Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seal fada long period
" Is daoine iontu féin i gcónaí iad muintir Inis Meáin, fiú iadsan a bhfuil seal fada caite acu ar tír mór.
tréimhse goir incubation period
" Tógálach ======= Tá an galar crúibe agus béil an-tógálach mar aicíd agus aistríonn sé go gasta ó ainmhí go hainmhí; bíonn tréimhse goir idir dhá lá agus lá is fiche aige.
tréimhse period
" Tá tuistí na tíre ag stiúradh a bpáistí trí chóras an CAO faoi láthair agus i gceann cúpla seachtain beidh na déagóirí iad féin ag ullmhú an "mhála scoile" don chéad tréimhse eile dá n-oideachas.
sealanna fada long periods
" Dónall Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic, Vivian Uíbh Eachach, Niamh Ní Mhaoláin, Dónal Ó hAiniféin, Micheál Ó Riabhaigh, Lorcán Mac Gabhann, Niall Ó Murchadha, Cathal Ó Donnghaile agus a lán daoine eile a chaith sealanna fada ar Choiste Riartha nó ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta.
tréimhsí periods
" Bhí tréimhsí caite agam sa Rúis agus, mar sin, bhí a fhios agam go raibh suim i dteanga, i gcultúr agus i gceol na hÉireann ag na Slavaigh (tá Roinn an-bheag i Státollscoil Mhoscó ina múintear rud beag Gaeilge agus Briotáinise) ach ba é seo an chéad uair domsa a chloisteáil go raibh Roinn ollscoile in Oirthear na hEorpa a bhí ag plé leis an nGaeilge ar bhonn lándáiríre.
seantaithí experience over a long period
" Cé go bhfuil cuid mhaith cluichí ríomhaireachta foilsithe ag Microsoft mar bhogearraí cheana féin, is é seo an chéad uair gur chuir siad a ríomhaire cluichí féin ar fáil, agus tá siad ag dul in iomaíocht le comhlachtaí go bhfuil seantaithí acu ar an réimse sin, ar nós Sony agus Nintendo.
sa tréimhse is mó idéalachais dá saol in the most idealistic period of their lives
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
seal period, spell
" Faigh amach cá bhfuil sé ag seinm agus déan cinnte de go gcaitheann tú seal ina chomhluadar.
tréimhse period
" Dá bhrí sin, bhí orm amharc ar mhionsonraí na staire i rith tréimhse nach raibh móran eolais agam fúithi roimhe sin.
tréimhse period
" A lán de na cluichí is fearr sa tréimhse sin bhí Uíbh Fhailí páirteach iontu: v Gaillimh i 1981, v Cill Chainnigh i 1995, v an Clár 1995, v Loch Garman 1996, v Corcaigh 2000.
diomaite de thréimhsí gairide apart from short periods
" Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.
le linn na tréimhse sin during that period
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
seal period
" Chaith sí seal ag obair lena deirfiúr, a raibh óstán aici i gCill Mhic Réanáin, in aice le Leitir Ceanainn, tréimhse i Southampton Shasana agus seal eile arís i mBaile Átha Cliath.
tréimhse iarchogaidh post-war period
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil sa taispeántas suntasach seo agus tá saothar tábhachtach i gceist ó gach cuid dá shaol mar ealaíontóir, grianghrafanna a thóg sé nuair a chaith sé seal i mBerlin san áireamh agus a léiríonn ceileantas agus spiaireacht na tréimhse iarchogaidh san Eoraip.
seal fada idirbheartaíochta a long period of negotiations
" An rud atá romhainn, measaim, ná go mbeidh seal fada idirbheartaíochta idir an dá ghrúpa is mó cumhacht - gluaiseacht na poblachta agus Rialtas na Breataine.
tréimhse period
" Tá cuimhní breátha ag Mícheál ar an tréimhse a chaith sé i dTiobraid Árann agus an-mheas aige ar mhuintir an chontae sin ó shin.
seal period
" Ag druidim le deireadh ár gcomhrá dúirt sí liom go bhfuil sé mar aidhm aici dul i dteagmháil le duine de na mná a chaith seal i dteach níocháin agus a saothar a thaispéaint di.
tréimhse saor ó fhógraí advert-free period
" Tá an tAire Cultúir sa tír ag iarraidh go bhfógróidh an tAontas Eorpach "tréimhse saor ó fhógraí" thart timpeall ar chláracha teilifíse do pháistí.
thréimhse period
" I ndiaidh a thréimhse i Loch Garman chaith Mícheál dhá bhliain, ó 1990 go 1992, sna Stáit Aontaithe.
thréimhse period
" Ag an am, bhí cláracha páistí á ndeanamh aige le TV3 ach tháinig deireadh lena thréimhse sa stáisiún sin nuair a fuair sé an post mar láithreoir "Amú i Meiriceá".
tréimhse period
" Tá sé tar éis a bheith in Éirinn cheana féin mar chuid den chlár, agus tréimhse a chaitheamh i mBaile Átha Cliath mar chuid lárnach den turas.
le linn a thréimhse ollscolaíochta during his period in university
" Go mbeadh tionchar éigin ag Aonad na Gaeilge ar gach mac léinn le linn a thréimhse ollscolaíochta i Luimneach.
tréimhse period
" Níor thaitin an tréimhse sa choláiste sin leis ar chor ar bith.
tréimhse period
" D'athraigh an áit go mór ó d'fhág mé í, agus bhí athruithe móra tagtha orm féin, mar a bhéifeá ag súil, tar éis tréimhse fhada thar lear.
an Tréimhse Mheigiliteach The Megalithic Period
" Is féidir lorg an duine ar an oileán a fheiceáil siar go dtí an Tréimhse Mheigiliteach.
tréimhse period
" Bhí an-chuid éiginnteachta ina shaol le linn na tréimhse seo agus tá sé sin le cloisteáil sna hamhráin.
tréimhse period
" Is múinteoir agus dearthóir acmhainní teagaisc í a chaith tréimhse ina cónaí i Meicsiceo an bhliain seo caite.
an tréimhse chéanna the same period
" Fiú sular thosaigh an cogadh, bhí easpórtáil bia chuig na tíortha seo tar éis titim 11% sa chéad 9 mí de 2002, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2001.
laistigh d'achar gairid inside a short period of time
" Nó d'fhéadfaí eolas a fháil ar na pictiúrlanna agus ar na bialanna sa cheantar, nó go fiú liosta a fháil d'aon teach atá ar díol, laistigh d'achar gairid.
ráithe three-month period
" Bhí cónaí ar an teaghlach i mBaile Átha Cliath, ach chaith siad ar a laghad ráithe chuile bhliain i nDún Chaoin, i dteach a huncail, an Monsignor Pádraig de Brún.
seal period
" Bheidís, dúradar, ag sárú chearta sealúchais an duine, atá leagtha síos sa Bhunreacht.
ar feadh achair áirithe for a certain period of time
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
tréimhse period
" Shíl mé i gcónaí go raibh cónaí air ar an bhloc céanna a raibh go leor de mo chairde ón tréimhse sin ag cur fúthu ann.
tréimhsí periods
tréimhse period
" An mbeidh sé indéanta an dlí a chur i bhfeidhm nó an dtabharfar neamhaird air i go leor áiteacha? Nuair a fhéachfar siar ar an tréimhse seo i gceann fiche bliain, an ndéarfar gur céim mhór chun tosaigh a bhí sa chosc seo ar thobac nó an mbeifear ag rá go raibh deis ann céim chun tosaigh a thógáil ach nár tapaíodh an deis sin?
sa tréimhse dheireanach in the last period
" Is é an míniú a thugann sé ná go raibh cluichí diana, iomaíocha ag Loch Garman i gcoinne Uíbh Fháilí, Chill Chainnigh agus Phort Láirge sular bhuail siad le hAontroim, agus gur chabhraigh taithí na gcluichí go mór leo sa tréimhse dheireanach chun an bua a bhaint amach.
sa tréimhse is bisiúla riamh in the most prolific period ever
" "Anois, mar thoradh air sin uilig, tháinig athbheochan sa cheol traidisiúnta, go dtí go bhfuil muid anois sa tréimhse is bisiúla riamh ó thaobh an cheoil dhúchasaigh de," arsa Neil.
sa tréimhse chéanna in the same period
" I mBaile Átha Cliath sa tréimhse chéanna tháinig méadú 53% ar chíos tithe.
tréimhse period
" Roimh dhul go dtí an BBC, chaith sé tréimhse ag obair mar thaighdeoir, mar léiritheoir agus ansin mar eagarthóir i rannóg cúrsaí reatha HTV.
