Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Plean Straitéiseach strategic plan
" Plean Straitéiseach don chúig bliana atá romhainn.
Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht Implementation Plan of Policing
" Tá maíte ag Gerry Adams gur ghlac an SDLP an cinneadh glacadh leis an Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht le "fíoruisce glas" (focail s'agamsa) a chur idir iad agus Sinn Féin.
bPlean Náisiúnta Éigeandála the National Emergency Plan
" Fillfidh mé ar an gceist a chuir mé níos luaithe, mar sin: cé chomh réitithe is atá an tír seo chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach ag Sellafield? Chuir Joe Jacobs scanradh ar a lán nuair a labhair sé ar chlár Mharion Finucane anuraidh faoin bPlean Náisiúnta Éigeandála.
phlean gníomhaíochta náisiúnta national action plean
" Cheana féin tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis an gcoiste stiúrtha atá ag ullmhú phlean gníomhaíochta náisiúnta an rialtais maidir le ciníochas.
pleananna forbartha development plans
"pleananna forbartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an mbaile freisin.
plean cuimsitheach comprehensive plan
" Ach creidim má tá an Cumann Lúthchleas Gael le bheith dáiríre faoi scaipeadh agus leathnú an chluiche go gcaithfidh siad plean cuimsitheach a chur le chéile a chinnteoidh é sin.
Chloígh mé go docht lena bplean I stuck rigidly to their plan
" "Chloígh mé go docht lena bplean, ach níor oibrigh sé.
mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath if an action plan isn't implemented soon
" Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
agus an plean iompair á sheoladh aige when he was launching the transport plan
" Ceist thábhachtach í seo a bhaineann go dlúth le fás agus forbairt an aontais sna blianta atá romhainn, mar a dúirt Romano Prodi, uachtarán Choimisiún na hEorpa, agus an plean iompair á sheoladh aige.
plean caomhnaithe conservation plan
" Chuir an rialtas plean caomhnaithe os comhair na parlaiminte a mhéadódh an céatadán den Mhórsceir Bhacainneach a mbeadh cosc iomlán ar iascaireacht ann ó 4.
go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm that this plan will be enforced
" Tá chuile chosúlacht ann go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm taobh istigh de shé mhí mar go n-aontaíonn an freasúra (an Lucht Oibre agus na Australian Democrats) leis.
plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach to implement the Hanly plan effectively
" Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
pleananna forbartha development plan
" Seo cuid den obair a bhíonn ar bun agam: ag plé le húsáid, riar agus cúrsaí airgid an Árais; ag stiúradh an Tionscadail Ghaeilge (atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge); bainisteoireacht scéim FÁS; ag plé le Club Áras na nGael; agus ag plé le pleananna forbartha an Árais.
phleananna forbartha development plans
" Cúrsaí pleanála ======= Ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht de, beidh Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh anailíse ar phleananna forbartha na rialtas áitiúil agus tá Aneurin Philips, Príomhfheidhmeannach Pháirc Náisiúnta Snowdonia, ag teacht chun taithí na Breataine Bige i leith cúrsaí pleanála a roinnt linn.
plean forbartha na Comhairle the Council's development plan
" ) Leis an nasc láidir atá againn le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas cheana féin, go láidreofaí plean forbartha na Comhairle chun aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí pleanála sa chontae.
plean éigeandála emergency plan
" Arís, ní raibh plean éigeandála ag na póilíní, bhí siad gan mhaith.
chun ár bplean gníomhaíochta a chur i gcrích to implement our action plan
" Cé go bhfuilimid fíorbhuíoch as an tacaíocht seo ní leor í chun ár bplean gníomhaíochta a chur i gcrích.
plean fadtréimhseach long-term plan
"plean fadtréimhseach againn a mbuilimid ag cur leis bliain i ndiaidh bliana.
forbraíodh plean nua a new plan was developed
" (BRL) agus, de réir a chéile, forbraíodh plean nua a leagfadh bunchlocha an cheantair athnuachana.
Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh* Implementing The Information Society In Ireland: An Action Plan
" Sa cháipéis Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh*, a foilsíodh i 1999, mhaígh an Rialtas go mbeadh Éire sa deich faoin gcéad is airde i measc na dtíortha san Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip (ECFE) ó thaobh úsáid leathanbhanda roimh 2005.
pleananna cuimsitheacha comprehensive plans
" ) Réitigh Bord Sláinte an Iarthair pleananna cuimsitheacha don áit, faoina dtógfaí ospidéal nua pobail le 50 leaba.
bpleananna cathrach municipal plans
" Agus an scéal á insint, faigheann muid amach go raibh ról lárnach, a tharraing amhras uaireanta, ag Boss Tweed agus an *Machine *Daonlathach Éireannach i Nua-Eabhrac i gcur i dtoll a chéile na bpleananna cathrach as ar eascair an córas a chuaigh i mbun seirbhíse i 1904.
plean straitéise strategic plan
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? D'fhorbair an COGG plean straitéise do 2003/4 agus baineadh amach formhór na spriocanna a leagadh síos ann.
phlean straitéiseach strategic plan
" “Ní rud nua le rá é seo, ach níl aon phlean straitéiseach ag an Fhoras.
plean comhréitigh compromise plan
" Níl aon ghlacadh le guth an easaontóra, is cosúil, sa ghluaiseacht phoblachtánach! Is é an pointe is mó atá ag tarraingt airde ar an leabhar ná go raibh ceannasaithe na bpríosunach sa Cheis Fhada toilteanach glacadh le plean comhréitigh a bhí á thairiscint ag gníomhaire de chuid Rialtas na Breataine (“an dreapadóir sléibhe” mar a tugadh air) ach gur dhiúltaigh an Ard-Chomhairle taobh amuigh den phríosún glacadh leis an tairiscint.
plean forbartha teanga language development plan
" Cá huair a bunaíodh Togra Mhaigh Eo (TME) agus cé a bhunaigh é? Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002.
pleananna gearrthéarmacha short-term plans
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Cad iad na pleananna gearrthéarmacha atá agaibh? Tá réimse leathan oibre i gceist.
go raibh rath ar an phlean sin that that plan succeeded
" ” Tá áthas orm a rá go raibh rath ar an phlean sin, gur tháinig biseach ar an othar i ndiaidh tamaill.
plean éigeandála emergency plan
" Tá rialtas na hAstráile tar éis a rá go bhfuil plean éigeandála acu don ghalar má bhíonn aicíd fhorleatach ann.
plean gnó business plan
" “Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.
plean straitéiseach strategic plan
" An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do chóras iompair na hÉireann.
plean cuimsitheach comprehensive plan
" Chuireamar béile síos agus thosaigh ag cur plean cuimsitheach le chéile don chúig lá taifeadta a bhí eagraithe againn.
plean gníomhaíochta action plan
" Reáchtálfar ballóid i measc bhaill an GPA chun údarás a thabhairt don bhuanchoiste maidir le plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm a rachaidh chomh fada le aistarraingt “seirbhíse” (i.
faoin Phlean Forbartha Náisiúnta under the National Development Plan
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?*** Faigheann muid ár mbunmhaoiniú ó Rannóg Gnóthaí Ógra na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000 – 2006.
tá plean straitéiseach á fhorbairt againn we are developing a strategic plan
" Tá muid i mbun idirbheartaíochta leis an Roinn ina leith seo agus tá plean straitéiseach á fhorbairt againn i láthair na huaire chun fadhb seo an easpa maoinithe a réiteach.
i dtaca le pleananna forbartha as regards development plans
" Dar leis go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhpháirtíocht láidir idir an pobal, an Roinn agus an tÚdarás i dtaca le pleananna forbartha as seo amach.
plean sláinte uilíoch universal health plan
" Baineadh tuisle as iarrachtaí Clinton plean sláinte uilíoch a bhunú sa tír, agus, treisithe ag seo, dhírigh an grúpa ar phleananna chun cumhacht iomlán a fháil i Meiriceá agus, i bhfad na haimsire, b'fhéidir ar an domhan féin.
plean den scoth an excellent plan
" Cúig bliana ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh plean den scoth acu: thógfadh Airbus eitleán ollmhór nua, an ceann is mó ar domhan, a mbeadh breis is 500 suíochán ann.
sa Phlean Forbartha Náisiúnta in the National Development Plan
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
tá éirithe go seoigh leis an bplean. the plan has succeeded wonderfully.
" Agus tá éirithe go seoigh leis an bplean.
faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Bochtaineachta agus an Eisiata Shóisialta. under the National Action Plan against Poverty and Social Exclusion.
" Tá imeachtaí spóirt i gceist i measc na ngníomhaíochtaí sin agus tagann siad i gceist faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Bochtaineachta agus an Eisiata Shóisialta.
Bhí gá le plean nua. A new plan was needed.
diúltaíodh do phlean Bloomberg Bloomberg's plan was refused
" I rith na seachtaine céanna ar diúltaíodh do phlean Bloomberg maidir le táillí plódaithe, tharla pléascadh ollmhór ar Shráid 42, atá i gcroílár Manhattan in aice le Grand Central Station, nuair a bhris galphíopa faoin tsráid.
pleananna agus forbairtí a chur i gcrích to carry out plans and developments
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
plean forbartha development plan
" Dhréachtaigh CLG plean forbartha i gcomhair Chomhairle na Breataine i mbliana, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Chomhairle CLG in Éirinn agus ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
ina bPlean Forbartha in their development plan
" Ar ndóigh tá caomhnú na teanga luaite mar aidhm ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina bPlean Forbartha agus tá a leithéid de chleachtas ag teacht salach ar an aidhm sin.
ina bPlean Gnó in their business plan
" Níor bhain *Lá Nua* amach an sprioc 8,000 cóip laethúil a chuir siad rompu ina bPlean Gnó i 2003 agus is deacair teacht ar an nuachtán sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre.
le plean don chathair nua a choimisiúnú to commission a plan for the new city
" Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912.
Plean geoiméadrach geometrical plan
" Plean geoiméadrach ab ea é agus tá na hinstitiúidí náisiúnta suite sa cheantar ar a dtugtar an triantán parlaiminteach.
chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae. to undertake a language plan for each county.
" Mar shampla, chuir Conradh na Gaeilge iarratas faoi bhráid an Fhorais roimhe seo le maoiniú a fháil chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae.
Táthar ag diúltú do na pleananna móra the big plans are being refused
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
caitheadh an plean i dtraipisí the plan was consigned to the scrap heap
" Sa deireadh, caitheadh an plean i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla, an feachtas ina choinne a bhí ar bun ag Roche agus daoine eile ina measc.
plean ciallmhar soiléir sensible clear plan
" Má tá plean ciallmhar soiléir acu, níor chuala mise faoi.
plean spreagtha an incentive scheme
" Agus na rudaí seo ar siúl, mhol Obama plean spreagtha don tír a chosnódh an rialtas $787 mbilliún dollar.
phlean buile crazy plan
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
bplean fuadaithe agus dúnmharaithe a plan to kidnap and murder
" Nuair a d’fhoilsigh Kevin Myers ar an 19ú Nollag 1989 an bhréag go raibh lámh ag Traolach Mac Suibhne, athair Mháire, i bplean fuadaithe agus dúnmharaithe Easpag Caitiliceach Chorcaí, ní shásódh aon ní eile Máire Óg, bean na dtrí go leith scór an uair sin, ach iarraidh ar a mac Cathal í a thabhairt i láthair an Uas.
chur i bhfeidhm na bpleananna sin the implementation of those plans
" Beidh orthu fosta maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin.
plean sásúil curtha i dtoll a chéile a satisfactory plan put together
" Is ar an Roinn a thitfeadh an cinneadh, mar shampla, ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht mura mbeadh plean sásúil curtha i dtoll a chéile ag an phobal ann.
De réir pleananna forbartha na comhairle féin according to the council’s own development plans
" De réir pleananna forbartha na comhairle féin, is ceantar é seo a gcaithfeadh aon fhorbairt a dhéanfaí ann a bheith ag teacht leis an tírdhreach.
mbeidh múnla nó plean áit éigin there’ll be a template or plan somewhere
" Tá eagla orm go mbeidh múnla nó plean áit éigin a sheolfar amach chuig gach duine, go ndéarfaidh siad leanaidh oraibh anois, sin an rud atá le déanamh agus i gceann fiche bliain, beidh fiche cúig fán gcéad níos mó daoine ag labhairt Gaeilge.
Plean Gníomhaíochta action plan
" Ar an 14 Aibreán 1983, d'fhoilsigh an eagraíocht stáit Bord na Gaeilge (réamhtheachta Foras na Gaeilge) Plean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge.
faoi mholtaí an phlean about the plan’s recommendations
" ’ Tugadh cuireadh d'achan roinn rialtais a gcuid tuairimí a nochtadh faoi mholtaí an phlean sular foilsíodh é agus ní haon áibhéil a rá gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig mar thoradh ar an iarratas sin.
ach an Plean Gníomhaíochta ‘do fhoghlaimeoirí malla just an action plan for slow learners
" Deis chaillte go cinnte, mar i gcead do Shéamus Mallon thiocfadh leat a rá nach bhfuil ins an Straitéis Fiche Bliain ach an Plean Gníomhaíochta ‘do fhoghlaimeoirí malla’.
plean soiléir nó beartais chruinne acu a clear plan and accurate policies
" Léirigh an feachtas sin nach raibh plean soiléir nó beartais chruinne acu i dtaobh leasuithe polaitíochta.
plean iompair phoiblí public transport plan
" I mí na Samhna 2005, d’fhoilsigh comhrialtas na linne sin in Éirinn Transport21, plean iompair phoiblí don deich mbliana ina dhiaidh sin.
an plean ar thángthas air the plan which came about
" Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
siar ar phlean cuimsitheach back at a comprehensive plan
" Amharcann Breandán Delap siar ar phlean cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i réimsí poiblí a foilsíodh tríocha bliain ó shin.