Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phéintéireacht painting
" Mhínigh sé dom go raibh dúil aige i gcónaí sa phéintéireacht agus sa cheol.
phéintéireacht painting
" Ach tá spéis agamsa san fhilíocht éisteachta agus sna healaíona go ginearálta - tá suim agam i gcúrsaí drámaíochta agus sa phéintéireacht.
chuaigh sé leis an phéintéireacht he took up painting
" Cuig bliana roimhe sin, chuaigh sé leis an phéintéireacht.
bua na péintéireachta talent for painting
" Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort.
teicnicí péintéireachta painting techniques
" Ba mhór an tionchar a bhí ag ealaíontóirí Ollanacha ar fhorbairt agus ar chur chun cinn teicnicí péintéireachta agus, ag dul siar chomh fada leis an 14ú haois, thug a saothar léargas ar a saol dúinn, rud a spreagann ár suim ann go fóill.
an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach the Flemish School of Painting
" 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta; Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú; Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.
taispeántas mór péintéireachta a big exhibition of painting
" Thosaigh a bhliain le taispeántas mór péintéireachta san óstán clúiteach Le Chateau Marmont i Los Angeles agus tá Colin Farrell, Tom Cruise agus an Banphrionsa Haya ón Iordáin i measc na gcustaiméirí atá aige.
le hábhair phéintéireachta a cheannach to buy painting materials
" Nigh mé urláir ollmhargaidh san oíche agus leag mé síos tíleanna chun airgead a fháil le hábhair phéintéireachta a cheannach.
an phéintéireacht réalaíoch, the realist painting,
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
ó thaobh a theicnicí péintéireachta de as regards his painting techniques
" Deir an Dochtúir Raymond Keaveney, Stiúrthóir an Ghailearaí, go raibh an t-ádh orthu an pictiúr seo a fháil, agus gur *sleeper* a bhí ann sa mhéid is nár tháinig na buanna agus an tábhacht a bhain leis chun solais láithreach, ach go léiríonn sé cárbh as a tháinig Van Gogh ó thaobh a theicnicí péintéireachta de agus cá raibh sé ag dul.
suim sa phéintéireacht an interest in painting
" “Seamus a spreag suim sa phéintéireacht ionam ar dtús.
a stíl phéintéireachta his style of painting
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
cnuasach péintéireachta agus líníochta collection of paintings and drawings
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
bua péintéireachta painting talent
" Bhí móthúcháin agus leochailleacht ag baint lena shaothar chomh maith le bua péintéireachta a d’fhorbair sé ar feadh breis is trí scór blianta.
péintéireachta painting
" Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.