Pota Focal Intergaelic
pet | poem | poit | pont | port
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar fhile é who was a poet
" An nglacfaí le bainisteoir ar ospidéal nach mbeadh cur amach ceart aige/aici ar an leigheas? Féach ar an bhfeabhas a tháinig ar chúrsaí na n-ealaíon nuair a bhí Aire Ealaíon againn ar fhile é.
an Direánach the poet Máirtín Ó Direáin
" Bí id chrann, mar a dúirt an Direánach.
breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire more than two hundred poets, visual artists and scribes
" Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an dá thír.
beathaisnéis an fhile the poet's biography
" ” Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, *Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar*, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.
file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil poet, philosopher, singer and famous musician
" Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil – Bruce Springsteen na Seapáine.
ar file í who is a poet
" Mar shampla, tá cara agam ar file í agus chuaigh mé léi chuig seoladh leabhair i Leabharlann na Filíochta, leabharlann bheag nua in aice leis an Mhíle Ríoga, a chuireann fáilte mhór roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aici nó aige san fhilíocht.
Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise poems by twentieth century poets are included
" Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise mar Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc, mar aon le dánta traidisiúnta ón ochtú agus naoú haois déag agus ortha na tréimhse réamhChríostaí.
i dtaobh na ndánta agus na bhfilí about the poems and the poets
" Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
aos dána poets
" Tá iriseoirí, polaiteoirí, aos dána agus oideachasóirí faoi agallamh – Catherine Foley ón *Irish Times*, an t-amhránaí Áine Ní Cheallaigh, polaiteoirí ar nós Bhairbre de Brún agus Mary Hanafin agus an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen.
file fiáin wild poet
" B'é seo an Bono is fearr – an file fiáin a lean a chroí agus a d'imigh le sruth.
fhile na buile the crazy poet's
" Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
filí poets
" Thosaigh muid sraith caiséidí – guth an ealaíontóra roinnt blianta ó shin, ag taifeadadh gearrscéalaithe, filí agus seanchaithe.
filí poets
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
a chomhfhilí ina sea his fellow poets at their best
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
file ainaithnid anonymous poet
" (file ainaithnid) Tá formhór na ndaoine lán in ann gabháil amach ag siúl chuig an ollmhargadh nó duine níos óige ná iad a sheoladh chuig an siopa chun greim bia a cheannach.
fhíle poet
" Heaney ==== Is le linn na tréimhse seo sna 50í agus é ag tosú amach mar mhúinteoir ealaíne i gColáiste Naomh Muire, Béal Feirste, a chuir sé aithne ar an fhíle óg Seamus Heaney agus thosaigh dlúthchairdeas eatarthu a mhair iomlán a shaoil.
filí poets
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
file poet
" Ar bord chomh maith tá an staraí agus an saineolaí ar logainmneacha, Breandán Ó Cíobháin; an file agus an sárscéalaí Danny Mac an tSithigh as Corca Dhuibhne; Dónal de Barra as an gCláir agus mo chomhbhádóir as Conamara, Ruairí Ó Tuairisg.
file poet
" Aos Ealaíne gan Náire =========== Chaith Ai Weiwei a óige i gcampa sclábhaíochta, nuair a cuireadh a athair, an file Síneach Ai Qing ansin le linn Réabhlóid an Chultúir i 1958.
filí taistil travelling poets
" Ar ndóigh is féidir na filí taistil, leithéidí Raiftearaí, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Mícheál Mac Suibhne sa naoú haois déag á áireamh ina measc freisin.
file poet
" Nuair a casadh dom an file Mile Pesorda i Mainistir Eimhin i 2009, is beag a shíl mé go mbeadh sé ag socrú lóistín dom i Sarajevo an bhliain dár gcionn.
file poet
" Ina measc siúd a bhí mar bhaill den chéad Seanad, bhí leithéidí an Tiarna Glenavy (Aontachtóir a bhí ina Chathaoirleach air), an file W.
