Pota Focal Intergaelic
ós | -ós | pas | pis | póg
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go bpósfá that you would marry
" Ach ag pointe áirithe, bhí glactha leis an dtuairim go bpósfá agus go mbeifeá mar an chumhacht laistiar den bhfear.
pósadh measctha mixed marriage
" Cé gur pósadh measctha atá aici féin agus Len Graham, níor theith siad ó thrioblóidí an Tuaiscirt riamh, mar a rinne go leor lanúineacha eile le tríocha bliain anuas, ach lean orthu ag cur fúthu ar an Mhullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha.
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
chéad phóstaí first marriages
" Chaitheamar béile i dteach chol ceathar Jill oíche Nollag - páistí ó chéad phóstaí na beirte linn.
Pósfar tú gan mhoill you're going to get married soon
" "Sna nóchaidí, bhíodh na fir a bhí thart orm ag rá: 'Pósfar tú gan mhoill, beidh páistí agat, agus tosóidh tú ag taisteal isteach sa chathair ó na bruachbhailte'," a chuimhnigh Buckley, atá bliain is daichead d'aois, le gairid.
dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin like his future wife
" Bhí athair Buckley ag obair do chomhlacht soláthraithe leictreachais in Éirinn, ach, dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin, Alice Devlin, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe chun saol níos fearr a bheith aige.
sagart pósta agus baineann married and female priests
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
Leasú Pósta Feidearálach Federal Marriage Amendment
" In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh.
a d'fhéadfaidís a phósadh that they could marry
" Fágann sé sin nach bhfuil mórán seans ag na fir óga bualadh le mná a d'fhéadfaidís a phósadh.
comhairleoir pósta marriage councillor
" Is é eHarmony, suíomh a bhunaigh comhairleoir pósta agus síceolaí darb ainm Neil Clark Warren, an tseirbhís caidrimh ar líne is mó fáis anois.
choincheap an phósta the concept of marriage
" Tuigtear do *Beo!*, áfach, go raibh eagla ar pháirtithe an Rialtais agus ar Fhine Gael go ndéanfadh aon athrú a dhéanfaí ar shainmhíniú an teaghlaigh dílúcháil ar choincheap an phósta.
scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta three quarters of unmarried parents split
" De réir staitisticí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta sula mbíonn na páistí sé bliana déag d’aois, agus i gcás tuistí pósta, ní scarann ach an tríú cuid.
laistigh den phósadh within marriage
" Ar an ábhar sin, mhol an coiste go gcuirfí isteach clásal nua in Alt 41 a neartódh cearta an pháiste agus a dhéanfadh soiléir go bhfuil na cearta céanna ag an bpáiste a bheirtear lasmuigh den phósadh agus atá ag an bpáiste a bheirtear laistigh den phósadh.
pósta ar Mháire Mhaigdiléana married to Mary Magdalene
" Má chreidimid *The Da Vinci Code*, ní fear singil a bhí in Íosa Críost ach gnáthfhear a bhí pósta ar Mháire Mhaigdiléana, a fuair bás go nádúrtha agus nár aiséirigh riamh ó na mairbh.
ó chuing an phósta from the yoke of marriage
" “Is mór an meas a bhí agam ar an Phrionsa Charlie nó thar rud ar bith eile choinnigh sé mé saor ó chuing an phósta.
gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh that he screamed out loud that she couldn't marry
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
do lánúineacha pósta amháin for married couples only
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
Cén fáth gur theip ar a phósadh? Why did his marriage fail?
" Conas a fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath? Cad a tharla san idirlinn? Cén fáth gur theip ar a phósadh? Cén fáth nár tugadh post dó in Éirinn nuair a d’fhill sé ó Shasana sna seascaidí? Cén fáth? Cén fáth? Cén fáth? Ceisteanna, ceisteanna.
ag pósadh getting married
" ieAr an ábhar go mbeidh mé ag pósadh i mbliana (bhuel i gceann míosa chun a bheith cruinn), bím ag tabhairt cuairte ar an suíomh seo, atá an-úsáideach, go minic.
Aifreann pósta wedding mass
" Is é an rud is fearr liom faoin suíomh ná gur féidir leat leabhrán don Aifreann pósta a ullmhú go héasca air.
le linn phósadh seaca a thuistí. during his parents' frozen marriage.
" Seo páiste a d’fhulaing le linn phósadh seaca a thuistí.
phós sé he married
" Sa deireadh, b’ag Tongariro a bhí an bua, agus phós sé Pihanga.
saol pósta cointinneach míshocair contentious unsteady married life
" Bhí saol pósta cointinneach míshocair aici lena grá mór, Ted Hughes, agus b’airsean a chuir go leor daoine an locht nuair a chuir sí deireadh lena saol.
faoi cheiliúradh caoga bliain pósta about the golden wedding anniversary celebration
" Ach faigheann muid leideanna faoi chúlra na n-inimirceach sa chuid eile den leabhar, mar shampla, scéal ón *Liverpool Catholic Herald* (20 Feabhra 1909) faoi cheiliúradh caoga bliain pósta a bhí ag “Mr and Mrs Maxwell from Co.
trí lánúin phósta three married couples
" Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.
ag pósadh marrying
" Ansin thosaigh mo chairde ar fad ag pósadh agus bhí páistí acu agus an chuid is mó de na cairde singile a bhí agam, bhí cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.
pósta ar fhorbróir, married to a developer,
" Is scríbhneoir í atá pósta ar fhorbróir, tá mac acu agus tá sí ina ball sona (murab ionann agus sásta ar fad) de chuid mheánaicme shócúil leithliseach na hardchathrach.
faoin gcaoi ar phós sí about the way she married
" Labhraíonn Maire faoin gcairdeas a bhí idir a hathair féin agus Cathal Brugha agus faoin gcaoi ar phós sí Ruairí Brugha, ar mhac le Cathal Brugha é.
cosc ar phósadh ban on marriage
" Easnamh eile atá ann ó thaobh chearta na ndaoine aeracha de is ea an pósadh, nó an cosc ar phósadh le bheith níos beaichte.
comhionannas pósta marital equality
" Is é téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “*always the bridesmaid, never the bride*”, téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach.
cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta full rights of the traditional married couple
" I ndiaidh don Bhille um Páirtíocht Shibhialta a bheith rite, ní bheidh cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta ag lánúnacha aeracha ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh foirmiúil ó thaobh an dlí de.
an dóigh a gcaitheadh daoine a bheith pósta the way the people had to be married
" Cuireann sé síos ar na nósanna ar fad a bhain leis an chleamhnas agus an dóigh a gcaitheadh daoine a bheith pósta roimh Mháirt na hInide, an Mháirt roimh an Charghas.
Sular phós sé before he married
" Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
pósadh aerach gay marriage
" Gheall an Páirtí Poblachtanach go mbeadh siad beo i dtir nach raibh pósadh aerach ann, nach mbeadh ginmhilleadh dleathach etc.
comhairleoir treorach pósta marriage advice counsellor
" Is minic a thugtar séasúr an athmhuintearais ar thréimhse na Nollag agus dá bharr sin, ba mhaith liom go dtabharfaí seisiún le comhairleoir treorach pósta do Pheter Robinson agus do Mhartin McGuinness.
phós married
" Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.
nár phós didn't marry
" ’ Fear nár phós ab ea Brendan agus ba fhear é nach raibh ag iarraidh clú ná cáil air féin.
phós married
" Fear a chaith seal dá shaol in Éirinn agus a phós Gyda, deirfiúr Amhlaíbh Chuaráin (Olaf Kvaran), Rí na Lochlannach i nDuibhlinn, ba ea an fear a bhunaigh an chathair álainn seo, Trondheim, sa bhliain 997 i.
pósta married
" Ar íorónaí an tsaoil é, oibrí pobail a bhí in Kevin Mc Daid a bhí pósta ar bhean Phrotastúnach.
chéile pósta spouses
" Ní íosfaidh a gcomharsana ina gcuibhreann, ní ghlacfar leo mar chéile pósta.
phósadar they married
" Casadh bean as Ciarraí ar Charlie agus phósadar.
pósta married
" Tá deartháir agam anso, pósta agus tá clann aige.
pósadh marriage
" Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.
Ní Céasta go Pósta married life isn't easy
" Ní Céasta go Pósta Is beirt iad Woods agus Beckham a chuaigh ar strae maidir lena bpósadh agus a tharraing níos mó airde orthu féin dá bharr ná mar a tharraingíonn siad mar imreoirí spóirt.
lánúin phósta married couple
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
Phós married
" Phós a mháthair faoi dhó roimh na déaga aige, an dara huair le fear a bhí páirteach i gcultas aoise nua, darbh ainm *“The Great White Brotherhood”*.
pósta married
" Sa bhliain 1967, cuirim i gcás, nuair a bhí siad pósta agus clann óg acu, chaith siad samhradh i nGort a’ Choirce, in iarthuaisceart Dhún na nGall, ag dul don phéintéireacht agus an fhilíocht i gcuideachta a chéile.
díreach pósta just married
" Sa bhliain 1985, bhí mé díreach pósta agus ag imirt le foireann shóisear Naomh Jude.
phósadh homaighnéasach homosexual marriage
" Lagaíonn an seanchosc Afraiceach ar phósadh homaighnéasach an t-ocras daonna is bunúsaí, ocras na drúise”.
phóstaí aeracha gay marriages
" Toghadh í do Sheanad Mhinnesota i 2002 agus dhá rud ar a clár oibre: deireadh a chur le ginmhilleadh, agus bac a chur ar phóstaí aeracha.
tar éis dá pósadh cliseadh after her marriage break up
" Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua.
Phósadar they married
" Phósadar i 1945, agus ba scéal grá na haoise an saol a chaitheadar le chéile.
Phós married
" Phós Victoria a 'col cheathair’ Albert i 1840 agus de mhuintir Saxe-Coburg an bheirt acu.
