta uilig – Sinn Féin agus an DUP san áireamh – i Sráid Downing ag tús na míosa seo ach ní ólfaidh siad tae uimhir a deich ach gheobhaidh siad brioscaí agus deoch béal dorais, in uimhir a 11, Sráid Downing, áit chónaithe Gordon Brown.
liosta mianta na bpáirtithe the parties' wish list
" Is é a bheas ar liosta mianta na bpáirtithe nuair a bhuailfidh siad le chéile ná airgead a chuirfidh feabhas ar an infrastruchtúr, a ndearnadh neamart ann le linn bhlianta na dTrioblóidí.
gcuideachta na bpáirtithe eile, along with the other parties,
" Agus ansin beidh siad féin, i gcuideachta na bpáirtithe eile, ábalta dul i ngleic leis na fadhbanna geilleagracha atá ag crá cuid mhór de bhunadh an tuaiscirt.
ach go gcuirfeadh sé smacht ar na heasaontóirí ina pháirtí féin but that he'd control the dissidents in his own party
" Ach ag éisteacht leis ag labhairt ar RTÉ in agallamh le Tommie Gorman, ba léir, ní hamháin go raibh An Fear Mór réidh leis an bheart a dhéanamh ach go gcuirfeadh sé smacht ar na heasaontóirí ina pháirtí féin a chuirfeadh ina éadan.
áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair. where he met his partner William Hannah for the first time.
" Fuair sé post i Stiúideo MGM ansin agus bhog sé ó Nua-Eabhrac go California, áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair.
ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair leaving the party at the moment
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
na páirtithe polaitíochta the political parties
" Bhí imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid a thug deis do na páirtithe polaitíochta a dtuairimí a nochtadh ar ábhair éagsúla sna réimsí pobal, pleanáil teanga, polasaithe agus oideachas.
ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe. on personalities or on parties.
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
an Páirtí Poblachtánach the Republican Party
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
na páirtithe éagsúla the various parties
" Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán ar an 29 Aibreán, tharla an toghchán níos lú ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, agus níl le déanamh anois ag na páirtithe éagsúla ach rialtas a bhunú.
an Páirtí Liobrálach the Liberal Party
" Tá páirtithe eile ann (is iad an Páirtí Glas agus an Páirtí Liobrálach na cinn is cumhachtaí, ach eatarthu ní fhaigheann siad ach 2% de vótaí na tíre), agus níl aon dabht, mar sin, ach go dtiocfaidh an chéad uachtarán eile ó cheann den dá pháirtí mhóra.
nach scoiltfidh an páirtí. who won't split the party.
" Ní bheidh sé éasca dóibh iarrthóir a chur chun cinn nach scoiltfidh an páirtí.
neamhspleách ar pháirtithe, independent of parties,
" B’fhearr liom bheith neamhspleách ar pháirtithe, cé go bhfuil dearcadh náisiúnach agam.
staid na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe araon the state of both the candidates and the parties
"staid na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe araon le léamh ar na bileoga eolais seo.
rogha an pháirtí the party choice
" Cogar leis faoi litir a seachadadh go déanach san oíche ag tabhairt le fios gurbh é an tUasal Bailey rogha an pháirtí “sa cheantar seo”, ag áiteamh ar dhaoine “d’uimhir a haon a thabhairt dó”.
ar ghnáthbhaill an pháirtí on the ordinary members of the party
" Chuir an vóta díomá ar ghnáthbhaill an pháirtí fosta, mar bhí an chuid is mó acu ag argóint in aghaidh an chogaidh ag gach cruinniú den pháirtí i ngach toghlach, mo dheartháir is sine, John, ina measc.
cháin comhghuaillithe Kumar sa pháirtí é féin. Kumar's colleagues in the party criticised him.
" Nuair a cháin mo dheartháir John an Feisire Ashok Kumar sa *Northern Echo*, cháin comhghuaillithe Kumar sa pháirtí é féin.
páirtí uile-oileánda eile another all-island party
" B’fhéidir gur cheart do Shinn Féin – agus na Glasaigh, páirtí uile-oileánda eile – a bheith ag iarraidh gurbh ionann an ráta pá sa dá chuid den oileán.
aighneas sa pháirtí. tension in the party.
" Comhartha soiléir eile é seo go bhfuil aighneas sa pháirtí.
dílseacht a pháirtí loyalty of his party
" I bhfianaise an mhéid atá tar éis tarlú le déanaí, an mairfidh dílseacht a pháirtí chomh fada sin? Ní mhaireann dílseacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama.
de chuid an Pháirtí Choimeádaigh of the Conservative Party
" "Labour isn't Working", a dúradh ar bhileog stocaireachta de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a scaipeadh roimh olltoghchán na Bealtaine sa bhliain 1979.
comhrialtas atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach a coalition government which is comprised of the Liberal Party
" Faoi láthair, tá tromlach na suíochán sa dá theach ag an rialtas reatha, comhrialtas atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.
páirtí polaitíochta. political party.
" Thug baill den chomh-aireacht le fios i dtosach nach raibh i gceist ach tréimhse chneastachta, mar a tharlaíonn go minic agus ceannaire nua díreach ceaptha ag páirtí polaitíochta.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis. which political party he supports.
" PionósAnois, tá pionós á chur ar gach Gaeilgeoir ó thuaidh, is cuma cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis.
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar. the anti-Irish language parties got the upper hand.
" Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól, fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.