d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile one could emphasis the influence of the poet
" Agus foinsí máistreachta Milch á scagadh, d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile Robert Penn Warren air, nó na blianta a chaith sé fé scáth Vicadin agus heroin sna 80idí a luadh, nó na hathruithe móra a chuir sé ar scéalta inmheánacha Hill Street Blues nuair a tugadh post scríbhneoireachta dó ar an gclár don chéad uair.
an file cogaidh the war poet
" “Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: *“I am the enemy you killed, my friend,”* arsa Bean Mhic Róibín.
fhilí na Mumhan the Munster poets
" Déanann teideal an leabhair tagairt don leabhar, Hidden Ireland le Daniel Corkery, a foilsíodh sa bhliain 1924, faoi fhilí na Mumhan san ochtú haois déag.
File poet
" File polaitiúil ab ea Lincoln cé ná raibh ach cúpla mí de bhunoideachas faighte aige i gKentucky agus in Illinois sna 1820idí.
Ba nós le filí na Gaeilge Irish poets habitually
" Cén ‘rud’ a chiallaíonn ‘it’ sa bhfógra seo, más ea? Ba nós le filí na Gaeilge an grá a léiriú mar ghalar sna dánta grá.
nuair a ghoin saighead na seirce an file when Cupid’s arrow struck the poet
" Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí, ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú.
n-aithneodh na filí úd those poets would recognize
" Ní dóigh liom go n-aithneodh na filí úd comharthaí sóirt an ghrá chomhaimseartha, ámh, mar galar de shaghas eile ar fad is ea an grá seo, faraor.
bunaithe ag an bhfile founded by the poet
" Tús na 1970aí bhí saol sóisialta iontach i mBleá Cliath i measc lucht na Gaeilge ag an am: Club an Chonradh faoi lán seoil agus comhluadar den scoth ann oíche ar bith den tseachtain; Tigh Néill ar Rae Muirfean lán go doras ar an Satharn le lucht na cúise ag cur is ag cúiteamh faoin saol agus faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid; club sóisialta eile do lucht na Gaeilge, An Bonnán Buí, bunaithe ag an bhfile Caitlín Maude ar bun ar an Domhnach.
D’aithle na bhFileadh in the wake of the poets
" Ach, mar is eol go maith do Bhalor, laoch na litríochta, tá an bás sin á thuar ón am a scríobh Dáibhí Ó Bruadair ‘D’aithle na bhFileadh’, agus go minic roimhe sin, b’fhéidir.
léite sna canúintí inar chum na filí iad read in the dialects the poets composed them
" Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.
duine d’fhilí oirthear na hEorpa an east European poet
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
bhí trácht lucht éigse agus lucht ceoil anall poets and musicians travelled over
" Iasachtaí Fáin agus Gaeilge na hÁite =========== Sa dara haois déag, le linn do Gruffydd ap Cynan a bhí ina thaoiseach i Gwynedd, bhí trácht lucht éigse agus lucht ceoil anall ó chúige Laighean, agus níos faide anall, aimsir an Drochshaoil casadh Gaeilgeoirí ar an bhfear siúil George Borrow sna sléibhte.
an file the poet
" Bhí daoine ón dara glúin i Learpholl gníomhach sna craobhacha de Chonradh na Gaeilge: daoine mar an file Piaras Béaslaí (1881-1965), agus na healaíontóirí Cesca Trench ( 1895-1918) agus Norma Borthwick ( 1862- 1934).
dalta an fhile like the poet
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
ceapadh file teallaigh a poet in residence was appointed
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
file agus amhránaí iomráiteach a poet and a famous singer
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
Bhí an-tóir ar shaothar an fhile the poet’s work was much sought after
" Cruthú na hÍomhá ======= Bhí an-tóir ar shaothar an fhile, AB ‘Banjo’ Paterson, san Astráil sna blianta deiridh den naoú haois déag agus go luath san fhichiú céad.
File a poet
" Aisling eile réabtha! An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File.
banfhile female poet
" Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon.
file poet
" Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal.
fhile Eabhraise Hebrew poet
" Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
uaigheanna aos na filíochta the poets’ graves
" Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
ina fhile árais as poet in residence
" Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig.