Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
póilíní intinne thought police
" Seans go bhfuil na póilíní intinne ar a mbealach chugam anois.
mheon na bpóilíní the mentality of the police
" Ní raibh an fear armtha, rud a thugann armlón polaitiúil dóibh sin a deir nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar mheon na bpóilíní ó rinneadh an PSNI den RUC.
acmhainní na bpóilíní áitiúla the resources of the local police
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
ag feidhmiú mar phóilín domhanda acting as a world police force
" Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.
Póilín ar meisce a drunken policeman
gléasta mar phóilíní dressed as policemen
" D'éalaigh beirt ghadaithe, a bhí gléasta mar phóilíní, le saothar arbh fhiú $300 milliún é ó Dhánlann Isabella Stewart Gardner i ndiaidh dóibh glais lámh a chur ar na gardaí.
phóilín raoin beat cop
" Agus é ag fás aníos in Greenpoint, Brooklyn mar mhac d'iarshaighdiúir cabhlaigh a bhí ag obair mar phóilín raoin i Nua-Eabhrac, chuir George Marlin suim sa pholaitíocht agus é an-óg.
póilíní armtha armed police officers
" póilíní armtha ======= Bhí drochthoradh ar an bhréag seo.
phóilíní rúnda secret police
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
Údarás na bPóilíní the Police Authority
" "Faigheann muid deontas ó Údarás na bPóilíní mar gur cuid den dualgas atá orthu stad a chur le ciapadh ciníoch," a dúirt Margaret liom.
gach roinn póilíní every police division
" Póilíní iad na píobairí den chuid is mó, ach ar a laghad b'fhaoiseamh iad ó chiúnas agus aghaidheanna crua na saighdiúirí! Is cosúil go bhfuil banna píb ag gach roinn póilíní i Meiriceá, agus más ea, bhíodar i Nua-Eabhrac an lá seo.
rug na póilíní orthu the police caught them
" Ach bhí sé rómhall – rug na póilíní orthu agus níos moille fuair muid amach an fáth go raibh siad chomh callánach sin: bhí lear mór cóicín ina seilbh.
póilíní neamharmtha unarmed police
" Bhí siad ansin mar go raibh an IRA ag scaoileadh póilíní neamharmtha,” a dúirt sé agus binb ina ghlór.
póilín ar ghluaisrothar a policeman on a motorbike
" Agus mé ar mo bhealach abhaile, traochta, fliuch—bhí báisteach ann—agus ocras orm freisin, stop póilín ar ghluaisrothar mé.
a chruthaigh na póilíní which the police created
" Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire agus araile fós sa phríosún le blianta fada mar gheall ar fhianaise bhréagach, a chruthaigh na póilíní.
dhearna na póilíní faic faoi the police did nothing about it
" Thug mé a lán eolais faoin Derry Club don léiritheoir teilifíse Lynn Keane nuair a bhí sí ag déanamh clár faisnéise do Channel 4 i 1995 agus cé go ndearna siad *exposé* faoin áit agus an ceangal a bhí ann leis an UVF, arís ní dhearna na póilíní faic faoi.
chráigh na póilíní daoine the police harrassed people
" I gcónaí, chráigh na póilíní daoine a bhí ar pharáidí de cuid na nÉireannach am ar bith a raibh an JLRFB páirteach iontu (cf.
bhí drochaoibh ar na póilíní the police were in a bad mood
" Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní.
ghlaos ar na póilíní. I called the police.
" Leanas ar aghaidh ag rith agus nuair a d’fhill mé abhaile ghlaos ar na póilíní.
ar mhíghníomhartha na bpóilíní san am atá thart. on the past misdeeds of the police.
" Tá ráite ag Ombudsman úr na bpóilíní, Al Hutchinson, gur cheart do mhuintir an tuaiscirt bheith ag díriú ar an todhchaí agus ní ar mhíghníomhartha na bpóilíní san am atá thart.
tionlacan póilíní. police escort.
" Timpeallaithe le hambasáidí agus consalachtaí, is minic go dtagann na maithe agus na móra tríd an gceantar le tionlacan póilíní.
tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine. the police are dressed in British police uniforms
" Is é an chéad rud atá le feiceáil agus duine ag dul thairsti ná Winston Churchill Avenue, agus tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine.
póilíní na Nua-Shéalainne New Zealand police
" Ghabh póilíní na Nua-Shéalainne seacht nduine dhéag ag deireadh 2007 agus cuireadh ina leith go raibh siad páirteach i bhfáinne paraimíleatach san Oileán Thuaidh.
Mhaígh na póilíní, the police claimed,
" Mhaígh na póilíní, a bhí ag faire orthu ar feadh bliana, go raibh campaí traenála á reáchtáil acu i bhforaoiseacha na hUreweras, sa Bay of Plenty, agus go raibh bagairt ann go bhfeallmharófaí George W.
cáineadh na póilíní go géar the police were sharply criticised
" Roimh i bhfad coimhlint idireitneach a bhí sa scéal, agus cáineadh na póilíní go géar i gceantar Urewera, áit dhúchais an *iwi* (treibh) *Tūhoe* (http://Tuhoe.
an chaoi ar chaith na póilíní leo the way the police treated them
" Mar threibh uaibhreach mhaorga, goilleann sé ar na *Tūhoe* an chaoi ar chaith na póilíní leo.
gur mhaslaigh na póilíní that the police insulted
" Ag labhairt ar chlár maidine Radio Waatea, dúirt feisire an cheantair, Te Ururoa Flavell, gur mhaslaigh na póilíní ainm agus *mana* (dínit) an náisiúin *Tūhoe*.
Bhí triúr póilíní ar a dtriail three policemen were on trial
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
iompar na bpóilíní. behaviour of the police
" Mar sin féin, tháinig ceisteanna géara chun cinn mar gheall ar iompar na bpóilíní.
Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní did they identify themselves as police
" Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní sular thosaíodar ag scaoileadh leis na híospartaigh? Is cosúil nár chuir.
nuair a bhasc ceathrar póilíní when four policemen bashed
" Ná déan dearmad, ach an oiread, ar na círéibeacha ollmhóra in Los Angeles sa bhliain 1992 nuair a bhasc ceathrar póilíní fear gorm darbh ainm Rodney King chun báis, beagnach.
cothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní. an armed police force creates fear in society towards the police
" Deir siad go gcothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní.
forrán a chuir mé ar phóilín sráide addressing a street police man, an exchange I had with a street policeman
" Is maith is cuimhin liom féin forrán a chuir mé ar phóilín sráide i Chicago cúpla bliain ó shin nuair a d’fhiafraigh mé de cá raibh áit éigin.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá the police of America are almost like an army
" Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo. that the police should not be armed like this
" Mar a thuigfeá, tá a lán daoine den tuairim nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo.
póilíní smaointeoireachta thought police
" Fear eile a chuireann na póilíní smaointeoireachta Síónacha ar mire ná an tOllamh Norman Finkelstein, Giúdach agus údar frith-Shíónach The Holocaust Industry agus Beyond Chutzpah: The Misuse of Anti-Semitism.
iompar na bpóilíní police behaviour
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
póilíní capaill mounted police
" Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill the police found the L. supporters to be at fault
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
ba chuma leis na póilíní faoi the police didn’t care about it
" Cé go bhfuil seo in aghaidh an dlí, ba chuma leis na póilíní faoi agus bhí orainn cur suas leis.
Póilín a bhí i mbun na hateangaireachta a cop did the translating
sáinníonn na póilíní le chéile iad the police ‘kettle’ them
" Is gnách i mórbhailte eile, nuair a bhíonn na faisistithe i mbun agóide, go sáinníonn na póilíní le chéile iad, i gcarrchlós nó ina leithéid, agus ní thugtar cead dóibh bogadh as an áit sin, dúirt sé.
is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann the police tactics are the greatest problem
" Ó na mórshiúlta atá feicthe agam sa chathair, is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann.
lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa full of cancer, brutal rotten cops
" Cathair lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa, maorlathas fuarchúiseach agus foréigean collaí í, New Orleans de chuid Simon.
neart póilíní ar dualgas plenty of police on duty
" Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.
póilíní capaill san áireamh mounted police also
" Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.
aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar any proof that the police played foul
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
chas an léirsiú le póilíní círéibe the demo met riot police
" Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta =============== Bhí cuma an-an-difriúil ar chúrsaí uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a chas an léirsiú le póilíní círéibe ar an Avenida Joana Angélica, sráid siopaí thart ar leathmhíle ón staidiam.
na póilíní a chur ar an eolas faoi of informing the police about
" Is cosúil freisin, ámh, gur ghnách dó na póilíní a chur ar an eolas faoi dhaoine amhrasacha, seachas a bheith ag déanamh iomlán na póilíneachta é féin.
shocraigh póilíní an bhaile the town's police decided
" Roinnt seachtainí dár gcionn, shocraigh póilíní an bhaile gan Zimmerman a chúiseamh.
mná chéile na bpóilíní a maraíodh the wives of policemen killed
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
bpóilíní police
" Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna.
póilín a policeman
" Mharaigh póilín é earrach na bliana 2009.