tréimhsí éagsúla various periods
" Bhíodh cúrsaí réasúnta ginearálta á múineadh aige a raibh sé mar aidhm acu "pictiúr iomlán" a thabhairt do na mic léinn de litríocht na Gaeilge sna tréimhsí éagsúla.
tréimhse period
" Is é an freagra a thug sé orm ná "Cén fáth nach ndéanann tú féin é!?" Chuaigh mé abhaile, mar sin, agus chuir mé liosta le chéile de na hamhráin a raibh mé in ann smaoineamh orthu a raibh baint acu leis an tréimhse sin.
tréimhse period
" Ciontaíodh é as dhá chúiseamh a bhain le bugaireacht le linn na tréimhse céanna.
seal period
" Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an* Irish Times.
seal period
" Sin an radharc a bhí romham nuair a chaith mé seal mar cheannaí airleacain ag olltoghchán roinnt blianta ó shin - ach cuirfear deireadh leis an bpróiseas seo má éiríonn le rialtas na hÉirinn vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm.
tréimhse period
" Cuireadh leis na deacrachtaí seo nuair a rinne stoirm dochar don díon agus bhí tréimhse ann ina raibh an tÁras dúnta ar fad.
tréimhse period
" Deir Liam gur mhaith leis grúpa dá mhic léinn a thabhairt ar thuras go hÉirinn amach anseo, sa chruth is go dtig leo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus ag imeachtaí a bhaineas le cultúr na hÉireann.
ón ré luath-Chríostaí from the early Christian period
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
thréimhse period
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
tréimhsí periods
" Ach thug mo chúraimí stáit orm tréimhsí a chaitheamh ag obair go déanach san oíche sa bhaile agus tréimhsí eile a chaitheamh ag obair thar lear.
thréimhse period
" Mar a luann Murphy, dúirt Frank O'Connor sa leabhar *A Short History of Irish Literature* go raibh cur síos Nicholson ar thréimhse an Ghorta Mhóir ar cheann de na cuntais is fearr dá raibh ann.
ar feadh tréimhse réasúnta fada for a reasonably long period
" Bhíos cinnte fé rud amháin, agus b'in é gur theastaigh go géar uaim imeacht ó Éirinn ar feadh tréimhse réasúnta fada, ach níor theastaigh uaim an Ghaeilge a fhágáil i mo dhiaidh.
seal a period
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
laistigh de thamall gearr within a short period of time
" Anois is arís cloisfidh tú daoine freisin ag rá nach mbeidh in oscailt Pháirc an Chrócaigh ach an tosach agus, laistigh de thamall gearr, go mbeidh áiseanna uile an CLG ar fud na tíre á roinnt le lucht sacair agus rugbaí.
in aicearracht aimsire in a short period of time
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
tréimhsí periods
" Cuireann na hamhráin tréimhsí de do shaol i gcuimhne duit; téann siad amach ansin ar na tonnta agus tá siad an-chumhachtach.
tréimhse dheacair a difficult period
" D'admhaigh sé gur spreag tréimhse dheacair a d'fhulaing sé ina shaol pearsanta féin é, tréimhse a chuidigh leis machnamh a dhéanamh ar Pháis Chríost.
era, period
" I ndiaidh na abhlóide síochánta sa bhliain 1989 (*sametová revoluce *nó an abhlóid veilbhite), thosaigh daoine ag machnamh ar a bhfamhacha, famhacha a d'imigh siar i bhfad roimh theacht na nGearmánach agus na Slavach, is é sin le rá, go dtí na Ceiltigh féin.
tréimhse period
" Mar sin, ar chúiseanna síceolaíocha chomh maith le cúiseanna stairiúla, ní theastaíonn ó chuid mhaith Seiceach smaoineamh ar an tréimhse sin anois, agus is láidre ar fad a spéis sa chultúr meánaoiseach agus níos faide siar.
tréimhse fhada a long period
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine óg atá ag iarraidh an fheadóg mhór a fhoghlaim? SJW: Molaimse do dhuine óg atá ag tosnú ar an bhfeadóg mhór píosa beag cleachtaidh a dhéanamh go minic seachas tréimhse fhada ag am amháin.
taobh istigh d'achar gearr inside a short period of time
" Ní féidir a shamhlú go mbeidh an DUP agus Sinn Féin ag roinnt cumhachta taobh istigh d'achar gearr.
tréimhse period
" Tá sé beagán le cois dhá bhliain ó bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach agus tá deireadh tagtha freisin leis an tréimhse 500 bliain a raibh an tír faoi chúram dream éicint eile - an Phortaingéil ar feadh i bhfad, an Indinéis ó 1975 agus na Náisiúin Aontaithe ó 1999.
thréimhse ghairid a short period
" De bhrí gur tháinig an Mhaighdean i láthair Indiaigh, chuaigh an creideamh Caitliceach i bhfeidhm go mór taobh istigh de thréimhse ghairid ar bhundúchasaigh Mheicsiceo.
laistigh d'achar gairid inside a short period of time
" Ach dá gcaithfí leath an bhuiséid a chuirtear ar fáil don Chomhpholasaí Talmhaíochta ar thaighde agus ar fhorbairt, agus ar thionscadail nua fiontraíochta, bheadh an tsean-Eoraip chun cinn ar na Stáit laistigh d'achar gairid, a dúirt sé.
tréimhse taistil a period of travel
" " Bhí tréimhse taistil ag Pauline agus í ag fás aníos - bhog sí féin agus a máthair ó Chiarraí go Tír Chonaill go Baile Átha Cliath agus go háiteanna eile i Sasana.
tréimhse period
" Cá bhfágann casadh na taoide seo muid don tréimhse atá romhainn? Tá ionadaithe ag Sinn Féin anois ar chomhairlí contae, sa Dáil agus i bParlaimint na hEorpa.
tréimhse a period
" Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige.
tréimhsí periods
" Tá cúis mhaith ann go bhfuil fís faoi leith ag Angela: tá tréimhsí caite aici in Harvard mar ollamh cuairte, i Minnesota agus ag plé leis an Léann Éireannach i mBoston College.
idirthréimhse an in-between period
" " Mhair Bourke, mar sin, trí idirthréimhse ina raibh cúrsaí ban ag athrú ach, mar sin féin, ní raibh a taithí chomh difriúil sin ó thaithí Brennan.
tréimhse mheasartha síochána a reasonable period of peace
" Mothaíonn siad frustrachas fán dóigh a gcailleann rialtas na Breataine suim sna Sé Chontae am ar bith a mbíonn tréimhse mheasartha síochána ann.
tréimhse fhada de riail dhíreach a long period of direct rule
" Deir an DUP go mbeadh siad sásta le tréimhse fhada de riail dhíreach ó Westminster ach bhainfeadh poblachtánaigh úsáid as comhthéacs na rialach dírí le brú a chur ar rialtas na Breataine maidir le ceisteanna ceart daonna, dímhíleatú, agus a leithéidí sin.
seal a period of time
" " seal i Sasana ======= Chinn Anna ar an mhúinteoireacht a fhágáil ina diaidh agus roinnt blianta a chaitheamh i Sasana ar mhaithe le taithí úr a fháil agus "eispéireas cultúrtha" a bheith aici.
sealanna periods of time
" Ní raibh glas ar bith ar mo sheomra agus bhí duine nó beirt sa teach a bhí tar éis sealanna a chaitheamh i bpríosún (bhí fear amháin a mharaigh duine!).
tréimhse period
" Beidh an fhéile, atá mar chuid den *ESB Fringe Festival, *ar siúl go dtí an 10ú lá agus, i rith na tréimhse sin, léireofar drámaí ó chompántais amharclainne ó thuaidh agus ó dheas.
seal a period
" Tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Amharclann na Mainistreach sna hochtóidí, d'imigh sé go Nua-Eabhrac agus chuaigh sé i mbun múinteoireachta san American Academy of Dramatic Arts.
tréimhse period
" Tá sé i gceist agam freisin tréimhse a chaitheamh in Albain ag déanamh staidéir ar thraidisiún amhránaíochta Ghaeilge na hAlban.
tréimhse fionraíochta period of suspension
" Is éard ba chóir a dhéanamh i gcás an chárta bhuí ná 10 nóiméad sosa ar an taobhlíne a bhronnadh láithreach ar imreoir a fhaigheann cárta buí, móide tréimhse fionraíochta, ag brath ar dhonacht na calaoise a bheadh déanta aige.
tréimhse period
" I measc na mbunaitheoirí bhí Kieran O'Doherty, fear a chaith tréimhse fhada ag cur faoi i Queens, ar tháinig a athair go Meiriceá as Dún na nGall.
thréimhse na gCeart Sibhialta the Civil Rights period
" Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus "*challengers*", mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa *Deep South*, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.
sa Ré Luath-Chríostaí in the Early Christian period
" Bhí séipéal ar an oileán sa Ré Luath-Chríostaí.
tréimhse an-ghairid a very short period
" Ina gcás siúd, seans nach maireann an staid áthais sin ach tréimhse an-ghairid agus an ceiliúradh ar feadh lá nó dhó.
tréimhse feithimh a period of waiting
" De ghnáth, nuair a bhíonn coinne á heagrú agat le duine éigin, bíonn tréimhse feithimh i gceist.
tréimhse period
" " An toradh atá air sin ar fad ná go bhfuil cuid acu bacach inniu de bharr airtrítis sna glúine agus sna cromáin nó de bharr gortú éigin a bhain dóibh le linn na tréimhse a bhí siad ag imirt peile.
ag tagairt don tréimhse referring to the period
" "Bhí sé polaitiúil agus deacair," a deir Ray ag tagairt don tréimhse a chaith sé ansin, "ach tairbheach ag an am céanna.
tráthanna faoi leith certain periods
" Nuair a bhíonn tuismitheoir scartha ó phaistí, nuair nach bhfeiceann sé iad ach ag tráthanna faoi leith, bíonn sé deacair i gcónaí.
le linn tréimhse deacra during a difficult period
" " Cé go raibh neart nua ag Ray, tháinig sé ar ais go hÉirinn le linn tréimhse deacra.
tréimhse period
" Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d'ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.
ón ré luath-Chríostaí the early Christian period
" Ar an bhealach, thit mé i ngrá le dánta gonta, áille na manach ón ré luath-Chríostaí agus ansin leis na hamhráin ón 18ú haois, atá mar chuid den traidisiún amhránaíochta fós.
tréimhse period
" Agus smaoinigh mar a bhraithfeá dá mba thuismitheoir tú a raibh sé mar aidhm agat do pháiste a chur chuig scoil Naomh Fionnbarra i mBrooklyn, abair, nó chuig Scoil Mhuire Mount Carmel i Queens agus go gcloisfeá, ag tús na tréimhse is naofa seo den bhliain, go raibh na scoileanna seo, mar aon le hinstitiúidí eile, le dúnadh.
tréimhse míshocra restless period
" Is le linn na tréimhse míshocra seo dá shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla dá shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, tá an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.
tráth period
" ” Íospartach eile dá chuid é an míosachán *Saol*, nó “Pravda Fhoras na Gaeilge” mar a thug Ó Muirí air tráth.
seal a period of time
" Sílim gur chóir d’achan duine seal a chaitheamh san ollscoil.
tréimhse period
" Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh agus críochnaíonn an taispeántas le sraith ón tréimhse dheireanach dá shaol, a thaispeánann an t-éadóchas agus an drochshláinte a tháinig air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha dá shaol.
tréimhse chogaíochta period of war
" Níl aon amhras ach thar tréimhse chogaíochta 30 bliain go raibh an IRA freagrach as go leor bancanna a robáil agus go leor daoine a dhúnmharú.
thréimhse ghairid short period
" Ach taobh istigh de thréimhse ghairid, tháinig laghdú ar an tacaíocht seo arís.
tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid after a long period of decline and lack of money
" Caitear an chuid is mó den airgead poiblí ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid.
le linn a thréimhse during his period
" Músclaíodh a chuid suime sa Ghaeilge le linn a thréimhse san ollscoil fosta.
tréimhse fhíorthábhachtach an extremely important period
" ” Cuireadh tús, mar sin, le tréimhse fhíorthábhachtach i saol Marcus.
tréimhse ullmhúcháin a period of preparation
" Ach níl fiú trí mhí fágtha de na conarthaí OSP reatha, agus bíonn tréimhse ullmhúcháin de dhíth ar aerlínte i gcás bealaí nua.
sa tréimhse chéanna in the same period
" Ó dheas, meastar gur caitheadh IR£1,050 milliún ar chúrsaí slándála sa tréimhse chéanna.
ón tréimhse réabhlóideach sin from that revolutionary period
" Agus mé ag labhairt faoi seo leis an ghrúpa siúlóirí, ní raibh tuairim agam go mbeadh mo lámh féin ar bhád ón tréimhse réabhlóideach sin roimh i bhfad - agus gur i Learpholl a tharlódh sé! Ní raibh mé i bhfad ar ais anseo nuair a chuala mé go raibh bád Bheanntraí, bád Francach ó 1796, i Músaem Mara Merseyside, áit a raibh John Kearon agus a fhoireann á dheisiú.