Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
earnáil phobail community sector
" Cén fhís atá agat féin don eagraíocht? Ár ndóigh tá muid ar fad ag súil le ré nua anois i gcur chun cinn na Gaeilge agus bheadh chuile shúil agam go mbeadh an earnáil phobail tríd an gComhdháil comhpháirteach le Foras na Gaeilge sa ré nua seo.
Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo they American public condone their crimes
" Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad.
ghníomhaithe pobail community activists
" Beidh ar mhuintir an chontae féin, idir údaráis áitiúla, thionsclóirí, ghníomhaithe pobail agus eile a theacht le chéile luath nó mall le bealaí éifeachtacha, eacnamúla agus glana a aimsiú le soláthar leictreachais den ardghrád a thabhairt chun an chontae.
fhórsa péas pobail community police service
" "Ba mhaith liom sibh bhur dtacaíocht a léiriú don fhórsa péas pobail ab fhearr ar domhan - na B-Speisialaigh," a dúirt sé.
tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad the nationalist community will abandon them
" Mura dtig le páirtí Hume agus Mallon a thaispeáint go soiléir gur féidir leo athruithe bunúsacha in iompar an RUC a bhaint amach on taobh istigh, tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad - go háirithe an t-aos óg sin atá ag cruthú todhchaí rathúil do Shinn Féin.
oibrí pobail community worker
" Creideann an t-oibrí pobail gur léiriú é seo ar saghas míleatú i ndearcadh an Lucht Taistil.
eagraíocht phobail community organisation
" Tá Cora ag obair mar oifigeach airgeadais in eagraíocht phobail i lár na cathrach.
fhorbairt pobail community development
" Anuraidh bhí an ardteicneolaíocht mar théama againn agus i mbliana bhíomar ag breathnú ar fhorbairt pobail.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
conradh poitigéara pobail community pharmacist contract
" Má osclaítear ceann ní bhíonn an Stát sásta conradh poitigéara pobail a thabhairt di.
ionad pobail community centre
" Ba mhaith leo ionad pobail a thógáil a mbeadh áiseanna ann do shuaitheadh coirp de chineálacha éagsúla agus ina bhféadfadh muintir an cheantair imeachtaí sóisialta a reáchtáil.
gníomhaí pobail community activist
" Chinn gníomhaí pobail áitiúil, Maria Gomez, ar chabhrú leo.
oibrithe pobail community workers
" Agus tá aicme bheag nua ann fosta, is í sin na céadta duine (nó b'fhéidir deich míle ar fud na Sé Chontae) atá fostaithe mar oibrithe pobail mar gheall ar phróiseas na síochána.
fhorbairt pobail community development
" Nuair a chuaigh John Robb, iarmháinlia agus bunaitheoir an New Ireland Movement go Baile Monaidh, thosaigh sé ag caint ar fhorbairt pobail.
Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach they didn't take into consideration the unionist community
" Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d'imeodh na Sasanaigh.
áras pobail community centre
" Tá obair mhór déanta ag an gComharchumann ó shin i leith agus tá Ráth Cairn ina bhaile beag anois, ina bhfuil áras pobail agus clubtheach, meánscoil, ionad fiontraíochta, páirc spóirt, siopa, bialann agus ionad taispeántas.
scéim spreagtha pobail community incentive scheme
" Cuirtear imeachtaí eile pobail ar bun agus tá scéim spreagtha pobail i bhfeidhm atá á hurrú ag Údarás na Gaeltachta.
a chur ina luí ar an bpobal to convince the public
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
chun leasa an phobail for the public good
" Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith chun leasa an phobail.
i mbéal an phobail well-known
" Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine.
gradam pobail community award
" gradam pobail ======= As Baile Thiobraid Árann é Denis Maher agus d'fhreastail sé ar an chliarscoil i nDúrlas sular bhog sé go Sasana i 1964, áit a bhfuil sé ag obair ó shin.
pobal ilchultúrtha multi-cultural community
" Théinn go Hull ina áit sin - is cathair mhór í Hull, agus pobal ilchultúrtha inti.
fite fuaite le cultúr an phobail interwoven with the culture of the community
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
i mbéal an phobail being talked about
" Tá an clár taistil "Amú Amigos", a chraoltar ar TG4, go mór i mbéal an phobail le déanaí.
gréasán an phobail the community network
" Sin an fáth go bhfuil gréasán an phobail ag obair gan stad.
phobal aontachtach unionist community
" Cuirtear an chéad mholadh, sin le rá gan rud ar bith a dhéanamh, as an áireamh ar an mbonn nach sásódh sé cuid mhór den phobal aontachtach agus, dá bharr seo, nach gcabhródh sé le Faulkner.
cheannairí an phobail aontachtaigh leaders of the unionist community
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo the needs of this community must be catered for
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
pobal riartha managed community
" " Tá The Villages i seilbh teaghlaigh le daichead bliain anuas agus deirtear san ábhar bolscaireachta gur "pobal riartha" atá i gceist, a bhfuil sé mar sprioc aige cuidiú le daoine "an aisling atá acu maidir le stíl mhaireachtála thaitneamhach, ar phraghas réasúnta" a bhaint amach.
ar mhaithe leis an phobal for the benefit of the community
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghaeláras? Feidhmíonn An Gaeláras ag leibhéal an phobail, ar mhaithe leis an phobal agus, mar sin, is airgead é an maoiniú a fhaigheann muid a théann go díreach le leas an phobail a dhéanamh.
mheon an phobail the public's thinking
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
pobal na tíre a mhealladh to entice the people of the country
" Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne.
go nglacfaí leat sa phobal that you be accepted in the community
" Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, áfach, má tú ag iarraidh go nglacfaí leat sa phobal.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
pobal neamhurchóideach harmless community
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
chun an pobal a chosaint ar ghalair to protect the public from diseases
" Deir an ceardchumann, áfach, gur tugadh isteach an córas cigireachta ar ríomhaire chun an pobal a chosaint ar ghalair ar nós BSE, agus chun "*traceability*"- an focal draíochta úd a bhíonn ar bharr a ghoib ag chuile cheannaitheoir ollmhargaidh - a chinntiú.
i bhfolach ón phobal hidden away from the public
" Ach an ndéanfaidh athruithe sna dlíthe ceadúnúcháin aon difríocht don chultúr ólacháin atá againn in Éirinn? Is cinnte go leanfaidh an t-aos óg orthu ag ceannach dí sna hollmhargaí móra agus á hól sa bhaile nó in áit shábháilte eile, i bhfolach ón phobal.
i mbéal an phobail much talked about
" Ní cheapfá é ó na nuachtáin, ach tá cúrsaí oideachais i mbéal an phobail le tamall anuas.
pobal inmharthana viable community
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
phobail bhundúchasacha communities of native people
" Tá cónaí ar phobail bhundúchasacha fud fad na Nua-Ghuine, pobail atá ag maireachtáil ar a ndóigh thraidisiúnta féin leis na mílte bliain.
mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail I felt the numbing sadness of a people
" Scríobh an t-iriseoir Hugh Lunn: "Chonaic mé an t-imeacht sin, chonaic mé fimínteacht lucht polaitíochta an domhain, mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail agus cine eile ag glacadh seilbhe orthu.
phobail eitneacha ethnic communities
" Cén fath a raibh sé deacair ionadaíocht a fháil don Ghaeilge ar an gcéad dul síos? Le seirbhís ilchultúrtha a bhunú a mbeadh sé d'aidhm aici freastal ar phobail eitneacha na tíre, bhí ar na húdaráis téarmaí agus teorainneacha a shonrú.
thromlach an phobail the majority of the public
" Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.
i mbéal an phobail much spoken about
" Anois tá an bunreacht i mbéal an phobail.
caithfidh siad cruthú dá bpobal they have to prove to their community
" Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh.
éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh the demands of the Irish language community in the north
" Iarradh ar Aled Eirug tuarascáil a scríobh ar an dóigh ab fhearr a dtiocfadh leis "an chraoltóir náisiúnta" dul chun cinn a dhéanamh maidir le freastal ar éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh.
ag oibriú fud fad an phobail operating throughout the community
" "Dá mbeadh 'fíorsheicteachas' le fáil go forleathan," arsa Mike Rosie, "tchífeadh duine é ag oibriú fud fad an phobail.
an phobal leathan the wider public
" Agus ba mhaith liom go mbeadh an scéal ag an phobal leathan fosta.
an phobail aontachtaigh the unionist community
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
phobail eitneacha ethnic communities
" Cén fath a raibh sé deacair ionadaíocht a fháil don Ghaeilge ar an gcéad dul síos? Le seirbhís ilchultúrtha a bhunú a mbeadh sé d'aidhm aici freastal ar phobail eitneacha na tíre, bhí ar na húdaráis téarmaí agus teorainneacha a shonrú.
cumasú pobail community empowerment
" Tá an éabhlóid nádúrtha seo tarlaithe de bharr gur ag plé le cumasú pobail agus buanú teanga atá muid.
fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach language- and community-centred employment
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
scéimeanna fostaíochta pobail community employment schemes
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
pobal dátheangach bilingual community
mhian an phobail aontachtaigh the desire of the unionist community
" Ba cheart gur seo an t-am anois leis an UUP a athchruthú mar chaomhnóir an Chomhaontaithe a shínigh siad i 1998, ach le dul chun cinn an DUP - bunaithe ar mhian an phobail aontachtaigh, a léiríodh sa toghchán - agus an t-athbhreithniú ar an Chomhaontú atá le theacht, ní fios cad é an bealach a mbeidh David Trimble ag iarraidh a thréad a threorú.
ag freastal ar riachtanais an phobail attending to the public's needs
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
thacaíocht an phobail the community support
" "Nuair a smaoiním ar a láidre is atá an Ghaeilge ina lán ceantar go fóill, ar chumas foirfe scríbhneoirí agus iriseoirí na Gaeilge, ar thacaíocht an phobail do na Gaelscoileanna agus ar an meas a thugtar go coitianta don dúchas, díbrím an duairceas agus bím dóchasach arís.
beag beann ar mhian an phobail without regard for the public's wishes
" Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.
i ngan fhios don phobal without the knowledge of the public
" Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.
ar eagla go dtapódh an pobal an deis in case the public seized the opportunity
" Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán.
bá an phobail the sympathy of the community
" Ceann de na conclúidí a dtáinig gluaiseacht na Poblachta air ná gur léirigh an dá bhua seo tacaíocht do "fheachtas na teorann" agus lean siad leo ag scaoileadh agus ag buamáil agus bá an phobail acu, dar leo.
na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail the most talked-about musicians
" Tá amhráin ar an sean-nós ann ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, agus na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag an am - daoine ar nós Tommy Reck, Willie Clancy, Joe Burke, Seán Ryan agus uile.
ionchur ón bpobal input from the public
" Tá comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
Suíomh Gréasáin Gluaise Pobail Community Glossary Website
" Tá an chuma air go n-aontaíonn Microsoft leis an gcur chuige comhoibríoch seo agus is gné lárnach den chlár bunú Suíomh Gréasáin Gluaise Pobail don Ghaeilge ag http://members.
go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail that the Community Glossary project acts
" Dúirt urlabhraí Microsoft go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail mar mheán d'aistriúchán comhluadair ar théarmaíocht theicniúil do theangacha áitiúla éagsúla.
pobal na Gaeilge a mhéadú to increase the Irish-speaking community
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí dhá chuspóir i gceist: pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin; freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.
ag bualadh bob ar an phobal playing tricks on the public
" Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin "chur amú scannalach seo airgid phoiblí" agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.
Le taithí a pobail a léiriú to illustrate the experience of her community
" " Le taithí a pobail a léiriú, d'inis Armie finscéal beag dúinn a chum sí féin: "Tá bean óg ann atá ag obair mar striapach.
an pobal naisiúnach the nationalist community
" Tá ráite ag Robinson, agus an ceart aige, nach mbeadh an pobal naisiúnach sásta dá mbeadh ball den DUP ina Aire Póilíneachta - agus nach mbeadh an pobal aontachtach sásta glacadh le hAire Póilíneachta ó Shinn Féin.
ón bpobal i gcoitinne from the community in general
" Is rud tábhachtach é go dtiocfadh daoine ó cheantair eile chuig Baile Munna mar tugann sin teachtaireacht nach bhfuil an áit scartha amach ón bpobal i gcoitinne, nach bhfuil sé imeallaithe, ar oileán éigin.
i mbéal an phobail well-known
" De bharr na gcomórtaisí freisin, tá na hamhráin ag imeacht, na hamhráin áitiúla ach go háirithe, mar gur fearr le hamhránaithe cloí le hamhráin atá i mbéal an phobail nuair atá siad ag gabháil d'amhrán ar ardán.
bhreithiúnas pobail public judgement
" Ach léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í.
leas an phobail i gcoitinne the benefit of the community in general
" Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
pobal dúchasach a native community
" Tá deacrachtaí bunúsacha ansin mar go bhfuil an daonra deighilte ina dhá leath - pobal dúchasach (47%) agus pobal de bhunadh Indiach (49%), agus coimhlint ghéar eatarthu le tamall maith maidir le cumhacht pholaitiúil.
leas an phobail public interest
" Chuirfeadh Wikipedia i gcuimhne duit nach raibh an t-idirlíon á reáchtáil ar bhonn tráchtála sna blianta tosaigh, agus go raibh tús áite ag leas an phobail seachas ag gnólachtaí móra agus airgead ponc com, agus is faoiseamh mór é ón fhógraíocht ar fad a mbíonn suímh eile breac leo.
pobal iomlán na Trá Giorra the whole Short Strand community
" Is iomaí duine a d'fhágfadh mar sin é, ach tháinig deirfiúracha Robert chun tosaigh agus pobal iomlán na Trá Giorra ar a gcúl ag iarraidh cúitimh, ag maíomh go raibh Sinn Féin agus an IRA ag cosaint na ndaoine a mharaigh Robert.
gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail that the Provisionals were the defenders of the community
" De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana *"IRA = I Ran Away"* a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
pobail lárchathrach city centre communities
" Tá cuid mhór de na pobail lárchathrach scaipthe ar fud na mbruachbhailte móra neamhphearsanta.
ghoill sé go mór ar a bpobal féin it greatly distressed their own community
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
gníomhaí pobail community activist
" Ceardchumannaí agus gníomhaí pobail ab ea é agus bhí banna ceoil Jim Larkin mar gharda gradaim ag a shochraid.
i mbéal an phobail being talked about
" Bhíodar chomh tábhachtach sin – bhíodar i mbéal an phobail ó lá go lá agus bhíodh scéal difriúil fúthu le feiceáil sna nuachtáin chuile lá.
phobal ealaíne an domhain the world art community
" Tugann an *Biennale*, a thosaigh breis is céad bliain ó shin agus a bhíonn ar siúl gach dara bliain, deiseanna, nach bhfuil a sárú le fáil in aon fhéile eile, d’ealaíontóirí a saothar a chur i láthair phobal ealaíne an domhain.
