Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an bpainéal on the panel
" Ceann de na gnéithe ar chuir mé féin suim ann ná an méid a bhí le rá ag imreoirí a chaill a n-áit ar an bhfoireann agus ar an bpainéal sna blianta sin.
painéal saineolaithe a panel of experts
" Is éard atá sa Chóras Eadrána ná coiste nó painéal saineolaithe a bunaíodh agus a thosaigh ag feidhmiú mí na Bealtaine seo caite chun eachtraí agus cinntí agus conspóidí éagsúla a thógtar ar pháirc na himeartha agus cinntí coistí eile a scrúdú nuair a cheistítear iad.
neart painéal comhairleach, plenty of advisory panels,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
ó phainéil éagsúla from various panels
" Cuid acu trí liosta vótóirí iarchéime ollscoile; cuid eile ó phainéil éagsúla atá in ainm is a bheith ionadaíoch ar shochaí na hÉireann; agus aon duine dhéag a roghnaíonn Taoiseach an lae.
Clár painéil ab ea é, it was a panel show
" Clár painéil ab ea é, ar nós “Have I got News for You” na Breataine.
ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós I don't like panel shows any way
" Ní raibh mé sásta leis an obair a bhí ar siúl agam – ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh.
na saineolaithe ar an bpainéal, the experts on the panel,
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
Roghnaíodh painéal traenála a training panel was selected
" Roghnaíodh painéal traenála ag tús na bliana tar éis gur eagraíodh roinnt cluichí trialacha.
painéil ghréine sun panels
" Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlán ‘glas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht.
díospóireacht painéil a panel debate
" Le linn na comhdhála bhí díospóireacht painéil ann faoi thodhchaí na dteangacha Ceilteacha.
n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha a panel of bilingual speakers would be recruited
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d'oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.