Theip ar phósadh marriage failed
" Theip ar phósadh na Chamberlains agus nuair a phós sí den dara huair d’éalaigh Lindy go dtí na Stáit Aontaithe, áit ina bhfuil sí ina cónaí fós.
go háirithe tar éis pósadh le particularly having married
" Bhí Belfort mór le rá sa cheantar, go háirithe tar éis pósadh le bean ó chlann uasal Portaingéileach.
fear pósta a bhfuil beirt pháiste aige a married man with two children
" David Black, fear pósta a bhfuil beirt pháiste aige.
tá fuacht an phósta ann the marriage is in name only
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
iníon leis pósta le his daughter is married to
" Tá cara liom as Béal Feirste ina chónaí in LA agus iníon leis pósta le duine as cúlra Meicsiceach – ní raibh sé ina chónaí riamh i Meicsiceo ach tá sé bródúil as cultúr agus as teanga Mheicsiceo agus chuaigh sé sin i gcion orm.
An Pósadh Ríoga the royal marriage
" An Pósadh Ríoga agus Suim sa Ghaeilge =============== “Thosaigh muid cúrsa eile le blaiseadh ar an Ghaeilge a thabhairt,” a mhínigh sí.
Phós beirt chairde liom two friends of mine married
" Phós beirt chairde liom i gCalifornia dhá bhliain ó shin.
mhalartaigh an bheirt a móidí pósta the couple exchanged their marriage vows
" Cuireadh cathaoireacha amach ar an trá i gCapitola, agus mhalartaigh an bheirt a móidí pósta os comhair feidhmeannaigh oifigiúil.
ar son agus in aghaidh pósta aerach for and against gay marriage
" Tá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ag plé an dlí os comhair na sluaite daoine ar son agus in aghaidh pósta aerach.
Acht um Chosaint an Phósta the defense of the marriage act
" Agus é ag rá go raibh sé féin go pearsanta in aghaidh phósta aeraigh, rinne sé dlí den ‘Acht um Chosaint an Phósta’ ar an 21ú Meán Fomhair, ceithre mhí tar éis don Ionadaí Bob Barr an t-acht a mholadh.
phósadh comhghnéis sa Tionóil same sex marriage in the Assembly
" Le linn dom bheith á léamh seo, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh ar an phósadh comhghnéis sa Tionóil.
seachas beirt phósta rather than a married couple
" De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
nár thacaigh leis an bpósadh aerach who didn’t support gay marriage
" Ó thaobh cearta sibhialta de, níor bhuail mé le mac léinn amháin nár thacaigh leis an bpósadh aerach, ábhar ailt Bhriain Uí Bhroin san eagrán deireanach de Beo! (Pósadh Aerach ina chnámh spairne i Meirceá) Bhí aithne agam ar chuid mhaith mac léinn a bhí mar chuid den phobal LGBT iad féin agus bhí siad buartha nach mbeadh cead acu féin pósadh sa todhchaí.
mbeadh cead acu féin pósadh they themselves wouldn’t have permission to marry
" Ó thaobh cearta sibhialta de, níor bhuail mé le mac léinn amháin nár thacaigh leis an bpósadh aerach, ábhar ailt Bhriain Uí Bhroin san eagrán deireanach de Beo! (Pósadh Aerach ina chnámh spairne i Meirceá) Bhí aithne agam ar chuid mhaith mac léinn a bhí mar chuid den phobal LGBT iad féin agus bhí siad buartha nach mbeadh cead acu féin pósadh sa todhchaí.
ní aithneofar an pósadh the marriage shall not be recognized
" Más féidir leo pósadh i stát amháin, mar shampla, ní aithneofar an pósadh má bhogann siad go stát eile agus mar sin beidh cánacha i bhfad níos airde le híoc acu is eile.
phós an bheirt acu both married
" D’imigh an t-am thart agus phós an bheirt acu daoine eile.
nár ghlac Mokryna le tairscint phósta that Mokryna didn’t accept Luigi’s proposal
" In ainneoin nár ghlac Mokryna le tairscint phósta Luigi, atá anois 90 bliain d’aois, nuair a d’iarr sé a lámh uirthi, tá an bheirt acu ar ais ag suirí lena chéile mar a bhí fadó.
i dtaobh an stádais phósta in regard to marriage status
" Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.
inar sainmhíníodh pósadh in which marriage was defined
" Ritheadh an tAcht Pósta sa pharlaimint náisiúnta sa bhliain 1961 inar sainmhíníodh pósadh mar ‘the union between a man and a woman’.
phós married
" Nuair a scaoileadh óna bhannaí ansin é, phós Philip Mary Mc Mahon.
a phósadh his marriage
" Thit réimeas Mc Greevey (agus a phósadh) as a chéile.
Chlis a phósadh the marriage failed
" Chlis a phósadh agus é in oifig, agus thosaigh sé ag siúl amach le huachtarán ceardchumann mór, an bhean phósta Carla Katz.
phós married
" “An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.
táim pósta le Carmannach I’m married to a Wexford man
" com/watch?v=R6WuHzE-1fk> Is ag scríobh faoi rudaí a ghearradh tá an-chuid sútha talún gearrtha agam i rith an tsamhraidh seo - táim pósta le Carmannach.
Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha no sooner is same sex marriage granted
" Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil.