Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
paráidí dílseacha loyalist parades
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
shraith paráidí series of parades
" *CowParade* is teideal den taispeántas craiceáilte seo agus tá an ceann atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath ar cheann de shraith paráidí a bheas le feiceáil ar fud an domhain.
ionsaí ar ár bparáid an attack on our parade
" Nuair a rinne na hOráistigh ón Derry Club ionsaí ar ár bparáid ar Lá Fhéile Pádraig i 1996 (cf.
i bparáidí poblachtánacha in republican parades
" Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
mar bhall de Choimisiún na bParáidí as a member of the Parades Commission
" B’fhéidir gurb é sin an fáth gur ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa Tuaisceart sa bhliain 2000 agus mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) i 1991.
Eagraítear paráid ina onóir a parade in his honour is organised
" Eagraítear paráid ina onóir gach bliain a mbíonn an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh inti.
an pharáid spleodrach ollmhór the massive boisterous parade
" Is é buaicphointe an Mardi Gras, gan aon agó, ná an pharáid spleodrach ollmhór a bhíonn ar siúl ag deireadh na féile.
ag deireadh na paráide. at the end of the parade
" Chuir mé ceist ar Steve Hardy – an cigire a bhí i bhfeighil ar an lá – faoin eachtra ag deireadh na paráide.
sa pharáid Oráisteach in the Orange Parade
" Cé go mbíonn timpeall 3,000 duine ag glacadh páirte sa pharáid Oráisteach a bhíonn ar siúl sa chathair ar an 12 Iúil gach bliain, ní raibh ionadaí de chuid an phobail sin i láthair ag an chomhdháil.
paráid parade
" **paráid**Ag deireadh mhí an Mheithimh cuireadh paráid ar bun in Brisbane, príomhchathair Queensland, le fáilte abhaile a chur roimh na trúpaí ón Iaráic.
mar bhall de Choimisiún na bParáidí as a member of the Parades Commission
" Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ.