Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol confident of the capacity of the Irish language to describe their lives accurately
" Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol.
go paiteanta well
" AÓF: Cén chaoi a n-aithníonn tú mothúcháin bhréagacha ó fhíormhothúcháin? ÁNíD: Má tá amhránaí sách cleachtach, is féidir mothúcháin bhréagacha a chur i leith go paiteanta.
shiombail phaiteanta clear symbol
" Ach bhí siopa amháin a d'fhan ar oscailt agus atá mar shiombail phaiteanta de luachanna an Tíogair Cheiltigh - Lidl.
go paiteanta clearly, well
" Cuireann na híomhánna a tháinig ón am seo réaltacht leamh na tréimhse faoi ghlas in iúl go paiteanta.
paiteanta clear, exact
" Tá an chuid is mó de na seanfhondúirí seo den tuairim gur éirigh le Bounds léargas paiteanta a thabhairt ar na nithe is tábhachtaí in áit mar Guinan’s.
Siombail phaiteanta a patent symbol
" Siombail phaiteanta é an nós seo de na luachanna úra atá i réim sa tír.
paiteanta clear
" Sampla paiteanta é seo den chur i gcéill agus den dallamullóg a bhaineann leis an dearcadh atá ag an státchóras i leith na teanga.
siombail phaiteanta obvious symbol
" Níl aon dabht faoi ach gur siombail phaiteanta den tíorántacht agus den ansmacht é an Tóirse Oilimpeach anois.
mar eachtra a léiríonn go paiteanta as an event which clearly shows
" Breathnaítear ar an tragóid seo mar eachtra a léiríonn go paiteanta go mbíonn an Afraic, go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.
go paiteanta clearly
" Is duine spreagúil í a chuireann in iúl dúinn go paiteanta an oiread agus is féidir le duine amháin a bhaint amach agus é ag feidhmiú faoi lánacmhainneacht.
go paiteanta properly
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
Cruthúnas paiteanta solid proof
" Cruthúnas paiteanta é seo nár éirigh leis an chóras a bunaíodh in áit Gaeilge éigeantach sa státseirbhís.
go paiteanta properly
" I bhfocla eile, theastódh ón státchóras a chinntiú go mbeidh a dhóthain daoine á earcú a bheas in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí Ghaeilge.
Trasghearrtar go paiteanta cross-cuts perfectly
" Trasghearrtar go paiteanta turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi.
go seoigh agus go paiteanta perfectly
" Oibreoidh ár bplean go seoigh agus go paiteanta le linn an chluiche.
paiteanta excellent
" Tá cur síos paiteanta déanta ag an chraoltóir Bob Quinn ins an leabhar Maverick ar an tsíorchoimhlint idir baill boird agus feidhmeanaigh chomhlachta stáit.
go paiteanta perfectly
" Nuair a bhi an tine fadaithe sa gceárta agus an miotal ag leá, bhuail sé pátrún ar na bandaí sin agus shocraigh sé go paiteanta ar an bhfliúit iad.
Léiriú paiteanta a perfect example
" ” Scrios a Beartaíodh ======= Léiriú paiteanta ar na fadhbanna cumarsáide seo ab ea an cur síos a rinne an Leas-Phríomhfheidhmeanach chuig an Chomhchoiste faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar phostanna san earnáil dheonach.
go paiteanta perfectly
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
go paiteanta perfectly
" Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge gach rud go paiteanta agus go pointeáilte, agus fágann siad an chraic fúinn féin.
cur síos paiteanta an excellent description
"cur síos paiteanta déanta ag an scríbhneoir James Joyce ar an dóigh scannalach a caitheadh leis an fhianaise Gaeilge a thug duine den triúr a crochadh, Maolra Seoighe: *“Neither the old man nor the others accused knew English.
léiríonn siad go paiteanta they show perfectly
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
léargas paiteanta ar an dóigh an excellent insight into how
" Tá easpa gnímh an rialtais i leith na Gaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair de bharr cinneadh an Choimisinéara Teanga éirí as oifig, ach tugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin léargas paiteanta ar an dóigh ar chuir biorshúile na státseirbhíse caipín an bháis ar phlean chun an teanga a chur chun cinn sa tsaol phoiblí.
go paiteanta. clearly, plainly
" Is ait an mac an saol, rud a fhíoraíonn lucht ceannaithe Real Dolls go paiteanta.