Pota Focal Intergaelic
peas | pas | eas | páis | pea
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beairic mhór de chuid na bpéas beairic de chuid na bpéas: a police barracks
"beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna.
seirbhís péas police service
" Ní tharlóidh sé sin go dtí go bhfuil muinín ag an phobal náisiúnaíoch (agus deirim náisiúnaíoch in áit Caitliceach mar caithfidh muinín a bheith ag poblachtánaigh níos mó ná dream ar bith eile, is dócha) i cibé seirbhís péas a bheas ann.
fhórsa péas pobail community police service
" "Ba mhaith liom sibh bhur dtacaíocht a léiriú don fhórsa péas pobail ab fhearr ar domhan - na B-Speisialaigh," a dúirt sé.
péas police
" Ghlac m'fhostóirí leis sin, ach an chéad lá eile, chuir Robin Livingstone scairt orthu agus bhagair sé go gcuirfeadh sé na péas agus a dhlíodóir ina ndiaidh.
péas police
" Cad é an rud é *hit list*? Píosa páipéir a bhfuil "hit list " scríofa air agus pleananna scríofa maidir le pleanáil dúnmharuithe, nó díreach liosta ainmneacha? Na péas féin a dúirt gur "low level intelligence" a bhí sa liosta a fuarthas.
péas police
" Caithfidh na péas déileáil leis sin.
na bpéas of the police
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
péas police officer
péas cleite feather weight
" Ní mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ach ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne.
oifigeach sinsearach péas senior police officer
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
na scórtha péas scores of policemen
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
na péas the police
" D’inis na péas bréaga agus spréigh na meáin na bréaga sin, ag rá gur léim an fear óg thar an bhacainn.
na péas the police
" “Le fada an lá shíl na náisiúnaithe go raibh muid féin agus na péas i bpócaí a chéile, agus d’ionsaigh muid iad le cruthú don taobh eile nach raibh sé sin fíor – le cruthú dóibh, i ndáiríre, go bhfuil muidne, mar Ord Glórmhar agus mar phobal, sásta tabhairt faoi dhream ar bith chun ár gcultúr agus ár ndúchas agus ár n-oidhreacht a chosaint.
gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú that some of them tried to kill police officers
" ” Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú, gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.
phéas police
" De réir mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta, fear troda a raibh stair onórach aige in aghaidh phéas Uladh agus Arm na Corónach ab ea Donaldson.
leis na péas with the police
" Anois, is féidir le Sinn Féin na buntáistí a bhaineann le déileáil go díreach leis na péas a thaispeáint dá lucht tacaíochta.
péas cleite the weight of a feather
" Comórtais nuaNí mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne.
carr péas police car
" Coimeádtar ar a laghad dhá cheann i ngach carr péas anois.
péas police
" Mhothaigh mé deja vu an tseachtain seo agus aontachtaithe ag iarraidh ar na slóite Protastúnach dul isteach sna péas.
leath na bpéas half of the cops
" Agus cé a bhí ag fanacht leo? Cuid mhór de mhuintir óg Ard Eoin le bheith ag tabhairt fúthu agus leath na bpéas de chuid an PSNI le hiad a chosaint agus chun an dá thaobh a choinneáil óna chéile.
na péas chomh imníoch linne the police as nervous as us
" Sin ráite, mhothaigh muid go raibh na péas chomh imníoch linne.
tá na péas sa tóir ar the cops are looking for
" Ní ainmnítear an té atá faoi agallamh, ní thugtar ach “Interviewee Z” air, mar sin de, tá na péas sa tóir ar Anthony McIntyre, duine de na daoine a rinne na hagallaimh le fáil amach uaidhsean an é Ivor Bell atá ar an téip.
ar eagla na bpéas for fear of the cops
" ) Agus maidir le Ming Míthrócaireach, tá a chuid móna bainte – i lár na hoíche a chuaigh sé i mbun a bainte, dar leis, ar eagla na bpéas.