Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pátrúin patrons
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
phátrúin patrons
" Chruthaigh Caravaggio pictiúir a bhí drámatúil agus lán de d'atmaisféar, agus a bhí ina n-ábhar scannail, iontais agus míshuaimhnis go minic acu sin, eaglaisigh de ghnáth, a bhí mar phátrúin aige.
pátrúin shaibhre rich patrons
" Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin.
phátrúin patrons
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
bpátrún patrons
" Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
thoighsí a bpátrún nua their new patrons’ fancies
" Bhí ealaíontóirí na hÍsiltíre ar an neamhacra don chéad uair riamh i stair Iarthar na hEorpa le saothar a dhéanamh nach raibh ag brath ar choimisiúin ó na heaglaisí amháin agus thosaigh siad ag cruthú pictiúr a bhí dírithe ar thoighsí a bpátrún nua.