Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
péinteanna aicrileacha acrylic paints
" Ní raibh Marla ach i ndiaidh a dara breithlá a bhaint amach nuair a thosaigh sí ag cruthú pictiúr ar páipéar le scuabanna agus péinteanna aicrileacha.
péinteanna solasmhara luminous paints
" Léirítear i *Ghostship* long taibhsiúil, a rinneadh as fíorlong clúdaithe le péinteanna solasmhara, agus tháinig na sluaite go Cuan Átha Cliath le hamharc air nuair a bhí sé ar taispeáint.
chomh leadránach le péint ag triomú as boring as paint drying
" Bíonn cuid de na cluichí chomh leadránach le péint ag triomú, ach é sin ráite bíonn cuid de na cluichí ar fheabhas ar fad agus iad lán imreoirí atá an-chumasach agus an-sciliúil.
ruainne péinte a little bit of paint
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
marcanna péinte paint marks
" Gach bliain, tugaim faoi deara marcanna péinte ar an tslí suas Sliabh Liag (595 méadar) i nDún na nGall, marcanna a chuireann treoraithe ón mhór-roinn ansin sula dtéann siad suas le grúpaí, mar sin an córas atá acu ansin.
le péint thanaí, with thin paint,
" Tháinig athrú ar a stíl phéintéireachta sna 50í agus ba é an corp nocht a bhí mar ábhar spéise aige feasta thar aon rud eile agus in áit é a phéinteáil le péint thanaí, mar ba nós leis, thosaigh sé ag úsáid péint thiubh agus dathanna maolaithe.
péint thiubh thick paint
" Tháinig athrú ar a stíl phéintéireachta sna 50í agus ba é an corp nocht a bhí mar ábhar spéise aige feasta thar aon rud eile agus in áit é a phéinteáil le péint thanaí, mar ba nós leis, thosaigh sé ag úsáid péint thiubh agus dathanna maolaithe.
cannaí péinte cans of paint
" Sa lá atá inniu ann, úsáideann ealaíontóirí graifítí cannaí péinte agus marcóirí den chuid is mó, agus bíonn iomaíocht ghéar i gceist eatarthu leis an íomhá nó an teachtaireacht is radacaí a chur os comhair an phobail.
le dathanna péinte a roghnú, to choose paint colours,
" Ach cad mar gheall ar chúrsaí níos cruthaithí – an dóigh is fearr le dathanna péinte a roghnú, cuir i gcás.
stiall phéint dhearg a stip of red paint
" Cuireann an chomhairle contae stiall phéint dhearg ar chuid de lána bus agus sin lána rothair?! Tchím i mo cheann na cruinnithe ann a bpléitear a leithéid – “Cá gcuirfidh muid an dream is leochaillí ar na bóithre?” “Caidé fá brúite isteach i mbóithríní atá fá choinne beathaigh d’fheithicil a chuirfeas suas ar an chosán iad?” Cúis gháire amach atá sna lánaí rothaíochta; tagann siad chun deiridh go tobann gan chúis ar bith; bíonn carranna páirceáilte orthu cuid mhaith den am; bíonn siad i dtólamh mar chuid de lána na mbusanna; agus tá sin níos contúirtí ná a bheith amuigh i lár bealaigh.
scuaba péinte paint brushes
" Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach.