Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Riarthóir/eagarthóir amháin a bhí i mbun na hoibre ar bhonn páirtaimseartha.
fostaithe páirtaimseartha part-time employees
" Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Ach seo gan amhras an chéad uair go raibh roinnt oibrithe ag obair go lánaimseartha ar an fhiontar seachas ar bhonn páirtaimseartha.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" D'éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Cé mhéad duine atá fostaithe san ionad faoi láthair? Tá deichniúr fostaithe go lánaimseartha agus tá suas le fiche múinteoir a fhostaíonn muid go páirtaimseartha.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá beirt fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge, agus tá seachtar fostaithe go páirtaimseartha ar scéim FÁS.
páirtaimseartha part-time
" Baill den arm páirtaimseartha, an TA (*Territorial Army*), is ea cuid mhaith acu.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" D’éirigh linn cuidiú le pobal na Gaeilge brú rialta a chur ar an Chomhairle Contae le hOifigeach na Gaeilge a fhostú agus chuir siad tús leis an phost sin cúpla mí ó shin; ar bhonn páirtaimseartha atá an duine fostaithe ach is tús é.
léitheoir nuachta páirtaimseartha part-time newsreader
" Chuir mé isteach ar phost mar iriseoir agus fuair mé post mar iriseoir agus mar léitheoir nuachta páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine.
go páirtaimseartha part-time
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá cúigear múinteoirí eile ag obair linn ar bhonn páirtaimseartha.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá cúigear múinteoirí eile ag obair linn ar bhonn páirtaimseartha.
post páirtaimseartha léachtóireachta a part-time lecturing job
" D’éirigh le Muireann post páirtaimseartha léachtóireachta a fháil i Roinn na Nua-Ghaeilge i 1981 agus post buan i Roinn na Sean-Ghaeilge dhá bhliain ina dhiaidh sin.
post páirtaimseartha part-time job
" Fuair sí post páirtaimseartha sa stáisiún i dtosach, ag déanamh ionadaíochta do na láithreoirí leanúnachais a bhí ann ag an am, Deirbhile Ní Churraighín agus Ailbhe Ó Monacháin.
aistritheoir páirtaimseartha part-time translator
" Eithne Ní Ghallchobhair: Cén áit a bhfuil tú ag obair, a Mharcin? Marcin Ostasz: Is bainisteoir tionscadal mé le comhlacht mór idirnáisiúnta i gcathair na Gaillimhe agus is aistritheoir páirtaimseartha mé freisin.
arm páirtaimseartha part-time army
" Iarbhall den Territorial Army – arm páirtaimseartha de chuid arm Shasana – ab ea iad agus ó Arm Shasana a fuarthas cuid de na gunnaí agus den armlón a bhí ina seilbh ag Barwise agus ag Alan Clair, ball eile den UVF/Derry Club ar gearradh téarma príosúin ocht bliana air i mí na Nollag 2004 (cf.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
páirtaimseartha part-time
" Taobh istigh de thréimhse ghearr, d'athraigh an cluiche beag páirtaimseartha seo go mórchluiche gairmiúil, a bhí á imirt ar bhonn Pan-Mheiriceánach.
fiú go páirtaimseartha. even on a part-time basis.
" Deir sí go raibh sé deacair a bheith ag taifeadadh agus ag obair ag an am chéanna, fiú go páirtaimseartha.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Lean Derek Culley air ag péintéireacht go páirtaimseartha agus bhí taispeántas mór dar teideal “Five Years of Culley” aige in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath i 1989.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" “Nuair a bhí an *matura* déanta agam, nó an Ardteist mar a thugaimid air in Éirinn, fuair mé post sa bhanc in Zabkowice agus rinne mé staidéar ar an dlí go páirtaimseartha in Wroclaw, cathair mhór tuairim is dhá uair ó thuaidh ó Zabkowice ar an traein.
go páirtaimseartha part-time
" Táim ag obair go páirtaimseartha mar fháilteoir in oifig Nasc, eagraíocht a thugann idir thacaíocht agus chomhairle d’inimircigh.
ag múineadh go páirtaimseartha teaching on a part-time basis
" Bhíodh Liam ag múineadh go páirtaimseartha i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nuair a bhí Tomás de Bhaldraithe ina ollamh agus nuair a ceapadh an scoláire mór le rá Breandán Ó Buachalla in áit de Bhaldraithe, thairg sé post do Liam mar stiúrthóir ar an Teanglann.
páirtaimseartha part-time
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
páirtaimseartha part-time
" “An é an Ceannaire nó an Ceannaire Nua, nó an Ceannaire páirtaimseartha?” “Cá bhfuil Mickey Martin?” a scread Balor.