Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag impí orthu pleading with them
" Deir an gníomhaíoch cearta daonna, Dr Robbie McVeigh: "Sular thosaigh an cogadh, thug muid litir phearsanta d'achan chomhairleoir cathrach ag impí orthu seasamh a ghlacadh in éadan Raytheon.
a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú who pleaded guilty to killing Pat Finucane
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
gealtacht a phléadáil plead insanity
" Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.
achainí pleading
" ” Ach cad a déarfadh sí dá dtiocfadh Eamon Gilmore féin anuas ar a dhá ghlúin ag achainí uirthi glacadh le hainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre mar iarrthóir? “Déarfainn nach bhfuil suim agam ann.
impí pleading
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Gaeltacht Milwaukee Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
áitíonn pleads
" Foilsíodh a leabhar, Under a Mushroom Cloud: Europe, Iran and the Bomb, i 2009, ina áitíonn sé ar Eorpaigh cosc a chur ar chlár núicleach na hIaráine.
impigh pleaded
" ” Ar 13 Deireadh Fómhair, 2009, tharraing Joshua Rhett Miller aird ar “phaidir” a scríobh al-Khattab inar impigh sé ar Dhia na Giúdaigh a mharú.
ímpím I plead
" Muna bhfuair, ímpím ar an IFI, nó ar an Light House an t-easnamh sin a leigheas, más easnamh é.
impím I plead
" Mar fhocal scoir, impím ar phobal na tíre maithiúnas a thabhairt agus seans eile a thabhairt dúinn.
achainíonn he pleads
" Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
ag impí ar pleading
" D’eisigh siad ráiteas ar an lá náisiúnta ag impí ar pharlaimint na hAstráile *“to commence the process to design a truly Australian national flag”*.
ag impí pleading
" Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
D‘impigh pleaded
" D‘impigh an freasúra ar an rialtas Réiteach an Aigéin Chiúin a chur i bhfeidhm an athuair.
ag impí air pleading with him
" D'fhreastail an tUas Mac Gabhann ar an scoil chéanna leis an iar-Thaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus sheol sé litir phearsanta chuige ar an 20 Nollaig 1979 ag impí air é a cheapadh ar bhord na heagraíochta nua.
ag tathant ar bhaill pleading the members
" Chuir ceannaire na droinge seo, Newt Gingrich, cáipéis amach ag tathant ar bhaill den Pháirtí Poblachtánach cur síos ar na Daonlathaigh mar "fealltóirí", "fímínigh", "coirpigh", agus a leithéid.
d’impigh siad ar they pleaded
" Ach d’impigh siad ar an uachtarán brostú leis na beartanna chun deireadh a chur le réimeas Hussein sula ndéanfadh sé tuilleadh dochair dá “gcairde Iosraelacha” agus do Mheiriceá féin.
Impíonn pleads
" Impíonn an suíomh idirlín ar dhaoine a lámh a shíneadh amach agus an dearcadh a scaipeadh.
rinne siad achainí ar they pleaded with
" Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.
ag impí ar pleading with
" Scríobh feidhmeannach de chuid an Ombudsman ar ais ag impí ar an Roinn iarracht a dhéanamh an obair seo a chríochnú roimh shaoire an tsamhraidh.
ag tathaint uirthi pleading with her
" Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach being thrown out as against being pleaded to come in
" An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach ================= Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
d’impigh sé orainn he pleaded with us
" Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár ar caitheadh mé isteach ann riamh.
bheith ag tathaint orthu to be pleading with them
" Caithfidh siad daoine eile a ghortú agus ní leor domsa ná duitse a bheith ag tathaint orthu gan a bheith eascairdiúil agus ionsaitheach.
impí ar to plead with
" Theastódh an cás a dhéanamh go gonta san aighneacht agus impí ar Airí Cultúir na hEorpa, treoracha a leagan síos do Rialtas na hÉireann faoi chaomhnú na Gaeilge sa gcuid sin den Eoraip ina bhfuil sí fós á labhairt.
go ceann trí lá d’ímpigh siad they plead for three days
" Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí lá d’ímpigh siad is d’impigh siad orm *Minecraft* a insealbhú ar an iPad s’agamsa.
Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór while he pleaded with his almighty father
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
ag impí air srian a chur ar pleading that he curtail
" *’ Dronga Coirpeach ======== Sa bhliain 1928 chuaigh toscaireacht de mhinistéirí go dtí an Rúnaí Baile, Sir William Joynson-Hicks, ag impí air srian a chur ar líon na nÉireannach a cheadófaí isteach go hAlbain.
d’impigh sí ar a deartháir she pleaded with her brother
" Thug deirfiúr an Phríomh-Aire le fios go bhfuil sise ag súil go mór leis an lá a mbeidh cead acu pósadh agus d’impigh sí ar a deartháir gan dúshlán a thabhairt ar acht an ACT.
Mar sin achainíonn sé orainn so he pleads with us
" Mar sin achainíonn sé orainn gach saghas dearadh a dhéanamh i gcónaí dóibh siúd nach bhfuil radharc na súl acu.
comhairleoirí ag impí air councilors pleading with him
" Casadh an taoide ina choinne, áfach, agus thosaigh comhairleoirí ag impí air an suíochan a ghéilleadh.
ag impí ar pleading with
" Chuige sin bhí an litir ag impí ar Dinny Mc Ginley rud éicint fiúntach a dhéanamh sa dhá bhliain atá fanta aige in oifig lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe sa rialtas ‘go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige’.