Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúraimí a pharóiste his parish duties
" "Le tacaíocht an ardeaspaig, d'éirigh sé as cúraimí a pharóiste chun go dtiocfadh leis obair ar bith a dhéanamh a shílfeadh sé a bheith tábhachtach.
paróiste parish
" Tá na mílte ann a úsáideann focail mar *plou *(paróiste), *tre *(cuid de pharóiste), loc (áit naofa), *lann *(séipéal nó díthreabh), ker (sráidbhaile nó teach), etc.
sna paróistí máguaird in the surrounding parishes
" Tháinig sé chun solais go raibh suas le 700 duine i nGaoth Dobhair agus sna paróistí máguaird tar éis litir a fháil.
pharóistí sibhialta civil parishes
" Tá corradh is 57, 000 logainm riaracháin sa stát, idir bharúntachtaí, pharóistí sibhialta, bhailte fearainn agus thoghranna.
chóras cumhachtach na scoileanna paróiste the mighty parochial school system
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.
a bparóistí dúchais their native parishes
" Ar bun cheana ======= D'fhéadfaí a rá, dar ndóigh, go raibh a leithéid chéanna d'imirce ar bun ar feadh na mblianta fada ach i malairt treo, is é sin daoine óga, imreoirí maithe peile agus iomána ina measc, ag fágáil a bparóistí dúchais ar fud na tíre le postanna a ghlacadh sa chathair agus páirt a ghlacadh i gclubanna ar fud Bhaile Átha Cliath.
paróiste seanda ancient parish
" Mar a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, sa treoirleabhar a d’fhoilsigh an comhlacht i 1997: “Dúinne i nGleann Cholm Cille, tá an fhorbairt eacnamúil agus an cultúr dlúthcheangailte lena chéile; ní gnáth-thurasóir a thig chugainn ach cuairteoirí ar spéis leo saibhreas sainiúil na Gaeltachta agus níl áit níos fearr leis sin a fháil ná paróiste seanda an Ghleanna.
an Chomhairle Paróiste the Parish Council
" Bhí a fhios ag an Chomhairle Paróiste faoin damáiste nuair a d’inis mé an scéal dóibh.
sagart paróiste, parish priest
" Labhair mé leis an sagart paróiste, an tAthair Dennis Conor, faoin éigneach.
paróiste dúchais home parish
" Mar shampla, tá O Toole ar mhuintir mo mhná céile ach níl an sloinne sin le feiceáil ina paróiste dúchais sa bhliain 1911.
in achan pharóiste in every single parish
" Mar fhreagra ar an líomhain seo, dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, nach bhfuil sé i gceist go dtógfaí feirm gaoithe in achan pharóiste sa tír.