atá i mbéal an phobail that are making the headlines
" Tá an saol sin imithe agus níl aire cheart á tabhairt ar chor ar bith do go leor de sheandaoine na tíre, mar a léiríonn cuid de na scéalta atá i mbéal an phobail le tamall anuas.
ag díriú aird an phobail focusing the public's attention
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
eagraíocht ardiomrá gnó agus pobail a high profile business and civic organisation
" Roimhe sin, d’oibrigh sé mar Uachtarán agus Príomhfheidhmeannach ar an *New York City Partnership*, eagraíocht ardiomrá gnó agus pobail.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
Scéim Ealaíon Phobail Community Arts Project
" Cathain a bunaíodh PCT agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach *Horizon*.
thodhchaí an phobail the future of the community
" (d) Chun tuiscint a fhorbairt, go mór mór i measc daoine óga, ar chomh tábhachtach is atá a n-oidhreacht teanga agus chultúrtha do thodhchaí an phobail.
Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile the Public Network Against Domestic Violence
" Seo iad na príomhimeachtaí agus na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil: Clár ealaíon don óige Campaí samhraidh Féile bhliantúil Iris bhliantúil, *Pléaráca* Geamaireachtaí Clár imeachtaí do dhaoine fásta Turais eolais Cruinnithe eolais Imeachtaí sóisialta Seirbhís taistíl do dhaoine aosta chuig Ionad Lae Ros Muc agus Chamuis Seirbhís taistíl chuig síopaí an cheantair Dé hAoine i gCeantar Ros Muc Seirbhísí oifige – rúnaíocht, cur le chéile CVanna, fótócoipeáil agus facsáil Trealamh fuaime ar cíos Seirbhís leabharlainne agus cibearchaife Tacaíocht do choistí áitiúla atá ag plé le féilte agus imeachtaí áitiúla Páirteach sa Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile Tacaíocht do dhaoine homaighnéasacha agus a muintir 6.
mar uirlís fhorbartha pobail as a community development tool
" Tá féinmhuinín agus féiniúlacht cothaithe ag Pléaráca sa bpobal, ag úsáid na n-ealaíon pobail mar uirlís fhorbartha pobail.
go ndíreofaí aird an phobail that the public's focus would be directed
" Bhí mé den tuairim ag an am a cuireadh Riail 42 ar leataobh go ndíreofaí aird an phobail ar ábhair eile a d’fhéadfadh bheith conspóideach ar nós íocaíochtaí d’imreoirí CLG.
an cultúr pobail communal culture
"an cultúr pobail an-láidir i nGána.
pobal iargúlta remote communities
" Táthar ag súil chomh maith go mbeidh bainisteoirí agus riarthóirí ionad camchuairteanna, mar aon le hoibrithe a bhíonn ag plé le hathfhorbairt pobal iargúlta sa dá thír, ábalta freastal ar Chomharsain Ceilteacha / Cymdogion Celtaidd.
ní hionann suim an phobail agus leas an phobail the public's interest is not the same as public interest
" Níl aon amhras orm ach gur ábhar suime ab ea an scéal seo do chuid mhaith de léitheoirí an nuachtáin sin, ach ní hionann suim an phobail agus leas an phobail.
an cultúr pobail communal culture
"an cultúr pobail an-láidir i nGána.
atá go mór i mbéal an phobail which is high profile
" “Goillfidh sé orm i gcónaí mar gheall ar an stair atá taobh thiar den rud go léir,” a dúirt Joe McBratney, nuair a fiafraíodh de ar chuir sé isteach air bheith ag breathnú ar thriail eile de chuid mhuintir Gotti, atá go mór i mbéal an phobail.
tionscadal pobail community project
" Chuir mé aithne ar na mallaibh ar fhear a bhfuil tionscadal pobail an-suimiúil sultmhar idir lámha aige.
lámh a shíneadh amach chuig an phobal to reach out to the community
" Ba mhaith linn freisin lámh a shíneadh amach chuig an phobal, trasna na teorann san áireamh.