Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bpeaca marfach mortal sin
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
pheacaí sins
" Rinneadh éagóir mhillteanach ar na mná seo a chaith a saol ag sclábhaíocht mar phionós ar pheacaí in éadan na heaglaise.
peaca mór a big sin
" Mar a dúirt sé liom, peaca mór a bheadh ann bheith ag déanamh aithrise ar na Sasanaigh.
peaca marfach mortal sin
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
peacaí sins
" MÁNAS: Bhí mé i mbaol mo bháis agus chonaic mé na peacaí uilig a bhí déanta agam.
Peaca marfach mortal sin
" MÁNAS: Peaca marfach a bheadh ann iad a chur thar teorainn ar ais — gan a gcuid airgid a thógáil uathu.
an bosca peacaí the sin-bin
" Ba é “an bosca peacaí”, nó Purgóid mar ab fhearr liom féin a thabhairt air, a bhí mar chnámh spairne ar dtús agus, sula raibh triail cheart bainte as mar chóras, cuireadh deireadh leis.
ó pheaca an uaibhris náisiúnta from the sin of national arrogance
" Crothnóidh muid é go mór ó lár an *Irish Times*, agus ní dhéanfaidh muid dearmad go deo ar an dóigh a shábháil sé muid ón dearcadh contráilte, ó pheaca an uaibhris náisiúnta agus ón fhéinmheas Éireannach.
peaca sin
"peaca ar bith é sin.
in éiric a bpeacaí. in reparation for their sins.
" Ba ghnách le cuairteoirí ar an eaglais an patrún a shiúl (go minic ar a nglúine) in éiric a bpeacaí.
Maitheadh dom mo pheacaí, I was forgiven my sin
"Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
Peaca do-mhaite é an maithiúnas, Forgiveness is an unforgiveable sin
" Peaca do-mhaite é an maithiúnas, chóir a bheith chomh do-mhaite le huisce coisricthe a chur fríd an tae.
ar pheacaí na meán cumarsáide about the sins of the media
" Ach déanfaimid dearmad ar pheacaí na meán cumarsáide ar an ábhar áirithe seo.
peaca marfach mortal sin
" Gach seans go sílfidh daoine áirithe gur peaca marfach é leabhar mar seo a fhoilsiú i mBéarla.
peaca marfach domhaite an unforgiveable mortal sin
"peaca marfach domhaite é gan nuachtán laethúil a bheith ag pobal na Gaeilge.
peaca ollmhór a great sin
" Tá go leor acu fós den tuairim gur peaca ollmhór é an fhéile a bheith ar siúl de bharr go spreagann sí “an stíl mhaireachtála homaighnéasach” i measc daoine óga.
peacaí sins
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
peaca marfach mortal sin
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
peacaí sins
" Déanann sé agus deir sé rudaí neamhghnácha, conspóideacha ó am go ham, ach maitheann a lucht leanúna a chuid peacaí dó.
peacaí a shinsir original sins
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
bpeacaí sins
" asp) Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a mhaolú ariamh.
bpeaca marfach mortal sin(s)
" Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach, de réir an tseanteagaisc Chríostaí, a mhúintí fadó ar scoil.
peacaí marfacha mortal sins
" Má fhaightear amach go bhfuil peacaí marfacha ar anam an DUP, thiocfadh leis an tóin titim as an pháirtí.
peaca marfach a major blunder
" Bhí a fhios ag cách go raibh rud ab ionann agus an peaca marfach déanta ag Kevin agus Ginger.
peacaí marfacha mortal sin
" Ní bhíonn orthu siúd dul chuig faoistin ná chuig Aifreann, agus níl peacaí marfacha acu.
Peaca an tSinsir original sin
" Peaca an tSinsir? ========= Ba ag an phointe ama seo a thagann Luther chun tosaigh.
peacaí ársa ancient sins
" In ainneoin charthanacht a chuid próis, chuir Foucault in aghaidh an trua stairiúil sin a fheictear fós go forleathan i saothar ‘raidiceach’ scoláirí a thugann aghaidh ar an gcartlann chun peacaí ársa a cheartú.
peaca an-mhór a serious wrong
" Anois, agus Oifig an Choimisinéara Teanga le caitheamh i dtraipisí, tá Balor den bharúil láidir gur peaca an-mhór é an gníomh suarach seo; ach nach bhfuil ann ach mionpheaca, i ndáiríre, i gcomórtas lena bhfuil curtha ina áit.
Ba mhór an peaca it’s be very wrong
" Ba mhór an peaca nach raibh próiseas ceart comhairliúcháin poiblí ann le cúpla mí anuas faoi cad ba cheart a bheith sa Bhille.
peaca marfach mortal sin
" Is é an peaca marfach a rinne an fear seo ná gur scríobh sé na focail dhiamhaslacha seo in alt dá chuid: *“Same-sex attraction is simply a facet of the human condition”*.
peaca na cladhaireachta the sin of cowardice
" Is gné nirt é an greann, tá súil agam, agus ní dócha gur chóir peaca na cladhaireachta a líomhain i gcoinne an Éireannaigh sa chás seo.
pheacaí’ an tsagairt ‘naofa the sins of the saintly priest
" Bhíodar iomlán dall, mar ba ghnách dóibh san am, ar ‘pheacaí’ an tsagairt ‘naofa’.
is gur mór an peaca it’s a shame
" Tá oiread sin le foghlaim uathu, an dream éachtach eisceachtúil, is gur mór an peaca gan suí sa charr amárach, inniu, nó láithreach, agus an chuairt sin a thabhairt.
nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir who can’t help the sins of their forebears
" Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir.
ceann de na seacht bpeaca marfach one of the seven mortal sins
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas personal transgressions which were forgiven
" Scríbhneoir agus bon-viveur ab ea Jenkins mar aon le polaiteoir cumasach (bhí caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Tony Crosland le linn a óige agus le deirfiúr Jackie Kennedy níos déanaí, peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas óna bhean chéile Jennifer).