Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sraith priontaí ar phlátaí copair a series of prints on copper plates
" I measc na bpríomhphíosaí sa taispeántas tá sraith priontaí ar phlátaí copair a bhfuil íomhánna de ghnáthbhoscaí cairtchláir le feiceáil orthu.
phláta plaisteach plastic plate
" Is fada freisin ó tugadh béile na Nollag dom ar phláta plaisteach - caithfidh go rabhas breá sábháilte i gcathaoir ard, gúna gleoite na Nollag agus bibí beag daite orm agus mo thuistí, aintíní agus uncailí ag rá liom gur cailín beag maith mé.
fáisctear an taos idir plátaí móra cruinne the paste is squeezed between big round plates
" Basctar i dtobán mór iad, ansin fáisctear an taos idir plátaí móra cruinne.
ar na plátaí órga on the gold plates
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
cár cuireadh na plátaí. where the plates had been buried.
" In 1827 thaispeáin an t-aingeal do Smith cár cuireadh na plátaí.
ar phlátaí órga on golden plates
" In 1823 dúirt Smith gur thug aingeal darbh ainm dó Moroni cuairt air agus dúirt sé leis go raibh leabhar – a bhí scríofa ar phlátaí órga – curtha sa talamh in aice a fheirme.
a bhrú timpeall ar phláta le forc to push around the plate with a fork
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
leis an bpláta beag in prison
" B’fhéidir go ngearrfar tréimhse ghairid air agus go scaoilfear amach go ciúin é i gceann cúpla bliain, nó b’fhéidir go ndéanfar sampla de agus go gcaithfidh sé an chuid eile dá shaol leis an bpláta beag.
ar an bpláta beag doing time, in jail
" Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag.
go dtí go raibh muid ar an pláta bheag until we were in jail
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
ar an bpláta beag i gcarcair in a jail
" Chaith Corby naoi mbliana ar an bpláta beag i gcarcair darb ainm Kerobokan, i mBali na hIndinéise, agus bhí a scaoileadh saor ar an bpríomhscéal sna meáin go léir san Astráil ag an am.
isteach ar an bpláta beag into jail
" Nuair a cuireadh Margaretta isteach ar an bpláta beag, mhúscail sé sin machnamh sna daoine.