Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
piléar bullet
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
piléir rubair rubber bullets
" Is cuimhin liom Operation Motorman i 1972, nuair a scaoil siad piléir rubair le comharsanach d'ár gcuid, Emma Groves, a raibh aon duine dhéag clainne aici, agus scaoileadh na súile aisti.
piléar plaisteach plastic bullets
" Tá an SDLP ag iarraidh rudaí a bhaint amach taobh istigh den Bhord Póilíneachta - ina measc, deireadh le húsáid piléar plaisteach, cód eiticí do bhaill an phéasfhórsa úir, straitéis oideachais, traenála agus forbartha, córas measúnaithe d'achan oifigeach agus athruithe i gcuma agus i maisiú stáisiún péas.
piléir bullets
" Gan é ach 20 bliain d'aois agus páiste dá chuid féin aige, chuir dílseoirí piléir isteach i gcloigeann an fhir poist seo.
piléar plaisteach plastic bullets
" Bhí roinnt mhaith iarchimí ann, agus feachtasóirí mar Clara Reilly ón fheachtas in éadan piléar plaisteach, Marie Moore ó Shinn Féin, agus Elsie Best ón ionad oideachais ag Muileann Mhic Conmidhe (Conway Mill).
piléar bullets
" "An mbeidh Bolton Wanderers sa Premiership an séasúr seo chugainn?" - b'in an phríomhchúis go raibh aird na meán cumarsáide dírithe ar an bhaile seo i Lanchashire, go dtí an lá deireanach de mhí an Aibreáin nuair a scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair go moch ar maidin.
philéar plaisteach plastic bullet
" Tháinig an chéad chóip amach an Luan i ndiaidh do philéar plaisteach John Downes a mharú ag léirsiú i mBaile Andarsan (12 Lúnasa).
dhá philéar two bullets
" D'imigh McBride ina rith ach, ainneoin oifigeach an phatróil "Don't shoot" a screadaíl, chuir an bheirt saighdiúirí dhá philéar i ndroim McBride.
piléir bullets
" "Ach níl aon spriocanna, piléir ná tóraitheoirí i gceist.
thrí chás piléir three bullet-casings
" " Ar an bhealach go dtí an t-oileán, tháinig Finbar ar thrí chás piléir.
piléar bullet
" Scaoil an fairtheoir, Jacques Mercier, piléar, rud a chuir in iúl do na Ginéivigh go raibh ionsaí ar siúl.
na céadta piléar hundreds of bullets
" Nuair a rinne na póilíní ruathar ar a theach i Walton, Learpholl i Meitheamh 2004 fuair siad meaisínghunna amháin, trí ghunna gráin gearrtha, dhá phiostal, dhá raidhfil SA 80 ó Arm Shasana agus na céadta piléar.
piléir bullets
" Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa.
roinnt piléar some bullets
" Scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair in Bolton fosta i mí Aibreáin 2003 agus scríobh mé faoin scéal sin in *Beo! *cheana féin (eagrán 26, Meitheamh 2003).
mo mhuifléad piléar my bullet muffler
" i mo phóca eile – gan trácht ar mo mhuifléad piléar thart ar mo mhuineál agus an dá Colt 45 i mo phócaí tóna.
sé philéar six bullets
" De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé.
piléar trína chloigeann a bullet through his head
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
piléir bullets
" An chéad rud eile—piléir.
sula raibh mo dhóthain piléar agam until I had enough bullets
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha. that learning Irish was the same as a bullet in the armed struggle.
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
piléar bullet
" D’imigh piléar thar mo chluas de sheabhrán tapa, agus le búir innill, sciorr an gluaisteán ar ais amach ar an tsráid.
30 piléar 30 bullets
" Lena chois sin, bhí 30 piléar ag Richardson ina oifig i WrightBus ar an Bhaile Meanach.
piléir bullets.
" Nuair a bhí sé thart, chuaigh fear an Browning thart ar na daoine a bhí ina luí ar an urlár agus chuir piléir isteach iontu.
trí philéar three bullets
" Má tá an aird uilig á díriú ar an UDA, ná déanaimis dearmad gur chuir na Red Hand Commandos trí philéar chuig UTV ag deireadh na míosa seo caite agus ainmneacha agus sonraí uimhirphláta charranna Robin Livingstone, eagarthóir an *Andersonstown News*, agus Richard McAuley, Oifigeach Preasa Shinn Fein, leo.
i rúisc caoga piléar in a burst of 50 bullets
" Maraíodh Sean Bell, ar fhear gorm é, i rúisc caoga piléar agus é ag fágáil an chlub, áit a raibh a oíche stumpaí díreach i ndiaidh a bheith ar siúl.
piléar bullets
" Dá n-ardófá do lámh go gasta gan choinne, bheadh céad piléar fríd do chorp taobh istigh de leathmheandar.
lorg na bpiléar the bullet marks
" Chonaic sé lorg na bpiléar agus chuala scéalta an bháis.
sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar this time of the year when they have to face the firing squad
" Cur síos ar an áis ghutháin ó mhuintir PoetryBeo, ní a chuideos le roinnt daoine sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar.